Friday, April 24, 2009

Dán do Mhargaret

Bhí mé go díreach i ndiadh an postáil deireanach a fhoilsiú anseo agus smaoinigh mé ar an dán beag seo a scríobh mé tamall beag ó shin. Is dócha go mbaineann sé le cuid de na tuairimí a bhí á nochtadh agam roimhe seo.


Margaret Maria


Ní liomsa thú a chroí!

 

Cé go bhfuil rian m’aghaidhe

le feiceáil ar do dhreach –

níl aon seilbh agam ort!

 

Cé gur ó mo bhéal

a thabharfaidh tú teanga agus eagna leat –

níl aon smacht agam ort!

 

Cé gur ó mo chroí is ó m’anam

a thabharfaidh tú do dhaonnacht leat –

níl aon srian agam ort!

 

Tá mé mar a bheadh bogha

a lúbann is a ghéilleann

i dtiúin le saighead do shaoil.

Ní thig liomsa a dhath a dhéanamh

ach fuinneamh a chur taobh thiar

de do theilgeadh

is fanacht i do dhiaidh

ag crith.










Margaret ag baint sult as an tsneachta 


3 comments:

  1. Go raibh maith agat, a Ailbhe. Bhain mé an-sult as 'Péacadh' a léamh!

    ReplyDelete
  2. Go hálainn, a Phroinsias. Agus aontaím leat maidir le dánta Ailbhe. Chuala mé í ag aithris ag Éigse an Spidéil. Iontach ar fad an dóigh a scríobhann sí.

    ReplyDelete