Monday, August 31, 2009

Céimeanna Beaga

Oíche aisteach í seo. Bíonn idir aiféala agus faoiseamh ag baint leis an oíche seo i gcónaí, an oíche sula bpillim ar an obair - ní hé nach raibh mo sháith oibre le déanamh agam i rith an tsamhraidh, ach sin scéal eile. Faoiseamh mar go dtagann rialtacht ar ais sa tsaol. Is rud deas í an rialtacht, tá compord ag baint léi. Achan rud ina áit féin, cláir ama, siollabais agus gnáthaimh. Thig le plúchadh a bheith i gceist léi fosta, ar an drochuair. Uaireanta is deas a bheith ábalta briseadh ar shiúl ó na srianta, agus ar an ábhar sin, tá sé rud beag brónach a bheith ag fágáil slán le saoirsí an tsamhradh.
Chuir sé mé ag smaoineamh ar na céimeanna beaga a bhíonn á ghlacadh ag páistí agus iad ag dul i méadaíocht. Thosaigh Cara bheag ag lámhachán trí lá ó shin. Bhí sí ina suí ar an urlár bomaite amháin agus ansin gan coinne, suas ar a ceithre bonnaí léi agus thosaigh sí ag bogadh. Níl aon stop léi anois. Tá an taisteal foghlaimithe aici, agus ní amharcfaidh sí siar. Cúis cheiliúrtha dúinn, dar ndóigh. Bualadh bos mór faighte aici, scairteanna fóin curtha ar sheantuismitheoirí. Ceamara amuigh chun an ócáid mhór a thaifeadadh.
Ach ag an am céanna, tá rud beag bróin ag baint léi fosta, mar ócáid. Tá sí ag bogadh ar aghaidh agus ag fágáil saol an linbh ina diaidh. Is gairid go mbeidh sí ag siúl agus beidh deireadh le céim amháin dá saol, agus dár saol. Sa deireadh ní bhíonn fágtha ach na cuimhní ceamara sin. Ní drochrud é, is dócha. Caithfidh an saol dul ar aghaidh ach bíonn aiféala ann. Bainfidh muid sult as an chéad chéim eile, ach nár dheas iad a choinneáil chomh beag bídeach is atá siad.
Is oíche aisteach í. Deireadh le rud amháin, tús le rud eile. Ní fheicim aon dochar, áfach, seal beag maoithneach a chaitheamh ag amharc siar, cuidíonn sé liomsa ar scor ar bith, tabhairt faoin chéad rud eile a thiocfas i mo bhealach! 

3 comments:

  1. Bain sult as chuile chéim, a chara, agus má bhíonn an t-ádh libh mar atá sé liomsa, beidh na coiscéimeanna ag eachtraíocht de shíor, ach i gcónaí ag filleadh ar ais i bhur dtreo...:-)

    ReplyDelete
  2. Is iomaí rud scríofa faoin ngaol chasta atá againn lenár síol. Ní thig linn ach iarracht a dhéanamh tús mhaith a thabhairt dóibh. Agus is maith ann na cuimhní cinn.

    ReplyDelete
  3. Scríobh Tadhg amhrán faoi mhúinteoir nach raibh sásta filleadh ar an seomra ranga:

    Is múinteoir mé atá faoi bhrón
    Amárach an chéad lá de mhí Mheán Fómhair
    Is beidh an scoil ag oscailt, och ochón
    Ó níl mé ag iarraidh dul ar scoil níos mó.

    ReplyDelete