Tuesday, September 22, 2009

Ag Marbhthráth na hOíche

2 a chlog ar maidin agus an cúigiú dréacht den leabhar beag atá idir lámha agam anseo díreach críochnaithe agam. Níl mé chun níos mó a dhéanamh air. Rachaidh sé sa phost chuig an fhoilsitheoir amárach agus fágfaidh mé faoin eagarthóir a pheann dearg a chur ag obair anois.
Ba chóir go mbeadh lúchair orm, ach bhfuil fhios agat seo, níl ag déanamh bhuartha domh anocht ach Margaret bheag, a bhí ag dul fríd an aibitír liom níos luaithe: A fá choinne asail, B fá choinne bád..... H fá choinne capall! Tá mé ag déanamh go bhfuil an dátheangachas seo ag cur mearbhall ar a hintinn beag.
Deir na saineolaíthe gur cuid nadúrtha den fhoghlaim é seo. 'H fá choinne horse' atá aici ag an chréche, agus go dtiocfaidh achan rud i gceart sa deireadh. Níl ann ach go dtig imní bheag orm i gcónaí ag marbhthráth na hoíche. Tá mé cinnte go mbeidh cuma níos fearr ar rudaí nuair a bheas 4, b'fhéidir 5 huair (má tá an t-ádh orm) codlata faighte agam!

4 comments:

  1. Feictear dom, de réir a chéile, go n-oibreoidh Margaret amach di féin comhthéacs na Gaeilge agus comhthéacs an Bhéarla agus cé leis agus cén áit a labhróidh sí iad. Ná bí buartha. Is iontach an rud í an fhoghlaim. Comghairdeachas.

    ReplyDelete
  2. Tá fhios agam go dtiocfaidh achan rud i gceart ar deireadh. Níl ann ach próiséas atá mise ag dul fríd fosta, nach raibh taithí agam ar roimhe. Tá sé deacair páistí a thógáil le Gaeilge sa Ghalltacht, agus cé go bhfuil na teoiricí agam agus straitéisí agam chun tabhairt faoi, tá gach céim sa phróiséas seo úr domh, agus bíonn imní i gcónaí ag baint le sin! :-)

    ReplyDelete
  3. Bíonn daoine fásta iad féin trína chéile nuair a bhíonn an dátheangachas in úsáid acu go laethúil, a chara. Is iomaí uair focail as Gaeilge istigh sa chaint Bhéarla uaim, i ngan fhios dom féin go gcuirtear ceist orm faoi! Is rud nádúrtha atá ansin, agus níl a dhath ciotach leis, i mo thuairim.

    Anois, má thosaíonn Margaret ag labhairt i dteanga éigin eile nach n-aithníonn tú, sin ceist eile...:-)

    ReplyDelete
  4. Mar a tharlaíonn, bhí sí ag cuntas inné, nuair a thiontaigh sí chugam agus dúirt sí. "Anois, caint Spáinnis". Ansin thosaigh sí ag cuntas go dtí a cúig i Spáinnis!
    Tionchar Dora, sílim!!

    ReplyDelete