Saturday, September 12, 2009

Daonáireamh 1911

Ag baint an-sult le cúpla lá anuas as a bheith ag cuartú fríd Daonáireamh 1911, a cuireadh ar líne ar na mallaibh. Áis iontach, d'aon duine a bhfuil suim acu sa stair chlainne nó sa stair shóisialta. Is iontach liom go bhfuil sé saor in aisce le húsáid, go háirithe in aimsir seo na gciorruithe.
Tá mo chuid daoine muinteartha uilig aimsithe agam faoin am seo, agus rud nó dhó foghlaimithe agam fúthu nach raibh ar eolas agam roimhe seo.
Bhí ceist amháin ar an fhoirm, áfach, a léim amach orm:

"If deaf and dumb; dumb only; blind; imbecile or idiot; or lunatic ... write the respective infirmities opposite the name of the afflicted person."

Cén fáth go mbeadh a leithéid d'eolas de dhíth?

Is duine mé nach raibh mórán aird aige riamh ar an cheartaiseacht pholaitiúil, ach caithfidh mé a rá, i ndiaidh domh an cheist sin a léamh, go bhfuil mé ag teacht ar an tuairim go mb'fhéidir go bhfuil feidhm bheag léi...

8 comments:

  1. Tá mé réasúnta cinnte nach mbeadh fáilte rompu siúd ag Ellis Island ach oiread.

    ReplyDelete
  2. Is dóigh liom gur tearmaí teicniúla ab ea iad san san am, seachas maslaí. Agus cion is gur uirlís pleanála atá i nDaonaireamh, agus go mbeadh cuidiú de dhíth ar dhaoine foi mhachaill, behadh gá leis an eolas.

    Sin an deacracht le ceartas pholaitiúl - éiríonn doain ró íogair faoi thearma amhain, agus ansin tagann droch bhrí leis an tearma nua, agus mar sin de.

    ReplyDelete
  3. Nuair fuair mé morgáiste uair amháin, bhí ionadh orm go raibh orm bosca a líonadh ag rá go raibh mé bán / gorm / Native American / etc. Is cosúil go bhfuil an t-eolas seo ag teastáil ón rialtas le dearbhú nach bhfuil na bancanna ag déanamh leithcheal ar dhaoine nach bán iad.

    ReplyDelete
  4. Féachaigí ar an dara duine san fhoirm seo!

    http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002480479/

    ReplyDelete
  5. Ah. Feicim anois. Peig Sayers atá i gceist, nach ea? Bhí dearmad déanta agam go raibh sí pósta le Guithíneach.

    Cás eile den rud a bhí i gceist ag Michal.

    ReplyDelete
  6. Hi, A Phroinsias, is fada an lá ó bhuail mé leat. Ón uair dheireannach feicim go bhfuil tú pósta agus triúr clainne ort. Méanar dhuit, a bhuachaill. Chomh maith leis sin (post fíorthabhachtach tuirsiúil eile ar ndóigh) feicim go bhfuil tú thar a bheith gnóthach - ag scríobh, ag tógáil tí agus na mílte rudaí eile! Táim in éad le do chuid bhrí. Chomhgháideas fosta ar an méid scríbhneoireachta cruthaitheach atá déanta agus ata fós idir lámha agat agus ar an méid dhe ata foilsithe agat! Lean ar aghaidh leis an dea-obair! Ní fhaighim féin am go leor don scríobh ach a bheith ag iomeacht le sruth ó rud amháin chuig rud eile. I láthair na huaire taim tar éis tosú ar chúrsa Dioplóma sa mhúinteireireacht acmhainne i gColáiste Phádraig anseo i mBleá Cliath. Déanfaidh mé deimhin de do bhlag a léamh chun guth fíorbhinn Áranna a chlos aríst! Slan agus beannacht,
    Tim.

    ReplyDelete
  7. Cinnte Tim. Deas scéal a fháil uait. Tá súil agam go bhfuil achan rud ag dul go breá i Joey's.
    Ní fhaca muid tú in Árainn le tamall maith anois, caithfidh tú cuairt a thabhairt orainn am inteacht. Idir an dá linn, beidh teagmháil de chinéal inteacht againn anseo!

    ReplyDelete