Tuesday, September 8, 2009

Galar an Ghrá?

Seachtain ghnóitheach curtha díom, a choinnigh mé ar shiúl ón bhlag seo. Sin ráite, bhí mé ag coinneáil súil ghéar ar a bhí ag titim amach ann. Tá ceann de na gutháin sin agam a bheireann an t-idirlíon domh i mo phóca, agus bím i gcónaí ábalta fanacht 'suas chun dáta' le gach a bhfuil ag dul ar aghaidh. 
Chaith muid an oíche i nGort an Choirce Dé Sathairn ag bainis. Beirt as Árainn a phós, agus mar is gnách, tháinig siad amach go tír mór fá choinne na bainise. Cé go bhfuil teach pobail galánta againn, níl an t-óstán thar moladh beirte, go háirid nuair a thig sé chuig bainisí.
Ar scor ar bith, tharla mé taobh amuigh den óstán ag caitheamh toitín, nuair a thug mé scuaird fóin isteach ar an bhlag. Ba é an cheist a d'ardaigh Tim a tharraing m'aird. "Cad is grá ann?" Caithfidh sé go raibh atmaisféar an ghrá ón bhainis ag dul i bhfeidhm orm, mar d'fhan an cheist liom. Le bheith fírinneach, tá freagra na ceiste sin á lorg agam le fada. Tá mórán sainmhínithe feicithe agus cloiste agam. Tá fealsaimh, filí agus diagairí léite agam ag iarraidh teacht ar bhunús an ghrá. 
Sílim gurb é an ceann is fearr atá feicithe agam ná rud a scríobh Louis de Berniéres ina leabhar "Captain Corelli's Mandolin". Níl a fhios agam an aontódh mórán daoine liom. B'fhéidir go bhfuil a shainmhíniú féin ag achan duine.
Seo é ar scor ar bith. Fágfaidh mé sa Bhéarla é:

"Love is a temporary madness, it erupts like volcanoes and then subsides. And when it subsides you have to make a decision. You have to work out whether your roots have so entwined together that it is inconceivable that you should ever part. Because this is what love is. Love is not breathlessness, it is not excitement, it is not the promulgation of promises of eternal passion, it is not the desire to mate every second minute of the day, it is not lying awake at night imagining that he is kissing every cranny of your body... That is just being "in love", which any fool can do. Love itself is what is left over when being in love has burned away." 

6 comments:

  1. Tá ciall leis sin.

    Ach tá níos mó ná grá amháin ann pé scéal. Tá ceist an ghrá á chíoradh le fada - agus ceithre ghné ag dul leis sa Ghréigís.

    Scríobh C.S. Lewis Leabhar faoin gCeithre Ghrá - taithneamh, cairdeas, grá collaí agus Grá Dé. (Storge, Philia, Eros agus Agape).

    Achoimhre ag Wikipedia anseo

    Ach b'é abhreith féin ag deireadh nach féidir na gneithe a scoilteadh.

    ReplyDelete
  2. Cad d'imigh ar an nasc?
    Seo arís é
    http://en.wikipedia.org/wiki/The_Four_Loves

    ReplyDelete
  3. Maidir le "suas chun dáta", a chuir tú idir lúibíní, mhol duine éigin "fanacht céim ar chéim le" uair amháin. Agus maidir le téama an ghrá, tá ciall leis sin, mar a dúirt Aonghus.

    ReplyDelete
  4. Tá an leabhar sin léite agam, a Aonghuis. Ní raibh mé riamh sásta leis an idirdhealú a rinne na Gréigigh ar an ghrá. Deacair rud chomh casta leis a rangú mar a rinne siad.
    Agus an rud eile, sílim féin go bhfuil amanna ann nuair a thig an 4 chinéal grá atá luaite agat uilig le chéile go pléascach.
    Dála an scéil, an tuigbheáil a bhí agamsa ar 'agape' nó 'grá neamhchoinníollach' - tá mé ag caitheamh m'intinn siar roinnt blianta anois, d'fhéadfainn a bheith contráilte. Is dócha gur cinéal 'Grá Diaga' é sin ar scor ar bith!

    ReplyDelete
  5. Ní grá neamhchoinníolach go grá Dé dúinn!

    Bhíos ag aistriú liom. Sin an tuiscint atá agam ar Agape freisin.

    Bíonn an deacracht ann riamh agus anailís a dhéanamh ar rud chasta - caithfear idirdhealú agus simpliú a dhéanamh, ach ní bhíonn iomlán na Fírinne le fáil ar an mbealach sin.

    ReplyDelete
  6. Bhiomar ag caint ar an briseadh caife ar maidin faoin difríocht idir "making love" agus "havinfg sex".Duirt duine amháin sa comhluadar gur bheith phósta an difríocht eatartha, saghas ciniciúil ar ndoigh!!!!

    ReplyDelete