Thursday, September 10, 2009

Ná bí ag caint liom!

Tá nós agam na páistí a cheistiú faoin lá a bhí acu ag an Chréche, nuair a bhailím iad ag deireadh an lae. 
"Caidé rinne sibh inniu?"
"Raibh tú ag dathú isteach?" etc etc
Ceisteanna beaga simplí chun iad a chur ag comhrá, agus chun a dhéanamh cinnte de nach dtiteann siad ina gcodladh sa charr ar an bhealach abhaile - rud a chuireann gnáthamh na hoíche bun os cionn!
Thosaigh mé mar is gnáth, ach fuair mé freagra borb ó Dan:
"Ná bí caint liom!"
"Caidé?" a dúirt mé. Ní raibh mé cinnte ar chuala mé i gceart é.
"NÁ BÍ CAINT LIOM!"

An é seo tús na mblianta reibiliúnacha? 

2 comments:

  1. Thuas seal, thíos seal. Bimíd uilig ar bheagan focal nuair atá tuirse orainn. Tá gá acu le suaimhneas chun proiseáil a dhéanamh ar imeachtaí corracha an lae.

    ReplyDelete
  2. Go maire tú lá na fírinne ó bhéal do pháistí, a chara!

    ReplyDelete