Wednesday, September 16, 2009

Níl aon tinteán!

B'fhéidir go bhfuil rud beag den Obsessive-Compulsive (éigníoch-dúghafach???) ionam, ach nuair a thugaim faoi rud, is maith liom é a bheith déanta i gceart agus in am. Má tá spriocdháta ag teannadh, fanaim i mo shuí go dtí 4 nó 5 ar maidin, ag déanamh cinnte go bhfuil cibé ní atá idir lámha agam críochnaithe in am. Tuigeann mo bhean bhocht, go mbíonn amanna áirithe ann, nuair a bheas an leaba aici féin don oíche, don chuid is mó den oíche cé bith! (Ní shílim go mbíonn sí ag gearán mórán)!
Cuireann sé isteach orm, mar sin, nuair nach mbíonn an díograis chéanna i ndaoine eile. Bhí an tinteán le cur isteach i mo theach úr inniu. Os i Leitir Ceanainn atá muid na laethanta seo, b'éigean domh scairt a chur ar mo dheartháir céile in Árainn, chun scéal a fháil raibh achan seort i gceart. Ní raibh tásc nó tuairisc ar lucht an tinteáin. Níor tháinig siad isteach ar chor ar bith! Jab eile ar siúl agus dearmad déanta acu den choinne a bhí acu liomsa. Gan fiú scairt curtha acu orm. Ní raibh mé sásta.
Síos liom chuig an siopa atá acu anseo i Leitir Ceanainn. Bhí iontas an domhain ar an bhean bhocht ag an deasc nuair a d'inis mé dithe go raibh siad le bheith in Árainn inniu. Ní raibh an bas istigh. D'fhág mé uimhir, agus tamall beag ina dhiaidh sin, fuair mé scairt ag gabháil achan chinéal leithscéil liom agus ag tabhairt mionn os comhair Dia na glóire go mbeadh siad ar an chéad bhád Dé Luain!
Níorbh é sin deireadh mo chuid trioblóidí. Tá - bhí - an chistineach in ainm is a bheith a dhul isteach an tseachtain seo chugainn, ach anois ní thig leo í a chur isteach go dtí go mbeidh an teas ar siúl. Ní thig leis an pluiméir an teas a chur ar siúl go dtí go mbeidh an leictreoir réidh agus ní bheidh an leictreoir réidh go dtí go bhfaigheann sé dáta ó BSL. Níl an fear cuí i mBSL ag tabhairt freagra ar a ghuthán san am i láthair!  Beidh lucht na cistineadh ag cur scairt orm amárach ag lorg dáta nua, agus níl sé agam go fóill. ÁÁÁÁÁÁ.
Shíl mé go raibh cúlú eacnamaíochta ar siúl agus go raibh oibritheoirí ag titim thar a chéile ag cuartú oibre! Níl fhios agam an mbíonn na fadhbanna céanna ag daoine a bhíonn ag tógáil tithe ar tír mór!
Ar scor ar bith, bíodh an diabhal ag an Obsessive-Compulsive, tá mise chun an t-ualach oibre atá ar mo dheasc a fhágáil ansin go maidin. Tá Suzanne ag éirí ró-chleachtaithe leis an leaba dúbáilte a bheith aici féin agus... bheul, tá mise ag éirí fuar i mo shuí anseo!
 

5 comments:

  1. Seanscéal é sin, faraor. Ní bhíonn aon teach -- ná aon chistin ná aon seomra folctha athchóirithe -- réidh ar an lá a dúradh leat ar dtús. Míorúlit a bheadh ann dá mbeadh agus ní bheidh a leithéid de mhíorúilt ann go deo na ndeor sa saol ina bhfuilimid beo. Tá seantaithí ar an obair seo. Creid uaim é, is dlí cosmach é. Ó, na scéalta atá agam! Níos measa fós, táimid díreach tar éis conradh a shíniú leis an gconraitheoir atá ag obair lenár n-ailtire agus *deirtear* go mbeidh sé ag tosú ar athchóiriú an tseomra aíochta arú amárach. Is maith an scéalaí an aimsir. Agus deir an bheirt acu go mbeidh an t-athchóiriú críochnaithe roimh Lá an Altaithe (.i. 26 Samhain). Meas tú an mbeidh? Ní chuirfinn fiú is Euro amháin air!

    ReplyDelete
  2. Féach an t-alt seo uaim ar mo bhlag, a Phroinsias, ar an ábhar seo:

    http://miseaine.blogspot.com/2009/05/teanga-
    nua.html

    Beidh a fhios agat, nuair a léifidh tú é, go dtuigim go rómhaith do thrioblóid - teanga dá gcuid féin ag na hoibrithe sin...:-)

    ReplyDelete
  3. A Phroinsias, thuigim go maith do thrioblóid.Thrioca bhliain ó thoin bhí conradh agam le contraitheoir a thog mo theach.Tá an t-am go léir i rith na bhliana caite agam ag athchoiriú gach rud a dhein sé, an jab is déanái a dheineas an samhradh seo ná fuinneoga nua a chur isteach.Bhí an oiread sin baisteach agus gaoth ag seideadh isteach ar thaobh na fuinneóige an geimhriudh seo cáite go rabhamar reoite.An fear a dhein na fuinneóga dom theachsa tá sé san Astráil leis na cianta[cuirfeadh sé cat ag gáirí] ag déanamh fuinneóga.Ní seasann muintir tógala riamh lena bhfocal ach ar deireadh thiar thall obair maith seachas obair gasta atá de dhith.

    ReplyDelete
  4. Ná habair sin liom, a John. Dóchas beag atá uaim ag an am seo. Bhí muid ag súil leis an teach a bheith réidh Mí Mheithimh. Tá Dinnéar na Nollag pleanáilte ag Suzanne cheanna féin, agus ní thig liom a dhath a dhéanamh ach na méara a chrosáil agus dóchas beag a choinneáil!

    ReplyDelete
  5. Dinnéar na Nollag! Ach cén bhliain, sin í an cheist...:-)

    ReplyDelete