Wednesday, September 16, 2009

Tá Nana ag teacht!

Tá Margaret bheag s'againne an-tógtha lena máthair mhór. Fanann muid sa teach léi nuair a bhíonn muid istigh sa bhaile agus tig sí ar cuairt chugainn go minic anseo i Leitir Ceanainn.
Bhí mé ag bailiú Margaret ón Chréche ansin ag a haon a chlog agus muid ar an bhealach síos an baile i dtreo an naíonra, mionchomhrá fánach eadrainn, agus an raidió ag spalpadh mór-scéal an lae...NAMA, NAMA, NAMA. Ní raibh ach leathchluas agam air i ndáiríre, go dtí gur cheistigh Margaret mé:
"Daidí, bhfuil Nana ag teacht inniu?"
"Is dócha go bhfuil, a thaiscidh!"
Ní raibh mé cinnte ar chóir domh a bheith ag gáire nó ag caoineadh!

3 comments:

  1. Bhí mé agus mo pháistí i Fota Wildlife Park ar an deireadh seachtaine seo caite agus nuair a chonaic mo mhac (5) na Llamas dúirt sé os ard "Wow! Look at the NAMAs!"

    ReplyDelete
  2. Agus cá bhfios dúinn nach ndéanfadh na Llamas an jab chomh maith céanna, a Dave!

    Níl a fhios ag aon duine an deora nó gáire atá romhainn, a Phroinsias, ach ní dóigh liom go mbeidh mórán de bhoic mhóra na mbanc as póca, cibé scéal é...

    ReplyDelete