Monday, November 2, 2009

Corn Uí Riada

Bhí sé de phribhléid agam a bheith ag obair ag Corn Uí Riada aréir. Ba é an jab a bhí le déanamh agamsa ná na hiomaitheoirí a thabhairt ar chúl ar ardáin, uisce, branda nó cibé rud eile a bhí de dhíth orthu a chur ar fáil dóibh.
Bhí sé an-suimiúil a bheith ag amharc orthu mar iomaitheoirí. An strus agus brú a bhí le feiceáil ar aghaidheanna cuid acu. Cuid acu ag siúl thart go neirbhíseach, cuid ina suí go ciúin a súile druidte acu amháil is gur ag dianmhacnamh a bhí siad.
"Tuige a chuireann muid muid féin fríd seo uilig?" a dúirt duine acu liom, í ag osnaíl léi.
Bhí imní, dóchas, lúchair, faitíos, bród, faoiseamh, tuirse agus sea, cuid den bhrón le feiceáil taobh thiar den ardán sin aréir - réimse leathan de
mhothúcháin an duine.
Dar ndóigh, thug cara de mo chuid, Doimnic Mac Giolla Bhríde, an duais mhór leis. Bhí fhios agam i ndiaidh an chéad amhrán a chas sé, Dónall Ó Maoláine, go raibh seans iontach aige. Tháinig sé ar ais ar chúl an ardáin agus aoibh shásta ar a aghaidh. Mhol sé go mór ag micreafón ag rá gur thug sé deis mhaith dó "playáil thart leis an amhrán". Bhí sé rud beag níos buartha faoin dara hamhrán, 'Máire Bhruinneall', chuaigh sé ar strae rud beag le focal nó dhó, ach ba léir nár shíl na moltóirí a dhath de sin!
Ní gá ach a rá go ndeachaigh an chóisir agus an ceiliúradh ar aghaidh i rith na hoíche. Níor bhain mé féin leaba amach go dtí i ndiaidh a seacht a chlog ar maidin!
Ar an drochuair, ní raibh mo ghuthán luchtaithe i gceart agam agus ní raibh mé ábalta pictiúirí nó fís a ghlacadh, agus mairfidh na cuimhní i bhfad!

2 comments:

  1. Comhgairdeas do Doimnic a Phroinsias,codladh maith tuilte ag cách.

    ReplyDelete
  2. Chonaic mé Doiminic ag canadh ar an oíche, agus an duais tuillte go maith aige. Bhí guth láidir muiníneach binn aige a chuir mé ar mo shuaimhneas bheith ag éisteacht leis.

    ReplyDelete