Wednesday, October 28, 2009

Meafair

Bhí Margaret bhocht istigh ar an oileán ag stopadh lena col ceathar ag an deireadh seachtaine a fhad is a bhí muidne ar shiúl in Inis Ceithleann ag bainis.
Tá Aine, a col ceathar rud beag níos sine ná í agus bhí sí ag iarraidh a thaispeáint dithe cén dóigh le taiplís a imirt. Bhí an bheirt acu ina luí ar an urlár ag imirt agus ag pointe áirithe deir Aine:
"Margaret, caithfidh tú léimt thar Aine" (píosa Aine a bhí i gceist aici dar ndóigh)
D'éirigh Margaret ina seasamh agus léim sí thar Aine a bhí fós ina luí ar an urlár. Níor thuig mo ghirseach bhocht cén fáth gur bhris achan duine amach ag gáire, agus d'éirigh sí an-chiúin ar feadh tamaill.
Chuir an eachtra mé ag smaoineamh ar an dóigh a labhraíonn muid le páistí. Ní thuigeann Margaret nó Dan abairtí meafaracha go fóill. Bhí eachtra mí-adhúil againn ar na mallaibh le Dan a bhí ag súgradh le ball áirithe dá chorp nár chóir do ghasúraí a bheith ag baint dó i gcuideachta sibhialta, agus bhagair Suzanne air: "fág sin, nó gearrfaidh mé díot é." Cad a rinne an gasúr óg ach imeacht leis go dtí an drár sa chistin chun scian a fhail agus thosaigh sé ag iarraidh gearradh. Buíochas le Dia, ní choinníonn muid sceana géara sa drár áirithe sin!
Cén uair a thosaíonn páistí ag foghlaim an difear idir abairt atá ag tabhairt eolais chinnte agus abairt mheafarach? Bhí Margaret ag amharc fríd na pictiúirí sa leabhar úr agam atá le seoladh Dé hAoine an lá faoi dheireadh agus bhí mé ag míniú an scéal dithe. Thaitin cuid de na pictiúirí léi, ach níor thaitin cuid eile léi ar chor ar bith.
"Ní maith liomsa Na Mic ó gCorra", "Tá na Mic Ó gCorra scary-áilte", a deir sí. Cé go bhfuil sé mínithe againn dithe míle uair, níl sí ábalta an difear a dhéanamh idir 'scéal' agus 'an fíorshaol'. Tá na rudaí a bhíonn ar siúl ag Dora, Barney et al. chomh réalaíoch dithe is atá mise nó Mámaí.
Ansin, b'fhéidir gur muidne atá amú, seans nár chóir dúinn a bheith ag caint faoi 'fhíorshaol' agus 'saol breagach'. B'fhéidir nár chóir dúinn ach a bheith ag caint faoin 'saol'.
Idir an dá linn coinneoidh mé smacht mhaith ar na meafair a ritheann fríd an chaint agam!

2 comments:

  1. caithfidh tú léimt thar Aine
    Cuireann sé seo úsáid eile i gcuimhne dom. I mBéarla is féidir a rá leis an bhfreastalaí, "No, I'm the reuben sandwich. He's the pastrami." Agus i nGearmáinis, "Ich bin das Schaschlik. Er ist die Pommes." Ar chuala tú a leathbhreac riamh i nGaeilge?

    ReplyDelete
  2. Caithfidh mé a rá nach bhfuil a leithéid cloiste agam féin go pearsanta.
    Is suimiúil an pointe a ardaíonn tú, a Denis. Is dócha go ndéarfaí gur drochGhaeilge é an struchtúr áirithe sin agus gur Béarla faoi éadaí na Gaeilge atá ann.
    Sin ráite, is mó an tionchar atá ag an Bhéarla ar struchtúír Ghaeilge an lae inniu, agus tá achan seans go n-éireoidh struchtúir den chinéal sin níos coitianta!

    ReplyDelete