Monday, December 7, 2009

Bah Humbug!

Scrooge atá baistithe orm ar scoil le gairid.
Tharla sé Dé Máirt seo chuaigh thart, nuair a tháinig mé amach as seomra na múinteoirí agus nuair a shiúil mé isteach i gcrann Nollag a bhí á chóiriú ag an mhúinteoir ceoil. Thóg mé raic! Ní mar gheall ar an timpiste beag a bhí agam ach as siocair go raibh sé de dhanaíocht ag duine inteacht an Nollaig a thabhairt isteach i mo shaol roimh an ochtú lá den mhí.
Bhí riail daingean agam le blianta gan aitheantas ar bith a thabhairt do fhéile lár an Gheimhridh go dtí go raibh an t-ochtú lá ann. Ní cheannóinn bronntanas, ní chuirfinn cárda, ní chuirfinn crann in airde, ní cheolfainn carúl, dhéanfainn mo sheacht ndícheall í a sheachaint mar Nollaig go dtí go mbeadh an dáta sin caite.
Ní haon drochmheas atá agam ar an fhéile. Is breá liom í, ach m'anam ó Dhia, níl ciall ar bith le tús a chur i Mí na Samhna le féile nach gcríochnóidh go dtí tús Mhí Eanáir. "Tá rud beag sparkle de dhíth orainn aimsir seo an recession", a dúirt an múinteoir ceoil liom. Ní bhfuair sí uaimse ach 'Bah Humbug".
Táthar ag magadh liom ó shin i seomra na múinteoirí. Faighim giota beaga tinsel i mbac an cholúir (focal.ie ag teip orm arís!), bíonn crónán bog 'Oíche chiúin' le cluinstin ó mhúinteoir nó dhó agus mé ag dul thar bráid, ach glacaim leis. Ná bíodh sé le rá ag aon duine gur ghéill mé ar mo chuid prionsabal riamh.
Fan go dtiocfaidh Dé Máirt. Tchífidh siad ansin, go dtiocfaidh athrú ar Ebenezer. Beidh sé ansin ina fhear a bheas lán de ghliondar agus beocht an tséasúir... ach ní oiread is bomaite amháin roimhe sin!

5 comments:

  1. Chuir “bac an cholúir” bac ormsa ar feadh meandair... colúr ... pigeon ... múinteoir ... pigeonhole! Agus chuir an méid a dúirt an múinteoir ceoil amhrán ón gceoldráma/scannán (Auntie) Mame i gcuimhne dom láithreach, “We Need a Little Christmas”. Meas tú an é seo a bhí ar intinn an mhúinteora eile?

    ReplyDelete
  2. Tosnaíonn an Nollaig i bhfad ró-luath na laethanta seo, cúrsaí tráchtála is cúis leis is docha.Is cuimhin liom nuair a bhí mo phaistí óg bhíodar traochta ag feitheamh leis, fiú seo na mbreagán ar an seo déanach ar RTE bíonn sé an - luath i Mhí na Nollag.Sna sean laethanta nuair a bhí níos mó beime ar cúrsaí creidhimh a bhaineann leis an Nollaig níor thosnaigh sé comh luath.

    ReplyDelete
  3. Chonaic mé é seo ar an idirlíon (i mBéarla):

    C: Cén fáth a bhfuil Chanukah níos fearr ná Nollaig?
    F: Ní mhaireann sé ach ocht lá.

    ReplyDelete
  4. Sin riail a bhí dearmadta agam le fada an lá ach is cuimhin liom anois go raibh sé i bhfeidhm tráth agus nach raibh an Nollaig chomh caolaithe agus atá sí anois toisc í a bheith i láthair sna siopaí, san fhógraíocht agus sna meáin chumarsáide ón bhfómhar go dtí an Athbhliain.

    ReplyDelete