Monday, December 28, 2009

Cúig Oíche

Cúig oíche caite againn sa teach úr agus muid ag dréim le hoíche chiúin gan cuairteoir ar bith. Bhí an saol is a mháthair istigh sa teach againn le cúpla lá anuas agus a dtuairim féin ag achan duine acu ar an teach. Is deas cuairteoirí a fheiceáil, go háirithe ag an Nollaig, ach is deas oíche chiúin a bheith agat fosta.
Bhí Nollaig gan teilifís againn. Cé go bhfuil SAMSUNG breá úr ina shuí sa choirnéal, ní raibh lucht SKY ábalta teacht isteach roimh an Nollaig agus ní bheidh muid ábalta tiúnáil isteach go dtí an Chéadaoin. Gealltar dúinn go mbeidh sé ar an bhád isteach maidin Dé Céadaoine agus go mbeidh an mias saitilíte sa veain aige.
Bhí sé deas gan an teilifís a bheith againn. Rinne muid i bhfad níos mó cainte agus chruinnigh an chlann thart timpeall an tabla sa chistin in áit os comhair na teilifíse. Bhí an oiread sin obair le déanamh againn cé bith, gur dhóiche nach mbeadh mórán faill againn í a choimhéad mar theilifís. Bhí sean teilifís bheag agam agus bhí na páistí ábalta na DVDanna Dora agus Peppa Pig a bhronn Santaí orthu a choimhéad. Choinnigh sin sásta iad!
An t-aon rud amháin faoi, bhí mé go hiomlán aineolach ar an nuacht le cúpla lá. Ní cheannaím nuachtáin agus bhí CDanna de chuid Susan Boyle, Christy Moore etc etc á sheinm de shíor ag mo bhean mhaith ar an raidió/steireo. D'fhág sin mé aineolach! Chuaigh muid síos chuig an phub Oíche Fhéile Stiofáin agus thosaigh daoine ag caint liom faoin ionsaí a rinneadh ar an Phápa, faoin na heaspaig a d'éirigh as, faoin tine mhór i Longfort agus cúpla scéal eile. Bhí mé caillte. Cén dochar? De réir mar atá mé ag dul in aois, tá mé ag teacht chuig an tuigbheáil nach rud olc é an t-aineolas, uaireanta is fearr i bhfad é ná an t-eolas!
Ar scor ar bith, ó m'fhuinneog, tá radharc agam ar shoilsí Thír Chonaill ó Thoraí go Port Nua. Tá Iarthar na Condae uilig ag spréacharnaíl os mo chomhair amach, agus tá mise sásta. Ag deireadh an lae, níl a dhath eile níos tábhachtaí ná sin. Oíche mhaith agus Nollaig mhaith daoibh uilig!

3 comments:

  1. Go raibh sibh i gcónaí sona san teach nua!

    ReplyDelete
  2. Ah, Nollaig gan cuairteoirí ... rud nach bhfuil ann.

    "Bhí Nollaig gan teilifís againn."

    Maith sibh, dar liomsa. :)

    Nollaig mhaith daoibh uilig fosta!

    ReplyDelete
  3. Tá an iomad droch scéalta ar an teilifís na laethanta seo.Is maith an rud éirí as ar feadh tamaill.

    ReplyDelete