Tuesday, December 22, 2009

An Ghaoth Aniar-Aduaidh

Bhí mé istigh sa bhaile ag an deireadh seachtaine. Veain liom lán trioc, bia agus earraí Nollag. Chaith mé mo chuid ama ag glanadh agus ag vearnaiseáil. Tá an t-am tagtha faoi dheireadh go bhfuil muid cóir a bheith réidh le bogadh isteach sa teach úr. Beidh an turca againn ar Na Cromáin!
Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtí gur tháinig an ghaoth aniar aduaidh inné. Is í an t-aon ghaoth a chuirfidh cuid bádaí an oileáin ar thrá thirim. Shéid sí tonnaí 20 troigh síos Béal Áranna agus ar an drochuair domh féin, coinníodh an bád farrantóireachta ag an ché. B'éigean domh fanacht oíche sa bhreis, rud nach miste liom ach nach dtaitníonn go ró-mhór le húdarais na scoile.
D'éirigh liom bád a fháil ag ceathrú i ndiaidh a hocht ar maidin. Bhí an fharraige garbh i dtólamh ach sháraigh an bád na tonnaí agus tháinig muid i dtír slán sábháilte. Ansin, bhí sléibhte sneachtúil seaca Thír Chonaill le trasnú agam. Uair go leith ina dhiaidh sin, tharraing mé isteach go Leitir Ceanainn díreach in am chun scéal a fháil go raibh mo chuid ranganna curtha ar ceal agus na scoláirí scaoilte chun bealaigh de thairbhe na drochaimsire.
Sin mar atá an saol. Thig leat do bheatha a chur i lámha na ndéithe ar an fharraige mhór agus ar na sléibhte chun an rud ceart a dhéanamh ach go minic is obair in aisce í. Bím fealsúnach faoi rudaí mar sin. Dar liom féin, bhí sé sa chinniúint domh a bheith anseo inniu. Mar a thit rudaí amach, tháinig mo chol ceathrar as Londain ar cuairt gan coinne agus thug sé seans domh an siopadóireacht deireanach a dhéanamh roimh an Nollaig.
Seo grianstad an gheimhridh. Bím an-tógtha le laethanta mar seo. B'fhéidir go bhfuil rud beag den phágánach ionam ach cuireann leathanta mar seo mé ag smaoineamh ar an ghaol ghairid atá idir muid féin agus an domhan ina mairimid. Grian agus bliain úr romhainn agus seo muid ag tosacht ar shaol úr dúinn féin inár dteach úr. Am maith le bheith ag bogadh isteach, is dócha, nuair a bheas an domhan á athchruthú féin. Cá bhfios cén fás a thiocfaidh orainn idir seo agus Oíche Fhéile Eoin. Is iomaí tonn mhór is sliabh gealbhán gur féidir a shárú nuair a thuigimid nach séideann an ghaoth aniar aduaidh ach ar feadh seala ghairid!

7 comments:

  1. Agus nár thaga ach an maith aniar aduaidh orainn san ath bhliain!

    ReplyDelete
  2. An bhfuil aon phisreog / traidisiún agaibh fós ar an oileán a théann le haistriú isteach i dteach nua? Aon rud ar nós fód dearg a thabhairt timpeall ar an teach nua, deiseal, le luí na gréine, tráthnóna Dé Sathairn?
    ;-)

    ReplyDelete
  3. Go maire sibh an teach nua.Nollag shona agus athbhliain fé shean agus faoi mhaise a Phroinsias agus do chlann.

    ReplyDelete
  4. Is eachtrúla a bheith i dtuilleamaí na farraige mar bhealach taistil ná i dtuilleamaí an bhóthair thirim!

    ReplyDelete
  5. Ní theastaíonn bád ó fhear na féasóige báine, a Phroinsias, agus ní chuirfidh aon ghaoth ná aimsir isteach ná amach air! 'Priorities' mar a deir fear an Bhéarla...:-)

    ReplyDelete
  6. Go raibh maith agaibh! 5 oíche caite sa teach úr againn. Tuigim go maith mar a mhothaigh Áine níos luaithe i mbliana agus 'ceann scríbe' bainte amach aici!
    @Denis - Níl mórán eolais agam faoi phisreogaí a bhaineann le haistriú tí (dar ndóigh, níl sé déanta agam ró-mhinic). Is é an t-aon cheann atá ar m'eolas agus atá déanta agam ná créafóg Thoraí a chur thart fán teach. Coinníonn sé luchógaí móra ar shiúl, agus fuair mé mála de cúpla bliain ó shin agus mé istigh i dToraí. Chaith mise ar an bhun-tsraith é nuair a bhí an teach á thógáil!
    Nollaig mhaith daoibh uilig!

    ReplyDelete
  7. Maidir le créafóg Thoraí, oileán nach bhfuil francaigh air, meas tú an mbeadh margadh i gCalifornia do chréafóg na hÉireann leis na nathracha sligreacha a choinneáil ar shiúl?
    ;-)

    ReplyDelete