Wednesday, January 13, 2010

Cnoc Oighir

An-chraic agus comhrá sa bhaile le lá nó dhó mar gheall ar an chnoc oighir a bhí le feiceáil ar an tsnámh ciliméadar amach ó Árainn Mhór.

Dar ndóigh, níl an téamh domhanda go hiomlán imithe ó smacht. Ní raibh ann ach cleas. Gearmánach atá ina chónaí ar an oileán a bhí ag iarraidh aird turasóirí a tharraingt ar an áit. De réir dealraimh, tógadh an pictiúr thuas amach ón Antartach.
Is iontach, áfach, gur rith RTE, TG4 agus Highland Radio leis an scéal. Caighdéan iriseoreachta ag titim is dócha, scéalta á gcur amach gan foinsí a bheith seiceáilte mar is ceart etc etc. Ar an drochuair, tá go leor de sin ann sa lá atá inniu ann!!

2 comments:

  1. Sin Oighearland duit, mar a thug Séamus Caomhach air...:-)

    Níor chuala mé an scéal seo, a Phroinsias, ach feicim go bhfuil caighdeán na hiriseoireachta ag sleamhnú rud beag, anseo agus ansiúd.

    Is fearr gan gach a gcloistear agus a fheictear a chreidiúint, is léir!

    ReplyDelete
  2. Bréagacha, bréagacha dearga, agus staitisticí - aire daoibh, a chairde!

    ReplyDelete