Tuesday, February 9, 2010

An Scathán faoi Chlúdach!

Tharla mé ag faire ag an deireadh seachtaine. Duine de mo lucht aitheantais i Leitir Ceanainn a bhí tinn le tamall. Bhíothas ag súil lena bhás agus níorbh aon ionadh mór dúinn é nuair a tháinig an scéal chugainn oíche Aoine.
Bhí rud amháin,áfach, a chuir iontas orm nuair a chuaigh mé isteach sa teach. Bhí an scathán, sa tseomra ina raibh an corp leagtha amach, clúdaithe le braillín, rud nach raibh feicithe agam le tamall, agus rud nach raibh mé ag dréim le feiceáil i Leitir Ceanainn.

Bhí go leor nósanna faire agus tórraimh againn san am a chuaigh thart ach de réir mar a fheictear domhsa é, tá siad ag dul i léig mar nósanna. Is gnách anois go mbíonn an teach 'príobhaideach' óna 11 san oíche go dtí a naoi ar maidin. Is cuimhin liomsa a bheith i mo shuí i rith na hoíche, comharsana ag bualadh isteach is amach, tae nó caife a dhéanamh ag a cúig ar maidin ag iarraidh na súile a choinneáil foscailte. Is trua liom go bhfuil sé ag imeacht mar nós.
Bhíodh na scatháin clúdaithe, ní ligfí don tine dul as agus ar ór na cruinne ní ligfí cat isteach sa teach! Níl fhios agam cén bunús a bhí leis na pisreogaí sin, ach is maith liomsa iad. Ar shlí aisteach cuireann siad struchtúr ar an ócáid - ócáid a bhfuil deacrachtaí agus strus go leor ag baint léi. Tugann siad rialacha agus struchtúir d'am atá anordúil, agus tá fiúntas le sin.
Tá ráite agam le Suzanne, go bhfuil mise ag súil le faire mar is ceart a bheith agam. Doirse foscailte go maidin, biotáilte agus tabaca ar fáil agus na deasghnátha uilig comhlíonta mar is ceart. Déanfaidh sí amhlaidh fosta, mar cé gur bean nua-aoiseach soifisticiúil í, tá fhios agamsa go bhfuil sí cosúil liomsa agus go domhain istigh inti go bhfuil na pisreoga beo. "Ní chreidim iontu", a déarfaidh sí leat, ach déanfaidh sí dá réir le fios nó le hamhras! (Ar eagla mo thaibhse a bheith ina leannán aici, is dócha!)
Ar scor ar bith, go raibh fada uainn an lá sin. Má thig sé níos gasta ná mar atá muid ag dréim leis, buailigí isteach, is cuma cén t-am den oiche. Beidh an doras foscailte agus gheobhaidh tú deoir bheag a bhainfeas an tart díot!

6 comments:

  1. Tá sin suimiúil. Mór an truaighe go bhfuil na nósannaí sin ag imeacht. Tá siad ag imeacht (nuair nach bhfuil siad imí cheana féin) anseo sa Bhriotáin fosta. Chreidfeá go bhfuil achan rud ag imeacht, agus cha dtig nós úr ar bith ina n-áit. Is mór an chaill í.

    Lughaidh

    ReplyDelete
  2. Gura fada uainn an lá!

    Sílim go bhfuil baint aige le díbeart na rudaí deiridh as an samhlaíocht coiteann atá ann. Is mian linn an saol a bheith faoi smacht - agus níl aon smacht ar an mbás. Mar sin, is fearr é a dhíbirt! Neamhaird a dhéanamh air, agus ní aird a tharraingt air. Is dócha go mbaineann sé freisin leis an lagú ar an gcreideamh san saol eile.

    ReplyDelete
  3. Feictear dom go bhfuil uaisleacht agus daonnacht ag baint leis an gcaoi a mbíodh muid ag plé le bás duine - agus go mbíonn fós - agus go mbeidh má choinnítear na sean-nósanna.

    ReplyDelete
  4. Chuala mé faoi, agus chonaic mé, scathán clúdaithe, agus stoptaí cloig an tí ag an am a bhásaigh an duine, freisin, más buan mo chuimhne.

    Bhí rud éigin ann faoi fhuinneog an tseomra a oscailt ag am an bháis, le go mbeadh an t-anam in ann a bhealach a dhéanamh amach, is dócha.

    Cibé scéal é, tá súil agam nach bhfuil aon deifir amach ar d'anam féin, a chara, agus gur fada uainn an fhuinneog oscailte sin...:-)

    ReplyDelete
  5. Nuair a fuair m'athair bás le déanaí i gcontae an Chláir, bhí orainn an chonradh a ligint síos ar píosa talún a bhí beannaithe ag sagart i rith laethanta na Péindlíthe i gcás nach mbéadh sé ábalta bheith i láthair ag socraid. Bhí m'athair an-tóghta le cúrsaí bealoideas agus na sean-nósanna, bheadh sé lán sasta bheith partach ag coimead sean-traidisiún beo fiu amháin i rith a socraid féin. Baineamar compóird mór as sin.
    ( Gabh mo leithscéal, níl mo Gaeilge scríobhthe chomh laidir le mo Gaeilge labhairthe, agus é sin lag go leor chomh maith)

    ReplyDelete