Thursday, February 18, 2010

Ar lorg Chathail Bhuí...

Tá sé beartaithe agam féin agus ag mo bhean mhaith éalú ar feadh cúpla lá an deireadh seachtaine seo. Tá rún againn aghaidh a thabhairt ar Bhreifne. Is ceantar é nach bhfuil mórán cur amach agam air, ach le fada bhí suim agam ann. Is mar gheall ar shean-laoch de mo chuid, Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, a chuir mé suim san áit.
Is dócha go raibh mé 10-11 mbliana d'aois an chéad uair a chuala mé m'athair ag aithris 'An Bonnán Buí'. Ón am sin ar aghaidh, bhí dúil agam san fhear a chum. Rinne mé taighde iarchéime ar an amhrán nuair a bhí mé ar an choláiste agus tá an t-iomrá amuigh go mbíonn cúpla véarsa den amhrán le cluinstin uaim nuair a bhíonn an t-ól istigh.
Tá úrscéal á scríobh agam san am i láthair agus tá Cathal Buí mar dhuine de na carachtair ann. D'fhág sin mé i mbun taighde arís le cúpla mí anuas. Suzanne bhocht, tá sí den bharúil go mbeidh spa, óstán agus saol oíche Inis Ceithleann roimpi, cosa in airde, gruaig scaoilte. Ní thuigeann sí go fóill go bhfuil cuairteanna ar Bhéal Cú, An Bhlaic, Loch nÉan, An Barrán etc pleanáilte agam. Leis an aimsir a bhí againn le seachtain, ní bheadh a fhios agat, b'fhéidir go dtiocfaidh muid trasna ar éan an phíobáin réidh ar bhruacha Loch nÉan, na luchóga móra ag triail ar a thórramh... etc etc

Ar scor ar bith, bhí ceist agam le caitheamh amach. Cuirim anseo é, mar tá fhios agam go bhfuil daoine anseo a bhfuil cur amach níos fearr acu ar lámhscríbhinní nó mar atá agamsa. Tá mé ag iarraidh teacht ar an leagan scríofa is ársa dá bhfuil againn de 'An Bonnán Buí'. Tá mé ábalta teacht ar leaganacha scríofa ó thús na haoise seo chuaigh thart agus b'fhéidir rud beag níos luaithe ná sin. Bhfuil fhios ag aon duine, an raibh an t-amhrán scríofa síos roimhe sin i gceann ar bith de na lámhscríbhinní nó an é gur mhair sé i mbéal na ndaoine amháin roimhe sin. Tá nóisean agam go mbeadh sé scríofa, agus is cinnte go raibh oideachas go leor ag Cathal é féin chun go mbeadh sé ábalta é a scríobh, ach cá bhfuil sé? Más ann dó ar chor ar bith! Bheinn buíoch as aon nod nó eolas a chuideodh liom.
Idir an dá linn bainigí sult as an deireadh seachtaine. Mar a dúirt an file féin:
"A chomharsain chléibh, fliuchaíg bhur mbéal
óir chan fhaigheann sibh braon i ndiaidh bhur mbás!"

6 comments:

  1. N'fheadar an bhfillfidh an Bonnán bocht go deo arís orainn. Tá a raon ag leathnú go hana-mhall i Sasana. Ach bíonn limistéir fairsing de ghiolcaí ag teastáil - gnáthóg atá gann go leor anseo.

    An fuil an tráchtas foilsithe agat?

    ReplyDelete
  2. Níl a fhios agam, ach déan iarracht ar an leabhar “Céad de Cheoltaibh Uladh” le hÉnrí Ó Muiríosa (nó Ó Muirgheasa), tuairim an lch. 325. Bhí an leabhar seo foilsithe sa bhliain 1915.

    ReplyDelete
  3. Dúirt Thomas MacDonagh go raibh sé fionnta agus foilsithe le Joseph Henry (J.H.) Lloyd nó Seosamh Laoide ~ “Literature in Ireland”, lch. 235 (books.google.com). Agus tugann Seosamh Laoide líne malartach i gCruach Chonaill, lch. 159 (archive.org).

    ’s ní’l braon dá bhfuighead nach leigfead síos ar eagla go bhfuighinn fhéin bás de’n tart

    ReplyDelete
  4. B'fhéidir go bhfuil sé cloiste agat cheana féin ach seo é an nasc don sraith "Scríbhneoirí Faoi Chaibidil 2008" le Alan Titley. Bhí Cathal Buí mar ábhar pléite aige sa séú clár.

    http://www.rte.ie/radio1/scribhneoiri/1195689.html

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agaibh as bhur gcomhairle. Fiosróidh mé na foinsí sin.

    @ míshásta,níl aon ní foilsithe agam ar an ábhar - go fóill ar aon nós.
    @ Seán, is iomaí leagan den líne clúiteach sin atá ann. Go raibh maith agat as do chuidiú.

    ReplyDelete
  6. Ní raibh an clár sin cloiste agam, a Ormondo. Go raibh maith agat

    ReplyDelete