Friday, February 26, 2010

Ag siopadóireacht

Caithfidh sé go bhfuil sé sa DNA ag na mná, an dúil atá acu sa tsiopadóireacht.

Bhí gnóithe agam i bPennys inné agus bhí Margaret bheag liom. De ghnáth ní bhíonn ann ach turas 10 mbomaite domhsa, cuairt a thabhairt ar a mhacasamhail de shiopa, 8 mbomaite de sin i mo sheasamh sa scuaine le híoc as cibé rud atá le ceannach agam. Turas de chinéal eile a bhí agam inné:

"Daidí, tá mise ag iarraidh seo."

"Daidí tá mise ag iarraidh jamies princess."

"Tá mise ag iarraidh bróga."

"Tá mise ag iaraidh, ag iarraidh, ag iarraidh..."

"Margaret, stad ag rá sin."

- tost beag -

"Daidí, an dtig liom seo a fháil" .....


Lean cúrsaí ar aghaidh mar sin ar feadh tamaill, í ag aimsiú a bealaigh fríd na línte éadaí, ag teacht agus ag imeacht as radharc. Bhí sé iontach deacair a raibh de dhíth orm féin a aimsiú agus súil a choinneáil uirthi. Sa deireadh bhris ar m'fhoighne giota beag.

"Tá mise ag iarraidh na slipéirí seo..."
"Margaret! Bhfuil airgead agat?"
"Níl Daidí. Tá airgead agatsa."
"Níl Margaret. Tá mise iontach bocht. Níl airgead ar bith agam. Ní thig liom na rudaí seo a cheannach mar níl an t-airgead agam..."

Tháinig cuma chrosta ar a haghaidh bheag.

"Daidí, stad ag caint mar sin!"

Ní raibh bua le fáil uirthi. B'éigean domh mo lámh a chur i mo phóca chun í a chiúiniú. Feasta thig léi dul ag siopadóireacht le Mamaí. Níl mise ábalta dó.

5 comments:

  1. Ba chóir do chuile bhean fear le pócaí lána a thabhairt ag siopadóireacht léi. Sórt seift atá ann, an dtuigeann tú - seift, is léir dom, atá foghlamtha cheana ag Margaret. Cailín cliste...:-)

    ReplyDelete
  2. An bhfuil "stad ag rá sin" agus abairtí eile cosúil leis (stad ag déanamh, stad ag iarraidh, etc.) le cloisteáil go minic ar an oileán? Séard a d'fhoghlaim mé thiar sa chlochaois ná "stad de bheith ag X..." Sin a lán focal i dtoll a chéile, cinnte!

    ReplyDelete
  3. Is dócha nach Gaeilge iontach gramadach atá ann, a Denis. 'Éirigh as an chaint sin', nó a léithéid a bheadh níos cirte, is dócha. Sin ráite, cloistear 'stad a dh'ól', 'stad a chaint' agus a macasamháil measartha minic.

    ReplyDelete
  4. Cuireann an múnla sin le solúbthacht na teanga. Meas tú an bhfuil an focal beag "de" ar folach ann?

    stad de chaint > stad a chaint
    stad de (dh) ól > stad a dh'ól
    etc.

    Tá "de dh + GUTA" cloiste go minic agam i nGaeilge na hAlban.

    ReplyDelete
  5. Tá sé i gcaint na ndaoine, is docha. Tá "Níor stad sé ach ag casaoid" ag Ó Dónaill.

    ReplyDelete