Friday, March 19, 2010

Dumbing Down

Tháinig scéala chuig an scoil inniu faoi chúrsa úr na hArdteistiméireachta.

Ag ardleibhéal feasta beidh:
  1. Cúig dhán
  2. Cúig phíosa próis (8-10 lch an ceann... beidh rogha acu staidéar a dhéanamh ar ghearrscannán in áit ceann amháin de na píosaí próis)
  3. Rogha ansin idir píosa próis fada (c.70 lch) nó cúig dhán eile.

Tá deireadh curtha le Stair na Gaeilge
Tá an aiste laghdaithe ó 600 focal go 400 focal ach beidh ceisteanna gramadaí curtha ar pháipéar 1
Tá laghdú ar na marcanna don chluastuiscint agus beidh sé mar chuid de Pháipéar 1 feasta.
Tá ardú ó 25% go 40% ag dul don scrúdú béil.

Níl fhios agam faoin chúrsa nua seo. Tuigim go bhfuil athrú béime ann, agus breis marcanna ag dul don teanga labhartha. Is rud maith é sin is dócha, ach m'anam ó Dhia, ní bheidh mórán de shubstaint ag baint leis an scrúdú feasta.
Tá mise ag obair i scoil lánGhaeilge agus bímid ag dréim leis go mbíonn na scoláirí measartha compordach leis an scrúdú béil agus an chluastuiscint, ach tchítear domhsa nach mbeidh mórán de dhúshlán sa chúrsa nua do na scoláirí.
Nuair a smaoiním ar an ardteist a rinne mise - 3 úrscéal, stair, gramadach, filíocht, aiste fhada, léamhthuiscintí, caoga píosa leitheoireachta le hullmhú don bhéaltriail etc etc. Tá fhios agamsa nach mbeadh an chuid is mó de na scoláirí atá agam faoi láthair in ann dó. Is cinnte go bhfuil 'dumbing down' ar siúl agus is mór an trua é sin.

Seans go bhfuil sé in am scrúdú nua a chumadh chun freastal orthu siúd atá sna gaelscoileanna agus sa Ghaeltacht.

5 comments:

  1. Bhí sé d'ádh orm nach raibh orm an scrúdú sin a sheasamh! Is féidir le droch-scrúdú amháin cibé sult a bhaineann mac léinn as ábhar ar bith a mhúchadh. *PÚF* Imithe, agus droch-bhlas ina bhéal ina dhiaidh sin.

    ReplyDelete
  2. Aontaím leat, a Dennis.

    Caithfidh mé machnamh a dhéanamh ar an 'dumbing down' sin, mar a thug tú air, a Phroinsias. Tiocfaidh mé ar ais chuige.

    ReplyDelete
  3. Níl aon scrúdú Gaeilge ann do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu. Tá sin dian ar na gasúir a chaithfidh 'Gaeilge' a dhéanamh ar scoil agus a bhfuil Gaeilge acu cheana. Ach an rud nach bhfuil ag na daoine a bhfuil Gaeilge acu - ar scoil nó in aon áit eile - cumas litríocht na Gaeilge a léamh agus a thuiscint chun taitneamh a bhaint aisti.

    ReplyDelete
  4. Tchím fiúntas i scrúdú do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, a Cailliomachas. Is féidir feabhas i gcónaí a chur ar chúrsaí scríbhneoireachta, foclóra agus mar a deir tú féin litríochta.
    Is argóínt é, sílim le haghaidh cúrsa speisialta do dhaoine ar ard-chaighdeán labhartha, agus cúrsa eile ar bheag-chaighdeán labhartha.
    An mbeadh sé indéanta dhá chúrsa éagsúil a ofráil ag an Ardteist? -
    Scrúdú i scríobh agus litríocht na Gaeilge
    Scrúdú i labhairt na Gaeilge

    Bheinn i bhfábhar, sílim...

    ReplyDelete
  5. An cuimhin leat na blianta a raibh An tOileánach ar shiollabas na hardteiste?

    ReplyDelete