Tuesday, March 23, 2010

Foghraíocht mar mhodh múínte litreacha!

Ní théid lá thart nach gcuirim spéis sna próisis foghlama a bhíonn ag tarlú i dtigh s'againne.
Múinteoir meánscoile atá ionamsa agus tá cur amach measartha maith agam ar na modhanna múinteoireachta is gá a chur i bhfeidhm do dhéagóirí, ach admhaím gan náire nach raibh cur amach ar bith agam ar na dóigheanna éagsúla ina bhfoghlaimíonn naíonáin. Mar a deir an fear udaí, thiocfadh liom cuidiú le scoláire aiste fhiúntach a scríobh ar Aistarraingt na Breataine ón India nó scrúdú anailíseach a dhéanamh ar óráid de chuid Parnell, ach ar ór na cruinne ní thiocfadh liom a thaispeáint don scoláire céanna cén dóigh le léamh nó scríobh. Ní bhfuair mé traenáil ar bith ann.
Go hádhúil, tá col ceathar agam atá ina príomhoide bunscoile i Londain agus tá cur amach an-mhaith aici ar mhodheolaíochtaí teagaisc do pháistí óga. Mhol sí domh triail a bhaint as an fhoghraíocht mar bhealach chun litreacha a theagasc. Fuaimeanna na litreacha a theagasc don pháiste in áit fhoghraíocht traidisiúnta na haibítre:
Mar shampla, in áit "Ay, Bee, See, Dee etc" a theagasc, "Ah, Bih, Cih, Duh etc" a úsáid.

Bhain mé triail as cúpla seachtain ó shin, agus caithfidh mé a rá go n-oibríonn sé. Le seachtain anuas tá Margaret bheag ag dul thart de ló is d'oíche ag cur túslitreacha ar gach aon fhocal go dtig léi smaoineamh air. Deireann sí an focal, aimsíonn sí an fhuaim ag tús an fhocail agus tá sí ábalta an litir tosaigh a ainmniú.

"Pictiúr... Pih... P... P fá choinne pictiúr!" (Bualadh bos ó Dhaidí nó Mamaí)
"Doras... Duh... D... D fá choinne doras!" (Maith thú Maggie!)

Tá ag éirí go hiontach maith léi, cé go bhfuil roinnt deacrachtaí aici le 'C', 'Ch', 'Ca' - uaireanta déanann sí K nó T de na fuaimeanna sin.

Tugaim fá dear fosta go dtrasnaíonn an córas seo teangacha. Bhí deacracht nó dhó againn leis na pictiúrleabhair le tamall anuas. Tá pictiúrleabhair Bhéarla agus Gaeilge aici. Sa leabhar Gaeilge, tá A ag freagairt do Asal, B do Bhád etc. Ar ndóigh sa leabhar Béarla, A for Apple, B for Butterfly is a léithéid a fhaightear. D'fhág sin an ghirseach bhocht ag teacht amach le rudaí ar nós: "A fá choinne Úll, B fá choinne Féileacán etc etc." Rud nach raibh ró-shásúil. Bhí an dá theanga ag teacht trasna ar an cheangal idir an litir scríofa agus an pictiúr. Leis an chóras seo is féidir léi an túslitir cheart a aimsiú d'fhocail Ghaeilge agus d'fhocail Bhéarla!

Ar scor ar bith, tá sé ag obair go maith dúinne agus molaim é do thuismitheoirí eile atá i mbun litreacha a theagasc dá gcuid páistí!

7 comments:

  1. Léigh mé leabhar ar na mallaibh le Stanislas Dehaene, eolaí Francach a bhfuil cognitive neuroscience mar speisialtacht aige. Reading in the Brain an teideal atá air. Sa chaibidil “Learning to Read” pléann sé an choimhlint a bhíodh ann idir whole-language learning agus fónaic (phonics). Tar éis trialacha tubaisteacha leis an modh “ollteangadh” tréigeadh é agus d'fhill an mhórchuid de scoileanna ar “the systematic teaching of letter-sound correspondences” i lár na nóchaidí. Tig liom cúpla leathanach den phlé seo a chur chugat i riocht scanaithe, má tá suim agat ann.

    ReplyDelete
  2. B'fhiú duit cártaí cuimhne a dhéanamh leis an litir agus le pictiúr an ruda gan Gaeilge gan Béarla a chur trí chéile.

    Maith thú, Margaret bheag!!!

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agat, a Denis. Bheadh an-suim agam tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar. proinsias@arainnmhor.com

    Mo bhuíochas as an mholadh sin, a Sheáin.

    ReplyDelete
  4. Dennis, a chara, ba mhaith liom cóip freisin, mura miste leat! Tá mo sheoladh ríomhphoist ar mo bhlag.

    'Ní bhfuair mé traenáil ar bith ann' - an bhfuil a fhios agat, a Phroinsias, níl tuismitheoir beo a fuair traenáil mar thuismitheoir, ach muid uile ag streachailt linn, agus ag éirí linn, má bhíonn an t-ádh linn!

    ReplyDelete
  5. Tuigim go maith, a Áine, nach bhfuil aon traenáil do thuismitheoirí ann - nach bhfuil fhois agam go maith é! ach is dócha gur ag tagairt do thraenáil i modheolaíochtaí teagaisc na leitheoireachta do naíonáin a bhí mé. Faigheann bunmhúinteoirí traenáil sna modheolaíochtaí sin, ní bhfuair mise... ar an drochuair domh féin! :-(

    ReplyDelete
  6. Táimse den tuirim gur chómhair dúinn filleadh ar aibítear na Gaeilge a mhúinedh agus na fuaimeanna san achuir chun oibre arís, Ní bheadh an ainm céanna á úsáid ag leanaí is iad ag cur focail leis na litrecha A(ay) = apple ach á(aw) = athair.

    Is ait é, ach siad ainmneacha na ngutaí ná fuaim na ngutaí le síneadh fada
    Seo mar a deirtear litreacha aibítear na Gaeilge
    A = á (aw), B = bé, C = cé, D = dé, E = é (ay), F = ef, G= gé, H= théis,I = í (ee), L = el, M = em, N = en, O = ó (oh), P = pé, R = er, S = es, T = té, U = ú (oo),
    Tá fuaimeanna na fonic éagsúl ah, bu, cu, du 7rl
    Níl an teolas seo ag mórán de mhúinteoirí na Gaeilge a thuilleadh mar, ar liom, gur dócha, gur stopadh á mhúineadh d'ábhar múinteoirí nuair a thiontaigh na coláisti oilliúna ó teagasc i nGaeilge go Béarla.

    Bhur dtuairimí??

    ReplyDelete
  7. Is fiú macnamh a dhéanamh air. Is e is fearr a d'oibreodh i sochaí lánGhaeilge, ach níl fhios agam caidé mar a d'oibeodh sé i gcomhthéacs an dátheangachais.

    ReplyDelete