Thursday, March 25, 2010

Rannta ar maidin

Hmmm... B'fhéidir go ndeachaigh muid thar fóir inné leis na rannta. Seacht ar chlog maidin inniu, bhí Margaret istigh sa mhullach orainn agus í ag ceol: "A Mhamaí, tá mo teidí tinn, mo teidí tinn, mo teidí tinn, A mhámaí, tá mo teidí tinn, tá pian mhór ina bholg..." seanard a cinn.

Díreach i ndiaidh pilleadh chun an bhaile ó sheoladh Ící Pící, agus trí chóip sa bhreis ceannaithe agam. An leabhar is fearr dá chinéal atá feicithe agam le tamall.

3 comments:

  1. Tá sé stuif maith. An ndeirtear é ar Mary Had a Little Lamb?

    ReplyDelete
  2. Ta ceol nua-chumtha ag dul leis na rainn ar fad, a Sheain.

    ReplyDelete
  3. Iontach deas. Chuala mé Mary Had a Little Lamb in mo cheann ar chúis inteacht. :)

    ReplyDelete