Friday, May 14, 2010

Boxers Íosa!

sraith leabhar Arch ag na páistí. Scéalta ón Bhíobla atá iontu atá foilsithe ag Lorlum Publishing. Tá dúil mhór ag na páistí iontu. Leabhair dea-mhaisithe ghalánta atá iontu. Tá na scéalta inste i bhfoirm véarsaíochta agus tá Gaeilge bhlasta Chonamara go tréan iontu.
Tá cuid de na scéalta rud beag trom ó thaobh na diagachta de (do naíonáin s'agam féin ar scor ar bith) agus tá cúrsaí canúna ina bhac beag dóibh. Déarfainn go bhfuil na leabhair dírithe ar aoisghrúpa 7-9. Cé go bhfuil mo pháistí san aoisghrúpa 1-3, baineann siad sult as na leabhair, ach ní léimid iad, go díreach amharcaimid ar na pictiúirí agus insím scéal dóibh bunaithe ar na pictiúírí.
Tharla aréir go raibh muid ag amharc ar scéal an chéasta agus iad sa leaba. Seo mar a chuaigh an scéal (mise á inse bunaithe ar na pictiúirí os mo chomhair) ...

"... tháinig na saighdiúirí. Bhí siad iontach dolba. Chroch siad Íosa ar an chros. Chuir siad tairní fríd a lámha agus a chosa agus bhí sé iontach nimhneach. Bhí sé ag caoineadh. Ansin, bhain siad a chuid éadaí dó. Ní raibh snáth ar bith air agus bhí sé iontach fuar..."
"Ach Daidí," arsa mo bhean bheag, "Tá boxers air!"

4 comments:

  1. Tá na leabhair go hiontach ceart go leor. Tá an CD a théann leo an mhaith freisin.

    Agus is léir go bhfuil do bhean bheag géar súileach agus intinneach - gurab amhlaidh riamh di.

    ReplyDelete
  2. @'Chroch siad Íosa ar an chros. Chuir siad tairní fríd a lámha agus a chosa agus bhí sé iontach nimhneach. Bhí sé ag caoineadh.'

    Scéal feiliúnach do pháistí ag am luí, meas tú? Nach mbeadh faitíos ort go mbeadh drochbhrionglóidí acu, a Phroinsias, nó an é nach gcuireann scéal mar sin isteach ná amach ar pháistí na laethanta seo?

    ReplyDelete
  3. Seans go bhfuil an ceart agat, a Áine. Níl fhios agam bhfuil sé níos measa ná an Troll nó an Mac Tíre Gránna nó an Cailleach a bhí le Hansel agus Gretel a ithe??

    ReplyDelete
  4. Bhí duine de mo pháistí féin agus ba chuma léi cén scéal a chloisfeadh sí, ní chuirfeadh sé isteach ná amach uirthi ag am luí; ach bhí duine eile acu, agus chonaic sé uafás sa 'Gingerbread Man'.

    Ní lia duine ná barúil, fiú ag an aois sin...:-)

    ReplyDelete