Thursday, May 13, 2010

An Briathar is Úire sa Ghaeilge!

Tig achan rud lena iomrá, [ach amháin an madadh rua]!
Sin mé ag cur racht díom inné faoi fhocail agus nathanna cainte, ag éagaoin na mbearnaí idir litriú agus foghraíocht. Cinnte le Dia, siúd chugam Margaret tráthnóna agus í ag cumadh focal léi. Tá clann Pholannach ina cónaí in aice linn anseo i Leitir Ceanainn agus tá na páistí ar chomhaois (a bheag nó a mhór) le páistí s'againne. Bhí duine de na gasúraí beaga amuigh inniu agus bréagán gunna leis. Tháinig Margaret ina rith isteach a hanáil i mbarr a goib aici.
"Daidí. Tá gunna ag an ghasúr sin. Bhí sé ag GUNNÚ mé."

Ar ndóigh, "Scaoileadh" a bhí i gceist. (Fágfaidh mé an struchtúr lochtach a bhí aici ar an abairt do lá inteacht eile.) Chuir mé suim san fhocal nua a bhí cumtha aici. Ní drochiarracht é. Cé go n-úsáidtear 'scaoileadh' fá choinne 'shooting', is iomaí brí atá ag an fhocal úd. Tá 'gunnú' beacht agus cruinn mar choincheap (dá mba ann dó mar fhocal, ar ndóigh). Caidé mar a chuirfeá "He was gunned down" i nGaeilge, mar shampla. "Scaoileadh é!","Lámhach é!", "Thit sé le hurchar"?
Uilig go breá chun "He was shot" a chur in iúl, ach ag an am céanna, tá na leaganacha traidisiúnta thuas débhríoch ar bhealach. "Scaoileadh é" = "He was shot" nó "It was released"; "Lámhach é" = "He was shot" nó "It was handled".

Níl fhios agam cén dóigh le briathar nua a fháil isteach sa teanga? An gá domh é a chur os comhair coiste éigin? An rachaidh sé os comhair saineolaithe teanga chun imprimatur oifigiúil stáit a fháil? Nó an dtig linn féin ár gcuid focail féin a chumadh? Dá mbainfinn úsáid as an bhriathar "gunnaigh" gach lá go ceann bliana ar an bhlag seo, abair, dá mbeadh sé mínithe agam don lucht léite agus dá n-uchtódh cúpla duine eile é, an nglacfaí leis mar bhriathar?

Bígí ag faire amach, am inteacht sa todhchaí nuair a bheas foclóir nua a chur le chéile, seans go bhfeicfimid:

Gunnaigh v.t. To shoot (with a gun), to gun down.

"Gunnaíodh aréir é!".... cloisim daoine cheana féin ag rá gur béarlachas atá ann. Ach creidim go raibh go leor daoine ann a shíl gur béarlachas a bhí san fhocal "gunnadóir" nuair a cumadh ar dtús é. B'fhéidir nár lig daoine fad ó shin do shéimeantaicí fáil sa bhealach ar an chumarsáid, mar a dhéanaimidne!

3 comments:

  1. An-fhocal. Go gcuire déithe beaga na teanga rath air!

    ReplyDelete
  2. Bhí mé ag cóisir ag an deireadh seachtaine, áit a raibh scata páistí ag 'gunnú' a chéile le píosaí adhmaid, cailíní agus buachaillí, scór acu, nó mar sin.

    Níor chuala mé an focal 'gunnú', ach d'fheilfeadh sé, gan dabht, a Phroinsias, don méid a bhí ag tarlú os comhair mo shúile.

    ReplyDelete