Thursday, May 13, 2010

Bróga

Tuigfidh an léitheoir rialta go bhfuil dúil agam san fhilíocht agus go mbím ag gabháil don phrós corruair fosta. Cuireadh ceist orm uair amháin, cé acu is fearr liom an fhilíocht nó an prós. Tá dúil agam sa dhá cheann acu ach ar chúiseanna atá an-difriúil.
Tá dúil mo chroí agam sa scéalaíocht, bhí ariamh. Beirt scéalaí iontach a bhí sa dá athair mór agam. Ba ghnách leo scéalta a inse domh go minic agus mé ag éirí aníos. Amharcaim ar an phrós mar bhealach chun mo chuid scéalta féin a inse, ní fúm féin, ní sin ról an phróis i mo shaolsa, ach chun scéalta, ficsean a scríobh.
Is san fhilíocht (domhsa ar scor ar bith) a dhéantar scrúdú ar an réaltacht agus ar fhíor-chúraim an tsaoil. De ghnáth tógann sé i bhfad níos mó ama orm 15-20 líne filíochta a scríobh ná scéal na mílte focal. Luíonn rud i d'intinn ar feadh tamaill fhada, ag codladh ann, corruair ag múscailt - de do chorraí agus de do chroitheadh. Ní thig leat fáil réidh leis go dtí go dtig íomhá, frása, meafar nó ceol a thugann faill dó éalú. Cinéal teiripe atá inti, mar fhilíocht.
Bhí bás tragóideach againn an bhliain seo chuaigh thart. Ghlac sé nach mór sé mhí orm mo chuid smaointe i dtaobh na tragóide a chur ar phár. Is deas liom go dtaitníonn an dán seo le roinnt daoine agus gur bronnadh duais bheag air. Ní miste liom é a roinnt libh anseo. Is cuid den teiripe é, é a ligint chun bealaigh!

Bróga

Siúd ag an ché
a chruinnigh cuid bróg an oileáin.

Seanbhutaisí anuas ó Phlochóg
Trainers ón Screig anoir,
Crocks a shiúil ón Uillinn
is bróga úrsnásta na dTuarthaí.
Bhog siad ar a gcompord
i gcuideachta a chéile
ag cur comhrá
agus béadán thart,
ag roinnt scéalta faoin aimsir,
faoin scaineagán,
faoi bhachtaí an Chaoráin Scallta.

Bhí tuigbheáil acu ar an dusta
agus clábar an bhealaigh mhóir,
ba mhinic iad in abar
a gcraiceann leathair cloch-scríobhta.
Ní raibh a dhath idir iad
agus garbhadas an bhealaigh
is gan faitíos orthu
an bealach féin a lochtú.

Níorbh amhlaidh do na cloigne
nach raibh ar a n-aird
ach bád ar na toinn
ag téaltú isteach Béal Áranna.
Ní raibh as a mbéal
ach osnaí ciúine
agus cónair an fhir óig
ag teacht i dtír.

4 comments:

  1. Brónach, álainn, goilliúnach, dáiríre - dán den chéad scoth. Go raibh maith agat, a Phroinsias, as an dán machnamhach seo a roinnt linn.

    Agus, mar a dúirt mé cheana ag bhlag Dennis, comhghairdeachas ó chroí leat as an duais sin a thuill tú.

    @ Ní thig leat fáil réidh leis go dtí go dtig íomhá, frása, meafar nó ceol a thugann faill dó éalú'

    Is go rómhaith a thuigim do chás, a chara...:-)

    ReplyDelete
  2. An é an Ríordánach a thug "geit" ar an bhfilíocht? Níl (ó tarla nach féidir fonn, féile ná filíocht a fhoghlaim) filíocht agam - ach is maith liom filíocht.

    Geit brónach ach deas a bhain do dhuais dán asam. Comhghairdeas.

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agaibh. Go minic is é an saol é féin a bhaineann geit asainn!

    ReplyDelete