Thursday, May 6, 2010

An Mhaighdean Mhuire agus na Ceamaraí!

Hmmm. Tá sé faighte isteach ina cloigeann ag Margaret bheag s'againne go bhfuil an Mhaighdean Mhuire istigh i gceamaraí faireachais!
Ormsa atá an locht. Bhí sé de nós ag mo mháthair mhór an Mhaighdean Mhuire a úsáid mar bhealach chun muid a choinneáil ar an bhóthar cheart.
"Ná bí ag insint bréag! Cuireann bréaga an Mhaighdean Mhuire ag caoineadh!" a ba ghnách léi a bhagairt orainn.
Shíl mise an rud céanna a dhéanamh, ní mar bhagairt ach mar bhealach chun na páistí a chur ag smaoineamh agus rudaí dalba a dhéanamh acu.
"Ná buail do dheirfiúr. Beidh bábaí Íosa ag caoineadh" "Ná bí ag caitheamh bia ar an úrlar. Ní bheidh an Mhaighdean Mhuire sásta" etc etc.

Ag teacht abhaile ón naíonra dúinn inniu, dúirt Margaret liom: "Daidí, tá an Mhaighdean Mhuire istigh sna ceamaraí".
Ghlac sé tamall orm a thuigbheáil cad a bhí i gceist aici. Creideann an ghirseach bhocht go mbíonn an Mhaighdean Mhuire i gcónaí ag faire uirthi agus go mbaineann sí úsáid as na ceamaraí faireachais chun é sin a dhéanamh!

Níl fhios agam cé acu is measa: na haincheisteanna diagachta nó na himpleachtaí do chúrsaí teicneolaíochta! Seans go mbeidh orm athmhachnamh a dhéanamh ar mo chuid straitéisí disciplíne.

5 comments:

  1. Ahá! Is mar sin a sheachadtar Catholic Guilt anuas ó ghlúin go glúin!
    ;-)

    ReplyDelete
  2. Agus rinneadh é gan teicneolaíocht, a Dennis...go dtí seo!

    ReplyDelete
  3. Abair le Margaret bheag gurb é an Mhaighdean Mhara a bheas brónach. Lig di é sin a phrocessáil agus ansin a míniú féin a thabhairt ar ais duit. Tig leat foinse nua bhéaloidis a chruthú i do theach féin.
    ;-)

    ReplyDelete
  4. Mar a tharlaíonn, bhí muid ag caint faoin Mhaighdean Mhara an tseachtain seo chuaigh thart. Seans go n-oibreoidh sé! :-)

    ReplyDelete
  5. Déan gur Deartháir Mór na ceamaraí.

    ReplyDelete