Monday, May 17, 2010

Scéalta Sí

Mar a tharlaíonn go minic, cuireann Áine smaoineamh i mo chloigeann, a luíonn ansin mar thochas ag tabhairt mo dhúshláin. An iarraidh seo is ag smaoineamh ar na scéalta a léimid / insímid dár bpáistí agus iad ag dul a luí san oíche, a chur sí mé.
Caithfidh mé a rá gur chuir sé iontas orm féin nuair a tháinig mo chuid páistí féin ar an tsaol agus nuair a chuaigh mé amach chun leabhair a cheannach dóibh. Na sean-scéalta sí a raibh cuimhne agamsa orthu ó m'óíge, bhí siad uilig athraithe nach mór. Bhí an foréigean agus an bás glanta ar shiúl amach astu.
  • Ní itheann an Mac Tíre Gránna máthair mhór Chochaillín Dearg (Red Riding Hood) níos mó, agus ag deireadh an scéil, ní mharaítear an mac tíre - ritheann sé ar shiúl.
  • Ní itheann an sionnach an "Gingerbread Man" níos mó.
  • Léirítear an "Troll" inniu mar dhuine atá saghas simplí, nach ndéanfadh dochar d'éinne.
  • Ní itheann an Mac Tíre Gránna na muca a thóg na tithe tuí agus adhmaid.
Thiocfadh liom dul ar aghaidh. Tá gach rian den chontúírt agus den eagla bainte amach as na scéalta sí nua-aimseartha. É sin, agus an cheartaiseacht pholaitiúil, go smior iontu. "Snow White" a thugtar ar an scéal anois - "Snow White and the Seven Dwarfs" a bhí ann nuair a bhí mise óg. Is cosúil nach focal deas é "dwarf" le húsáid níos mó.

Ní maith liom é. B'fhearr liom na seanleaganacha. Tá ró-chosaint ar siúl againn i dtaobh páistí inniu. Uaireanta is maith eagla a bheith orthu, go dtuigfidh siad go bhfuil contúirtí agus olc sa domhan. Tá cúpla scéal do pháistí scríofa agamsa agus tá arrachtaí míofara gránna iontu ar mhaith leo páistí a ithe. De réir mo thaithí féin, taitníonn scéalta mar seo le páistí. Is maith leo scéalta a chuireann rud beag eagla orthu. Cinnte tá sé tábhachtach an chríoch shona a bheith ann, go bhfaigheann fórsaí na maitheasa an bua ar na harrachtaí sa deireadh, ach níl lá dochair ann na harrachtaí a bheith olc, contúirteach agus scafár.

Tháinig mé trasna ar na scéalta seo. Seans go mbainfidh sibh sult as iad a léamh. Little Red Riding Hood, Rumpelstiltskin, Jack and the Beanstalk agus The Three Little Pigs nó más fearr leat duine a bheith ag insint scéil duit, d'fhéadfá breathnú ar seo:

6 comments:

  1. Sé an cheist ná conas a cuirtear na ceachtanna, seo faoi bheith cúramach, misniúil, flaithiúil, 7rl, in iúl do phaistí inniu.

    (Tá leabhra maithe sa sraith Bímis ag Caint ag Futa Fata!)

    ReplyDelete
  2. Gné eile den scéal: cé go bhfuil na sean scéalta coillte, tá fuil agus foréigean flúirseach sna cluichí agus scannáin a fheiceann gasúir ar teilifís nó ríomhaire.

    ReplyDelete
  3. Is fíor duit, níor smaoinigh mé ar an ghné sin den scéal.

    ReplyDelete
  4. Caith súil ar an gceann seo.! An bhfuil sé PC...;-)

    ReplyDelete
  5. Níl fhios agam faoi sin, ach tá sé thar a bheith greannmhar.

    ReplyDelete
  6. I gcaoi amháin táim in aontaím leat, ach i gcaoi eile nílim.
    Léim na scéala sí do mo leanaí féin bíonn an mac tíre agus an sionnach i gcónaí ina gcoirpigh. Ócé, ní itheann siad na páistí a thuilleadh ach leis na scéalta seo bheadh na leanaí fós ag ceapadh go bhfuil siad contúirteach, nó rud eile mar sin. B'fhéidir go bhfuil sé sin an fáth nach bhfuil ainmhithe galánta fiann mar mhic tíre sa tír seo go fóill.
    Is dóigh liom go bhfuil roinnt seandaoine i dTír Chonall ag insint scéalta faoi leanaí sciobtha as a bpramanna ag na iolair fíréan fadó.

    Taitníonn na scéalta sí go mór le mo bheirt, Seán agus an Gás Pónaire, Cochaillín Dearg, Cinnín Óir, Na Trí Gabhair Cliste etc. etc. Is cuma leo nach bhfuil éinne maraithe iontu, agus b'fhéidir go bhfuil siad níos fearr mar sin.

    ReplyDelete