Wednesday, May 12, 2010

Tonn Thaoscach

Chuir Áine mé ag smaoineamh ar fhocail agus ar an dóigh a athraíonn siad sa chaint agus sa chanúint. Bhí frása beag againn, cloiste agam le blianta agus gan mórán aird agam air.
"Tá tú ag cur tonn iascach orm."
Déarfá é dá mbeifeá lán i ndiaidh do dhinnéara agus duine ann ag iarraidh tuilleadh bia a bhrú ort. Ghlac sé tamall fada orm a thuigbheáil gur "tonn thaoscach" a bhí i gceist. Shíl mise riamh go raibh baint aige le hiascaireacht.
Sin mar atá, bhí mé blianta ag "gealamaisíocht" sular thuig mé gur chóir domh a bheith ag "cearmansaíocht", ag "snagarnaigh" nuair a ba chóir domh a bheith ag "snagaireacht". Bhíodh "druifleogaí" againn ón teineadh (tine) i dtólamh, go dtí go bhfuair mé amach nach raibh iontu ach "drithlí", go fóill níl mé cinnte cad a bhí a ithe acu siúd a raibh dúil acu sa "Cáil Leidí" (seans gur Cáil Cladaigh a bhí i gceist againn). Carageen a thug muid air i mBéarla.

Níl iontas deacrachtaí cumarsáide eadrainn agus tuigim go maith anois cén fáth nach raibh mé maith ag an litriú nuair a bhí mé ar scoil. Cuireann sé tonn thaoscach orm ag smaoineamh air!

2 comments:

  1. Ní raibh mé riamh i dTír Chonaill, ach thuig mé “gealamaisíocht” ar an toirt. Níor aithin mé “cearmansaíocht” ar chor ar bith. Tá iontráil dá chuid féin ag an bhfocal in FGB, faoin litriú “galamaisíocht”. Is cosúil go bhfuil lánchead agat leanúint ort leis an ngalamaisíocht!

    ReplyDelete
  2. Is maith sin, a Denis. Ní raibh fhios agam go raibh an leagan sin inghlactha!

    ReplyDelete