Tuesday, August 10, 2010

Ellis Island

Ar an bhealach go Nua Eabhrac ar béal maidne! Tá mé féin agus mo bhean mhaith pósta le cúig bliana agus shocraigh muid ar dhul ar saoire bheag.
Is mó an pleanáil a bhaineann le saoire den tsórt agus triúr páiste óg sa bhaile. I ndiaidh go leor cur agus cúiteamh le mí nó dhó anuas, tháinig achan rud le chéile agus d'fhág muid na páistí sa bhaile tráthnóna i gcúram Graindea agus Granaí agus thug muid aghaidh ar na tonnta. Suzanne bhocht, chaoin sí rith an bhealaigh go Leitir Ceanainn. Stad muid le greim a fháil le hithe sa bhaile mhór ach ní raibh sí i gceart go dtí go raibh an dara gloine fíona ólta aici.
Seo an chéad uair don bheirt againn a bheith i Meiriceá agus tá muid ag súil go mór leis. Tá liosta chomh fada le mo chos de rudaí atá le déanamh agus le feiceáil againn. Uimhir a haon ar mo liosta-sa ná Ellis Island. Chuaigh m'athair mór fríd sa bhliain i 1923. De réir seanchas an teaghlaigh tháinig sé i dtír ar long darbh ainm an 'Tuscania'. Bhí beirt deartháireacha leis agus is cosúil gur cheannaigh siad teach leanna eatarthu. Ar ndóigh, tháinig seisean abhaile ach d'fhan deartháir leis ann agus thóg sé teaghlach. Tá ceangal nach mór caillte againn leis an taobh sin den chlann ach is cosúil go bhfuil cúpla ó, nó fionnó agam thall.
Frainc Mire, a ba ghnách leis na seandaoine a thabhairt ar m'athair mór. Níl aon duine againn cinnte go díreach cén fáth. Achan sórt scéil ag gach uncail agus aint. Duine millteanach séimh agus cinéalta a bhí ann ina sheanaois, nuair a bhí aithne agamsa air, tá sé deacair orm é a shamhlú mar fhear mire, ach is cosúil gur amhlán a bhí ann ina óige. Is iontach mar is féidir le athrú teacht ar dhuine i gcaitheamh a shaoil.
Ar scor ar bith, tá misean agam rud beag taighde a dhéanamh agus mé sa chathair mhór. Seans go gcuirfidh mé aithne níos fearr air.

8 comments:

  1. Bain sult as, a chara! Bhí mé in Ellis Island trí huaire, agus thaitin sé go mór liom.

    Go n-éirí leat le do thaighde.

    ReplyDelete
  2. Go maire sibh do chúig bliana! Go raibh sibhse ag déanamh suilt san Úll Mór!

    ReplyDelete
  3. Go n-éirí libh thall.

    Ceist agam ort: céard é "amhlán"?

    ReplyDelete
  4. A Aonghuis, is amadán é. = fool, simpleton, oaf

    ReplyDelete
  5. Rachaimid ansin lá éigin... Aon seans gur mhaith leat bualadh liom ar feadh cúpla nóiméad i Nua-Eabhrac?

    ReplyDelete
  6. Ar an drochuair, a Shéamais, níl do theachtaireacht ach díreach feicithe agam agus mé ar ais ar Oileán na Naomh. Ba dheas bualadh leat, ach shocraigh muid ar shaoire gan guthán nó idirlíon a bheith againn!

    An chiall atá agamsa ar Amhlán nó 'hooligan'. Baintear úsáid as anseo le cur síos a dhéanamh ar fhir óga a bhíonn ag tiomáint thart ar mire san oíche nó ag troid lena chéile etc etc. "Bhí na hamhláin amuigh aréir!"
    Baintear úsáid as 'Duine amhlánta' fosta!

    ReplyDelete
  7. D'aistreoimis é seo anseo mar dumb ass. :)

    ReplyDelete
  8. Roinnim an fhianaise seo le comhpháirtithe atá ag streachailt ina gcaidrimh toisc go bhfuil réiteach marthanach ann. D'fhág m'fhear céile mé féin agus ár mbeirt pháistí le haghaidh bean eile ar feadh 3 bliana. Rinne mé iarracht a bheith láidir do mo pháistí amháin, ach ní raibh mé in ann an phian a bhí cráite mo chroí a rialú. Bhí mé gortaithe agus mearbhall. Bhí cabhair ag teastáil uaim agus mar sin rinne mé roinnt taighde ar an idirlíon agus tháinig mé trasna ar shuíomh Gréasáin áit ar chonaic mé gur féidir leis an Dr. Ellen, a bhfuil litreoir aici, cabhrú leat leannáin a fháil ar ais. Chuaigh mé i dteagmháil léi agus dúirt sí paidir speisialta agus geasa ar mo shon. Is ábhar iontais dom, tar éis 2 lá, d'fhill m'fhear céile abhaile. Mar sin tháinig muid le chéile agus bhí an oiread sin grá, áthas agus síocháin sa teaghlach. Is féidir leat dul i dteagmháil freisin leis an Dr. Ellen, cúntóir réitigh cumhachtach
    1) buaigh ar ais do iar-bhuachaill
    2) Beir fear céile agus bean chéile le chéile
    3) stop a chur le tromluí arís
    4) leigheas luibhe do VEID agus ailse
    5) Fáinne draíochta cumhachtacha
    6) charm ádh
    7) Obsessions Briseadh
    8) Fadhbanna breithe agus toirchis. Déan teagmháil leis trí EMAIL: ellenspellcaster@gmail.com
    Whatsapp +2349074881619

    ReplyDelete