Thursday, August 19, 2010

An Spáinnis i gConamara!

Tá dúil mhór ag páistí s'againne i nDora, an ghirseach bheag Spáinneach/Meicsiceánach. Cúpla focal Spáinnise foghlamatha acu uaithi. Tá blas Chonamara ar a cuid cainte ar TG4 agus anois is arís cruthaíonn sin fadhb tuisceana dóibh.
Bhain Margaret bheag gáire asainn ar maidin nuair a bhí an clár ar siúl. Bhí Dora ag spalpadh léi i nGaeilge Chonamara agus Margaret á coimhéad. Thiontaigh an bhean bheag chugamsa agus dúirt:
"Daidí, tá Dora ag caint Spáinnis (sic), nach bhfuil Daidí?"

Chuala mé riamh go raibh tionchar áirithe ag an Spáinn ar Iarthar na tíre ó aimsir na hArmáide anall. Seans gurb é seo an cruthúnas!

5 comments:

  1. Qué! Difícil de creer!

    Súil le Cé agam go bhfuil Google Translate ag obair mar is ceart, agus gur 'Ní chreidim!' de shaghas, atá scríofa agam thuas!

    Is aoibhinn liom na scéalta beaga seo uait, agus ó do chlann, a chara.

    Agus, is maith liom dearadh nua do bhlag...:-)

    ReplyDelete
  2. Tá sin go greannmhar. Déanaim iarracht Gaeilge a labhairt le mo mhac, agus deir sé, “Daddy, I don’t speak Spanish.”

    ReplyDelete
  3. @Áine “Qué!” Déarfadh siad abhus anseo “¡Cómo!” :)

    ReplyDelete
  4. Is brea le mo bheirt Dora. Tá neart focail Spánais foghlaimaithe acu uaithi. Ó am go chéile bíonn siad ag úasáid trí theanga in abairt amhain, mar shampla "Dadaí, look at the eitileán ag dul arriba. "
    Tuigeann gach duine sa teaghlach an meid a bíonn i gceist acu, mar sin támuid sásta nach bhfuil aon fhadbh ann.

    ReplyDelete