Monday, November 29, 2010

Cuairt ar Bhéal Feirste

Chaith muid an deireadh seachtaine i mBéal Feirste. Bhí mise ag léamh filíochta agus ag seoladh leabhar ann inniu agus shocraigh muid ar shaoire bheag teaghlaigh a dhéanamh de. Fuair mámaí siopadóireacht na Nollag uilig déanta, bhuail na páistí le Santaí agus bhain muid uilig sult as óstán breá i gCarraig Fhearghais. Mo chéad uair sa bhaile áirithe sin agus dúil mhór agam i stair an Chaisleáin a bhí os comhair ár seomra.

Caisleán Charraig Fhearghais ar maidin

Thug muid cuairt ar an Chultúrlann san eadarshudh le rud beag siopadóireacht leabhar a dhéanamh agus chun cupaí tae/seacláide/caife a ól. Tháinig an freastálaí thart agus labhair sí Gaeilge linn. Nuair a d'imigh sí, chuir Dan ceist orainn.

"Tuige a raibh sise ag caint cosúil linne?"

Rinne mé féin agus mo bhean mhaith gáire.
Anocht agus mé ag smaoineamh siar air, bheireann sé ábhar smaoinimh domh. Níl sé ach trí bliana d'aois ach cheana féin tuigeann an leaid óg, go bhfuil difear idir muidne agus an domhan mór ina mairimid. An fada uainn an lá nuair nach mbeidh sé ag iarraidh bheidh éagsúil, nuair a bhuailfidh dúchas an tréada é agus le sin droim láimhe don Ghaeilge?

Dálta an scéil. Ná gabhaigí amach ar na bealtaí móra. Bhí an turas anoir scáfar go maith. Iontach fuar go deo, na bóithre sleamhain agus ceo in áiteanna.

3 comments:

  1. Tá áthas orainn gur bhain sibh an baile amach gan dua!

    Is maith liom an "Fáilte chun tí” a chur tú ar an suíomh, ach ní thuigim an rann go huile is go hiomlán, cé go bhfuil na focail uilig agam. Cén fáth “lúthchos ar fhéar” agus céard is brí le “rí-chumas” sa chomhthéacs seo?

    ReplyDelete
  2. Leis an fhírinne iomlán a inse duit, a Dennis, is minic fríd na blianta a smaoinigh mé ar an rann sin agus ar an chiall a bhí leis. Seans gur athraíodh an chiall/na focail le himeacht aimsire. Is mar sin a tháinig sé chugam - ó bhéal, ní i bhfoirm scríofa agus ní thig liom a bheith 100% cinnte go bhfuil sé cruinn agam. D'aistreoinn é mar seo, cé go n-admhaím nach bhfuil an leagan Gaeilge ag teacht go díreach leis... cé go bhfuil na mianta mar an gcéanna.

    Tread lightly on the road
    tread sprightly on the grass,
    our lives they are amazing
    so you're all welcome here.

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agat, a Phroinsias! Is maith liom an Béarla a chuir tú air.

    ReplyDelete