Tuesday, April 5, 2011

Scannal an tSúmó!


Agus síleann tú nach dtiocfadh le rudaí a bheith níos measa sa Domhan agus sa tSeapáin ach go háirithe. Bhris scannal mór i ndomhan an tSúmó inné.
Bhí dúil agam riamh anall in iomrascáil Súmó. Ba ghnách liom babhtaí beag a eagrú ar an trá in Árainn Mhór do scoláirí Gaeilge. Is maith liom an stair agus na deasghnátha a théann leis mar spórt. Bhí uaisleacht áirithe ag baint leis. Ach anois tá croitheadh beag eile bainte de na cinnteachtaí a bhain le mo dhearcadh saoil. An bhfuil onóir ná uaisleacht ar bith fágtha sa tsaol....

3 comments:

  1. Ní fhaca mé aon rud faoi Sumo le déanaí. An é an chaoi go bhfuil cuid acu ag “teilgean” babhtaí? (Tá mé ag smaoineamh ar an gcor cainte Béarla. Séitéarach atá i gceist agam.)

    ReplyDelete
  2. @ 'An bhfuil onóir ná uaisleacht ar bith fágtha sa tsaol....'

    Sin ceist a chuirim orm féin go minic na laethanta seo, a Phroinsias.

    ReplyDelete
  3. An spórt nach mbíonn uasal, ní mór dó a bheith másach!

    ReplyDelete