Saturday, April 30, 2011

Tá tír mór le thine!


An t-am sin den bhliain. Ní raibh fearthainn mar is ceart againn anseo le breis agus coicís agus tá achan seort briosc tirim. Bhí mé féin ar an chaorán inniu ag amharc ar na bachtaí agus eagla mo chraicinn orm toitín a lasadh ar eagla go gcuirfeadh drithleog uaidh tús le tine.
Is cosúil nach raibh duine inteacht ar tír mór chomh faichilleach céanna, óir tá an cnoc beag i gcomharsantacht Thráigh Éanna faoi bhladhm.
Is trua liom nach bhfuil ceamara níos fearr agam... (Breithlá ag teacht aníos gan mhoill Suzanne...hint hint!) ach seo mar a chonaic mo sheancheamara í tamall beag ó shin !



12 comments:

  1. Cad é an t-ainm Gaeilge ar a leithéid? Tá sé ar bharr mo theanga!

    ReplyDelete
  2. Níor mhothaigh mise ariamh ach tine chaoráin ar a leithéid! Seans go bhfuil focal eile air.

    ReplyDelete
  3. Bhí a leithéid i rith na seachtaine ar Cheann Bhré abhus. Uafásach an radharc. Cá bhfios cé mhéad mion ainmhí agus éan a scrios an tine seo.

    ReplyDelete
  4. Shíl mé go bhfaca mé téarma eile, in FGB is dócha, uair amháin. “Hill burning” nó rud éigin cosúil leis sin an sainmhíniú, .i. dó fásra. Focal amháin a bhí ann, más buan mo chuimhne. Ó bhuel.

    ReplyDelete
  5. Ní loscadh sléibhe a bhí i gceist agat, an ea?

    ReplyDelete
  6. Íosa Mhuire,
    Tá an toit de mo thachtadh. Caithfidh sé go bhfuil athrú ar an ghaoth.

    ReplyDelete
  7. “Falscaí” an focal a bhí uaim. Fuair mé anois díreach ó Lillis é.

    ReplyDelete
  8. Focal deas. Tá na falsacithe ag scaipeadh in iathuaisceart Éirinn inniu.

    ReplyDelete
  9. Ceann deas, bímid ag foghlaim linn i dtólamh!

    ReplyDelete
  10. Tá an scéal nó an stair taobh thiar de ag teastáil uaim anois!

    ReplyDelete
  11. Uaidh seo, b'fhéidir: (Ó DIL)

    fo-loisci ;
    faillsce forollscath foloisgther follscad foloscad
    Keywords: scorches; burns; slightly

    ReplyDelete
  12. Nó seo, níos dóichí:

    forloscud
    forloscuth forloisgthe
    Keywords: burning; malicious; burning; devastating; land; fire; arson; conflagrations

    ReplyDelete