Monday, August 30, 2010

An t-am sin den bhliain

Ar ais ar scoil!
Bheul, thosaigh mise ar ais Dé hAoine seo chuaigh thart, ach bhí mo bhean mhaith ag tosacht ar ais ag obair inniu, agus b'éigean dúinn na páistí a mhúscailt luath ar maidin le bheith in am do bhád a 7.50.
Tá muid chun triail a bhaint as an taisteal laethúil. Deir daoine go bhfuil muid craiceáilte, ach bhí fhios againn sin cheanna féin. Ní raibh sé ró-olc! Shroich muid Leitir Ceanainn ag 8.55, in am don obair agus bhí muid ar ais in Ailt an Chorráin ag 5.50, deich mbomaite luath don bhád isteach.
Seans maith go bhfuil muid as ár meabhair, agus is cinnte go mbeidh sé níos deacra nuair a rachaidh an aimsir in olcas, ach níl duine ar bith againn ag iarraidh ár n-oileáinín beag féin agus ár dteach úr a fhágáil.
Ó, nach trua go gcaithfeas an samhradh imeacht uainn!!!

Thursday, August 19, 2010

An Spáinnis i gConamara!

Tá dúil mhór ag páistí s'againne i nDora, an ghirseach bheag Spáinneach/Meicsiceánach. Cúpla focal Spáinnise foghlamatha acu uaithi. Tá blas Chonamara ar a cuid cainte ar TG4 agus anois is arís cruthaíonn sin fadhb tuisceana dóibh.
Bhain Margaret bheag gáire asainn ar maidin nuair a bhí an clár ar siúl. Bhí Dora ag spalpadh léi i nGaeilge Chonamara agus Margaret á coimhéad. Thiontaigh an bhean bheag chugamsa agus dúirt:
"Daidí, tá Dora ag caint Spáinnis (sic), nach bhfuil Daidí?"

Chuala mé riamh go raibh tionchar áirithe ag an Spáinn ar Iarthar na tíre ó aimsir na hArmáide anall. Seans gurb é seo an cruthúnas!

Monday, August 16, 2010

An tÚll Mór

Ar ais arís i ndiaidh seachtain dheas a chaitheamh sna Stáit Aontaithe.
Is suimiúil go deo an chathair í Nua Eabhrac agus is fiú d'éinne cuairt a thabhairt uirthi. Níl fhios agam ar mhaith liom a bheith i mo chónaí go buan inti ach sin mé ag smaointiú liom féin a fhad is a bhí mé ann - nach trua nár chaith mé cúpla mí san áit seo nuair a bhí mé níos óige, nuair a bhí mé gan chúram!
Rud amháin a chuir mé suntas ann nó chomh cairdiúil is a bhí na daoine ann. D'iompair mise an steireatíp liom go raibh muintir Nua Eabhraic garbh, mífhoighneach, crua-chainteach etc etc. Bhí gach duine a casadh orainn múinte, cainteach, cuidiúil agus pléisiúrtha. Seans go raibh cuid acu ag iarraidh orainn rudaí a cheannach uathu, ach fós féin, níor casadh oiread is duine amháin orainn a bhí drochmhúinte trodach.
Chaith muid tamall ar Ellis Island. Tá áiseanna iontacha acu ansin chun daoine a chuaigh fríd a aimsiú. D'éirigh liom m'athair mór a aimsiú, é féin agus a dheartháir Philip a bhí ann sa bhliain 1923. Bhí cuid mhór eolais ann fúthu. D'fhág siad Londonderry ar an 21 Aibreán 1923 ar bord an Tuscania agus tharraing siad isteach i Nua Eabhrac ar an 1 Bealtaine. Thug m'athair mór le fios go raibh léamh agus scríobh an Bhéarla aige. Tugadh le fios go raibh gruaig fhionn agus súile léithe aige, go raibh a shláinte go maith, gur sheas sé 5'11'' in airde agus go raibh sé ar a bhealach chun fanacht lena dheartháir Pádraig ag 348 Avenue C, Bayonne, New Jersey.
Rinne mé rud beag taighde bhreise agus tá an teach ina sheasamh go fóill. Tógadh é sa bhliain 1920. Teach trí stór liath atá ann ach ní leis an teaghlach níos mó é. Cé go bhfuil cúpla duine muinteartha agam go fóill i New Jersey, ní dheachaigh muid amach a fhad leis an teach de cheal ama!
Níl fhios agam cén Ghaeilge atá ar jet-lagged, ach tá sé orm go fóill. Tuilleadh faoi seo ar ball.

Tuesday, August 10, 2010

Ellis Island

Ar an bhealach go Nua Eabhrac ar béal maidne! Tá mé féin agus mo bhean mhaith pósta le cúig bliana agus shocraigh muid ar dhul ar saoire bheag.
Is mó an pleanáil a bhaineann le saoire den tsórt agus triúr páiste óg sa bhaile. I ndiaidh go leor cur agus cúiteamh le mí nó dhó anuas, tháinig achan rud le chéile agus d'fhág muid na páistí sa bhaile tráthnóna i gcúram Graindea agus Granaí agus thug muid aghaidh ar na tonnta. Suzanne bhocht, chaoin sí rith an bhealaigh go Leitir Ceanainn. Stad muid le greim a fháil le hithe sa bhaile mhór ach ní raibh sí i gceart go dtí go raibh an dara gloine fíona ólta aici.
Seo an chéad uair don bheirt againn a bheith i Meiriceá agus tá muid ag súil go mór leis. Tá liosta chomh fada le mo chos de rudaí atá le déanamh agus le feiceáil againn. Uimhir a haon ar mo liosta-sa ná Ellis Island. Chuaigh m'athair mór fríd sa bhliain i 1923. De réir seanchas an teaghlaigh tháinig sé i dtír ar long darbh ainm an 'Tuscania'. Bhí beirt deartháireacha leis agus is cosúil gur cheannaigh siad teach leanna eatarthu. Ar ndóigh, tháinig seisean abhaile ach d'fhan deartháir leis ann agus thóg sé teaghlach. Tá ceangal nach mór caillte againn leis an taobh sin den chlann ach is cosúil go bhfuil cúpla ó, nó fionnó agam thall.
Frainc Mire, a ba ghnách leis na seandaoine a thabhairt ar m'athair mór. Níl aon duine againn cinnte go díreach cén fáth. Achan sórt scéil ag gach uncail agus aint. Duine millteanach séimh agus cinéalta a bhí ann ina sheanaois, nuair a bhí aithne agamsa air, tá sé deacair orm é a shamhlú mar fhear mire, ach is cosúil gur amhlán a bhí ann ina óige. Is iontach mar is féidir le athrú teacht ar dhuine i gcaitheamh a shaoil.
Ar scor ar bith, tá misean agam rud beag taighde a dhéanamh agus mé sa chathair mhór. Seans go gcuirfidh mé aithne níos fearr air.