Tuesday, December 28, 2010

Bronntanas!

Bhí Nollaig an-shona againn anseo sa bhaile in Árainn. Tháinig Santaí agus bhí sé maith do na páistí. Lasadh na coinnle Oíche Nollag, chuir Margaret Bábaí Íosa sa mháinséar, ceoladh carúil, tugadh cuairt ar ghaolta is comharsana, éisteadh aifreann, itheadh agus óladh ár sáith is níor thit aon duine amach lena chéile thar thréimhse na saoire.
Níor chuir an drochaimsir isteach orainn ach an oiread, cé go raibh muid gan uisce reatha ó bhí Dé Máirt seo chuaigh thart ann. Buíochas do Dhia tháinig coscairt inné agus fuair muid uisce fríd na píobaí oíche aréir. Caidé mar a dhéanann na mná é? Chuir mo bhean mhaith, Suzanne, dinnéar ar an tabla do 18 lá Nollag gan uisce ar bith sa teach. Bhí muid marbh amach ag cuartú tobar agus foinsí eile uisce sna laethanta roimh an Nollaig mhór. Bhí go leor leor tithe ar an oileán gan uisce reatha le seachtain anuas.
"Caithfear pilleadh ar na foinsí" (na tobair) a deir an Searcach. Chuir sé mé ag smaoineamh. Is trua chomh fada is atá muid imithe ó na tobair agus na foinsí úd. Cé go bhfuair Santaí neart margaí i mbliana agus luach a chuid airgid faighte go han-mhaith aige, fós féin measaim gur chaith sé barraíocht ar pháistí s'againne. Ní hé nach bhfuil is fearr ar domhan tuilte acu, ach tugaim faoi deara gur mó an sásamh a bhaineann siad as na rudaí simplí ná mar a bhaineann siad as na rudaí daora. Chaith siad an mhaidin uilig ag súgradh le rudaí a cheannaigh Santaí ar chúpla Euro beag agus ba bheag an tsuim a bhí acu sa teilifís (an bronntanas mór) a cheannaigh fear na feasóige ar €120.
Cé gur chaith mo bhean mhaith airgead orm féin - in aineoinn mo dhian-mholadh gan níos mó ná €10 a chaitheamh ar bhronntanas domh - caithfidh mé a rá nárbh í a thug an bronntanas is fearr a fuair mise i mbliana.
Bhí m'uncail - deartháir mo mháthar - linn do bhéile na Nollag. Fuair a bhean chéile bás dhá bhliain ó shin agus níl páistí ar bith aige. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh sé linn anuraidh ach thug col ceathair de mo chuid cuireadh dó sula bhfuair mé faill. Mise is luaithe a thug cuireadh dó i mbliana agus is chugamsa a tháinig sé.
Thug sé beart beag litreacha domh nuair a chuaigh mé chuig teach s'aige i Screig an tSeabhaic lena bhailiú don dinnéar. Sin a bhí aige mar bhronntanas domh. Litreacha a scríobh mo mháthair chuig a tuismitheoirí na blianta fada ó shin. Tá mo mháthair marbh le 30 bliain. Ní raibh mise ach 6 bliana d'aois nuair a d'éag sí. Tá cuimhní agam uirthi ach tá siad fánach. Níor léigh mé na litreacha go dtí go raibh mé liom féin i ndiaidh do achan duine imeacht chun an bhaile i ndiaidh dinnéar agus céiliúradh na Nollag (4 a chlog ar maidin). Ní miste liom a rá gur chaoin mé mo sháith i marbhthráth na hoíche úd.
Bhí litir ann a scríobh mo mháthair abhaile lá i ndiaidh mo bhreithe. Í ag insint dá máthair fán saothar a bhí aici mé a thabhairt ar an tsaol, í ag déanamh cur síos gráúil orm, ag insint dá tuismitheoirí faoin bhród a mhothaigh m'athair go raibh mac faighte aige, etc etc. Litreacha eile insíonn siad scéal mo chuid diabhlaíocht linbh, mé ag toiseacht ag caint, mé á cur ó chodladh.
Luigh na litreacha sin i scioból sa tseanbhaile leis na blianta go dtí gur tháinig m'uncail orthu trí thimpiste cúpla seachtain ó shin. Ní bhfaighidh mé bronntanas a choíche arís go deo - dá méid saibhris a bheas againn sna blianta amach romhainn - ná an bronntanas a fuair mé uaidh i mbliana!

Nollaig shona agus bliain úr mhaith d'achan duine a léifeas seo!

Friday, December 17, 2010

Mo Leanbh Úr

Tháinig sé amach faoi dheireadh. Rinne Cathal Goan úrscéal nua de mo chuid a sheoladh sa Leabharlann Náisiúnta Dé Luain seo chuaigh thart. Dhá bhliain go leith ó shin chuir mé na chéad fhocail ar phár agus an tseachtain seo chonaic siad solas an lae.
Is rud aisteach í an scríbhneoireacht. Dá suífeá síos agus dá smaoineofá ar an dua agus ar an obair a bhí romhat 260 leathanach de leabhar a scríobh, ní thosófá a choíche. Fós féin, bíonn rud inteacht ionat a bhrúnn chun tosaigh thú, creideamh éigin gur chóir an scéal a inse, a chuidíonn leat an lámh in uachtar a fháil ar an 'bac scríbhneora' a bhuaileann tú ar lgh 56, 79, 132 agus 187!
Fuair mé féin cóip den leabhar 2 nó 3 sheachtain ó shin, agus an gcreidfeá, ní raibh mé ábalta é a léamh. Gach uair a thóg mé é, bhí mo shúil ag cuartú botún cló (4 cheann aimsithe agam go dtí seo!), bhí an clúdach a scrúdú agam, an ceangal, an clóchur agus na céadta rud beag eile nach dtógfadh gnáth-chríostaí faoi deara. Léifinn paragraf agus bheinn den tuairim go raibh barraíocht briathra in úsáid agam ann, cháinfinn aidiacht ar leathanach eile, cheisteoinn an dialóg (bhfuil sé nadúrtha go leor?), gheobhainn locht ar fhocal a bhí ró-chanúnach, ró-chaighdeánach, ró-choitianta......
Is cuma, an rud atá déanta tá sé déanta agus níl aon dul siar. Mar a bhíonn le gach leanbh, tig an t-am nuair a chaithfidh tú scaoileadh leis. Tuigeann tú go dtiocfadh le rudaí a bheith níos fearr dá mbeadh tuilleadh ama, tuilleadh tallainne agat. Caithfidh an leanbh seasamh ar a chosa féin anois!

Rún an Bhonnáin is ainm don leabhar. Baineann sé le Cathal Buí Mac Giolla Gunna agus an dán cáiliúil a bhí aige 'An Bonnán Buí'. Sceinséir i stíl 'The da Vinci Code' atá ann, a bhfuil rún ársa faoi cheilt sna lámhscríbhinní (mo bhuíochas do bhlagmhíreanna Dennis as an inspioráid!) agus cultas atá ar a dhícheall é a choinneáil ceilte! Faigheann neart ceoltóirí sean-nóis bás ar an bhealach [rud a thaitin le Cathal Goan !?!?!?].
Ar scor ar bith, má thagann aon duine agaibh trasna air agus má éiríonn libh é a léamh, bheinn buíoch as bhur dtuairiscí ina thaobh. Is maith liom nuacht, bíodh sé maith nó olc, a fháil faoi na páistí nach bhfuil faoi mo chúram níos mó!


Thursday, December 16, 2010

Teachtaireacht ó Dhaidí na Nollag

Smaoineamh daoibh don Nollaig. Má tá páistí beaga agaibh sa bhaile atá ag fanacht go crua ar Santaí, tá seirbhís saor in aisce ag PNP (Portable North Pole) atá maith. Líonann tú isteach sonraí an pháiste agus faigheann siad ríomhphost agus teachtaireacht dheas ó Fhear na Feasóige. Fuair an triúr sa teach seo teachtaireachtaí ón Mhol Thuaidh inné agus bhí siad an-sásta go deo leo.
Ar an drochuair níl siad ar fáil i nGaeilge, ach fós féin is fiú é!

Seo an teachtaireacht a fuair Dan s'againne!

Saturday, December 11, 2010

Call Mother a Lonely Field


Léigh mé leabhar Liam Carson, 'Call Mother a Lonely Field' an tseachtain seo chuaigh thart. Seoid bheag de leabhar atá ann, gan ach 128 leathanach ann ach an oiread sin idir an dá chlúdach. Rinne Liam mo leabhar beag filíochta féin a sheoladh i mBéal Feirste coicís ó shin agus ba ann a thug sé cóip den leabhar domh. Tá an scéal i mo chloigeann ó shin agus beidh go ceann tamaill mhaith eile.
Leabhar galánta atá ann ar chóir d'éinne ar chás leo an Ghaeilge, stair shóisialta na tíre, coincheap na hoidhreachta agus grá clainne a léamh agus a athléamh. Fuair mé mé féin go minic i rith na seachtaine ag tarraingt an leabhair chugam le breathnú arís ar shleachta áirithe. Tá an prós ann soléite, nadúrtha agus ealaíonta, rud is neamhghnách i gcuid mhór saothar den tsórt. Cuimhní Cinn atá ann ina ndéanann Carson ceiliúradh ar fhís uaillmhianach a thuismitheoirí a thóg clann trí Ghaeilge i mBéal Feirste nuair nach raibh aon duine eile á dhéanamh. Déantar taiscéalaíocht neamhmhaoithneach ar chúrsaí féiniúlachta agus ar na haislingí dochloíte a mheallann is a choinníonn i gcarcair muid. Mholfainn go mór d'éinne é a léamh. Leabhrán é a bheireann misneach agus beathú don léitheoir!

Tuesday, December 7, 2010

Sláinte!

Bhí cúpla deoch againn sa teach anocht i ndiaidh do na páistí dhul a luí. Tá an buiséad le bheith ann amárach agus gach aon seans nach mbeidh fonn céiliúrtha orainn amárach. Tháinig an tsláinte seo isteach i mo chloigeann. Fuair mé é ó dhuine muinteartha liom traidhfil blianta ó shin. Chuala mé leagan de ó Phádraig Ua Maoileoin ó Chorca Dhuibhne fosta, tráth ar ghnách linn piontaí a ól i gcuideachta a chéile i mBaile Átha Cliath. Go ndeana Dia A mhaith air!
Is maith liom é a aithris ach is beag duine atá in ann ciall a bhaint as. Is lú arís an líon daoine atá ábalta é a rá go gasta gan focal a chailleadh agus cúpla pionta ar bord acu!

Ólaim do shláinte, a mhinic a thig
fá thuairim do shláinte, a mhinic nach dtig
'sé mo thrua go mór nach minic nach dtig
a thig chomh minic le minic a thig!