Friday, April 30, 2010

Clár an Leithris

Is cosúil go bhfuil sé i nadúr na mban na fir a choinneáil ina n-áit!
Go gairid i ndiaidh am suipéara inniu, tháinig bean bheag chrosta isteach sa tseomra suí chugainn:
"Cé chuir an clár ar an leithreas suas?"
"Níl fhios agam." - Ba léir nár chreid sí mé.
"B'fhéidir gur tusa a rinne é, Daidí." - Bhí mé i dtrioblóid anois!
"Cóir a bheith gur thit mé síos an leithreas!"

Bhí fonn mór gáire orm, ach chuir mé stad liom féin. Bhí cuma chomh crosta sin uirthi. Tá an aghaidh sin feicithe agam ar mhná roimhe seo, agus tá fhios agam nach é an gáire an freagra is fearr uirthi, mar aghaidh.

"Tá mé buartha, Margaret. Ní dhéanfaidh mé arís é!"

Wednesday, April 28, 2010

An Trí-atlan Mór!

Is breá liom Albain! Tá dúil mhór agam sna daoine agus sa tír.
Chaith muid an deireadh seachtaine i bPerth. Bhí mo chol ceathar ag pósadh ann agus bhain muid an dusta de na cláir go dtí go raibh sé geal ar maidin. An t-aon deacracht a bhí againn ná éirí maidin Dé Domhnaigh agus aghaidh a thabhairt ar Éirinn. Traein, eitleán, carr agus bád a thug abhaile muid agus faoin am gur bhain muid an teach amach, bhí naoi n-uaire go leith caite againn ag taisteal, rud nach bhfuil inmholta ar chloigeann tinn! Is cuid den tsaol é. Ní féidir pleisiúr a bheith agat gan íoc go daor as!
Ar scor ar bith, chuir an dua a bhí orainn ócáid mhór eile atá ag tarlú sa bhaile an deireadh seachtaine seo i gcuimhne domh. An chéad trí-atlan riamh a reactáladh in Árainn Mhór. Beidh lúthchleasaithe ó chuile chearn ag cruinniú ar an oileán an deireadh seachtaine beag seo agus is cosúil go bhfuil an lóistín ag éirí gann. Bhí suim agam i gcónaí sa rás áirithe sin. Deirtear go bhfuil sé ar cheann de na rásanna is deacra atá ann. Rith sé liom cúpla uair le bliain nó dhó anuas gur chóir domh féin triail a bhaint as, ach ní dhearna go fóill. Seans go mbeidh an deireadh seachtaine seo ina spreagadh domh tabhairt faoin dúshlán.
Rinne cara de mo chuid an físeán seo den chúrsa rothaíochta, má tharlaíonn éinne agaibh ar an oileán agus fonn rasaíochta oraibh. Fáilte roimh chách!



Má amharcann tú go cúramach tá mé féin le feiceáil san fhíseán seo, ag tiomáint in aghaidh an cheamara i mo Suzuki beag!

Tuesday, April 20, 2010

An rud is annamh...

Ag ól tae dúinn sa chistin i ndiaidh an dinnéara a bhí mé féin agus mo bhean mhaith tráthnóna. I mbun plé ar an bholcán san Íoslainn a bhí muid, óir tá sé beartaithe againn dul go hAlbain Dé hAoine. Tá mo chol ceathar ag pósadh ar an tSatharn agus tá ticéidí againn do eitilt ó Bhéal Feirste. Dar ndóigh, bhí an chuma ar an scéal nach mbeadh an t-eitleán ag tabhairt faoi na spéarthaí Dé hAoine ar chor ar bith agus bhí muid ag iarraidh socruthaithe báid a phlé.
Baineadh léim asam nuair a d'amharc mé thar ghualainn Suzanne agus amach an fhuinneog. Thuas ansin idir na scamaill, caidé a chonaic mé ach eitleán.


7.05 pm, ag taisteal soir thar Thuaisceart Dhún na nGall. Shílfeá gur ainmhí allúrach éigin i mbaol a dhíothaithe a bhí feicithe againn, bhí an oiread sin iontas agus gliondar orainn.

Cé go raibh áthais orainn an chomhartha ón spéir a fháil, níl muid cinnte go fóill cén fáth go raibh eitleán sa spéir ag a seacht a chlog. De réir nuacht RTE ní raibh an t-aerspás le foscailt arís go dtí a 9, agus ansin go ndéanfaí é de réir a chéile. Ceann de na mistéir bheaga a chuireann sú sa tsaol, is dócha!

Thursday, April 15, 2010

Tá mé béim amach!

Seo an cleas úr. Google Translate in úsáid sna scoileanna, agus is mór an tubaiste iad na torthaí!
Fuair mé aiste staire ó dhalta inné. Scoláire measartha lag atá ann agus ba léir láithreach ón leabharliosta ar chúl na haiste agus na fonótaí tagartha ag bun na leathanach, gur íoslódáil sé an t-ábhar ó áit inteacht ar an idirlíon. Chun rudaí a dhéanamh níos measa, áfach, chuir an leaid óg an t-iomlán isteach in Google Translate chun an leagan Gaeilge a sholáthar domhsa! Is ar éigean go raibh mé ábalta ciall ar bith a dhéanamh de.
Ní raibh sé ró-olc ag an tús:

"Eamon de Valera a bhí ar cheann de na daoine is tábhachtaí i stair na hÉireann."

Tús measartha maith, dar liom. Breá sothuigthe, cúpla deacracht comhréire, ach ní scrúdú Gaeilge é seo is scrúdú staire é! Lean mé orm ag léamh.

"Bhí sé ina uachtarán is faide atá ag freastal ar na Gaeilge."

Anois, bhí mé i bponc. Bhí deacrachtaí móra agam ciall a bhaint as an abairt sin, ach sa deireadh i ndiaidh rud beag taobhsmaointeoireachta, thuig mé gur "He was the longest serving Irish President" a bhí i gceist. Uchtach i mo chroí, thug mé iarraidh ar an chéad abairt eile.

"Bhí caidreamh leis na daoine a bhí strus Gaeilge go minic..."

B'éigean domh stad. Mo 'strus Gaeilge' ag cur as go mór domh. Go fóill, níl mé ábalta ciall dá laghad a bhaint as an abairt.
Nach aoibheann beatha an scoláire a bhfuil teacht aige ar an teicneolaíocht nua-aimseartha seo, nach trua na múinteoirí a chaithfeas am a chaitheamh ag iarraidh ciall a bhaint as... agus ba mhaith leo mo pháigh a ísliú arís!!!

Seo cúpla nath eile ón aiste. Aon duine ag iarraidh triail a bhaint as ciall a aimsiú?

"By 1910 i leith na Gaeilge neamhspleáchas fhástar go raibh an streachailt"

"Ina áit sin chaith sé é féin, chun an Conradh na Gaeilge. Chuaigh sé isteach in Óglaigh na Gaeilge."

Wednesday, April 14, 2010

Poll a' Mhadaidh

Poll a' Mhadaidh, Árainn Mhór

Tá ár gconspóid bheag féin - amhail Dingle/Daingean - ag dul ar aghaidh sa bhaile le bliain nó dhó anuas. Is é an logainm "Poll an Mhadaidh" atá ag cruthú plé agus díospóireacht le tamall anuas.Tá daoine áirithe ag maíomh gur chóir "Poll na mBádaí" a thabhairt air. Deir siad gur calafort a bhí ann riamh anall agus ceistíonn siad an "Madadh". Níl aon rud, dar leo, sa dinnseanchas a thagraíonn do Mhadadh. Is cosúil go bhfuil an argóint ag cruinniú nirt mar nuair a foilsíodh eolaí fóin áitiúil (uimhreacha an oileáin amháin) an bhliain seo chuaigh thart, ba é "Poll na mBádaí" a bhí luaite mar sheoladh ag daoine a bhí ina gcónaí ann.
Tá mise go hiomlán ar an taobh eile, caithfidh mé a rá. "Poll a' Mhadaidh" a deirtear sa chaint, Tá "Poll an Chait" in aice leis agus tá mé den bharúil láidir gur áit í ar ghnách madaí a bháitheadh. Creidim go bhfuil daoine áirithe ag aistriú an logainm go Béarla mar "The Dog's Hole" agus ag baint ciall 'tóin' as agus gur sin an rud is mó atá ag cur isteach orthu. Míthuigbheáil ar an fhocal 'poll' atá i gceist. Déanaim iarracht é sin a chur ar a súile dóibh ach níl maith a bheith leo.
Tá íogaireacht ag baint le logainmneacha. Cúpla bliain ó shin, vótáil an pobal in eastát tithíochta anseo i Leitir Ceanainn ar ainm an eastáit a athrú mar gur shíl siad go raibh drochainm faighte aige de thairbhe maistíneachta. Is dócha go bhfuil na tosca céanna ag obair nuair a chuirtear ainmneacha 'galánta' ar nós "Windemere Downs", "Elmwood Gardens" agus a léithéid ar eastáit tithíochta. Bréag-ghalántacht atá ann cinnte, ach is dócha go mbíonn daoine ag iarraidh rud beag sibhialtacht a bheith acu ina saol.
Ar scor ar bith, beidh mise ag baint úsáid as "Poll a' Mhadaidh" go deireadh mo shaoil. Thóg muid na páistí síos chuige ag an deireadh seachtaine agus bhain siad an-sult as an lá cois chladaigh sa ghrian. Nuair a bhí muid sa cheantar, bhuail muid isteach chuig teach mo chol ceathar agus rinne muid tamall maith airneáil ann. Cibé rud faoi ainm na háite, tá na daoine a chónaíonn ann lán craic agus croí! Mar a deir an t-amhrán:
"Beir scéala uaim go hÁrainn ionsar Mháire Fheidhlimidh Óig.
Go hard Pholl an Mhadaidh, áit a mbíonn an t-aos óg..."














Dan ag cuartú gliomach fá Pholl an Mhadaidh

Thursday, April 8, 2010

Saor sinn ón Séimhiú...

Chuir Denis mé ag smaoineamh ar an "séimhiú" damánta. Tá muidne iontach tógtha leis an tséimhiú sa taobh seo tíre. Má fhaighimid deis ar bith is maith linn é a chaitheamh isteach, ár gcuid abairtí a mhaisiú leo. Tá eisceacht ann áfach atá ag dó na geirbe orm la tamall beag.
Rinne mé trácht anseo cheana féin ar an leabhar "Ící Pící". Tá na páistí ag baint sult iontach as go fóill agus tá thart fá 7-8 de na hamhráin bheaga ar eolas de ghlanmheabhair acu faoin am seo. Tá amhrán amháin ann, áfach, atá ag cruthú conspóide sa teach: "An Teidí Tinn".
Seo an chéad líne de mar atá sé sa leabhar:

"A Mhamaí tá mo theidí tinn, mo theidí tinn, mo theidí tinn..."

Séimhiú i ndiaidh an fhocail 'mo' mar a bheifeá ag dréim leis... ach... Níl sé ann ar chor ar bith sa chaint. Fiú na páistí atá ag ceol ar an dlúthdhiosca a théann leis an leabhar is "A Mhamaí tá mo teidí tinn..." atá a rá acu.
Cé acu atá ceart? An sampla é seo de chanúnachas? An gcuirtear séimhiú isteach i gcaint na Mumhan nó i gcaint an Iarthair? An é gur focal iasachta atá ann - "teidí", gur Béarla ó thús é agus gurb é sin an fáth nach séimhítear sa chaint é? Más focal iasachta nach séimhítear sa chaint é, ar chóir é a shéimhiú sa scríobh?

Aon tuairimí?

Wednesday, April 7, 2010

Is é an Tiarna mo Sréadaí...

Bhí roinnt plé ar na cibearthonnaí seo againne le tamall anuas faoi théarmaíocht, béarlagair agus faoi scríbhneoireacht. Cad is Gaeilge mhaith ann, cad is drochGhaeilge ann? Chuir sé rud a ba ghnách le léachtóir de mo chuid ar an ollscoil a rá, i gcuimhne domh:

"Nuair a smaoinímid ar Bhéarla maith, samhlaímid Béarla an BhBC. Béarla soiléir a bhfuil tuigbheáil ag gach aon duine air; Nuair a bhímid ag caint ar Ghaeilge mhaith, samhlaímid seanbhean mhantach a chaith a saol fána cnoic agus a bhfuil caint chomh tiubh aici go bhfuil sé doiligh ar an strainséir í a thuigbheáil, deirimid go bhfuil Gaeilge mhaith den chéad scoth aici."

Bhí an ceart aige ar go leor bealaí agus is é sin an fáth - i mo thuairim bheag féin - nach léann muintir na Gaeltachta ábhar as Gaeilge. Tá claonadh ag gach aon phobal Gaeltachta lena chanúint nó lena fhochanúint féin. 'Sin an Ghaeilge cheart' a déarfadh siad. Níl cur suas acu leis an "Gaelic Úr" mar a deirtear fán cheantar seo nó (cuid mhór den am) Gaeilge ó cheantracha eile. [brathann seo cuid mhór ar an chainteoir dar ndóigh, ní bheadh an scéal amhlaidh i ngach aon chás]

Tharla tráthnóna go raibh mé i mo shuí go breá sócúlach os coinne na teilifíse ag coimhéad an chluiche mhóir idir Man Utd agus Bayern Munich nuair a tháinig toscaireacht isteach chugam ón chistin, áit a raibh díospóireacht teasaí ar siúl.
"Caidé an Ghaeilge ar shepherd?" (meastar - sa teaghlach - rud beag léinn a bheith orm i dtaobh na Gaeilge)
B'éigean domh mo fhreagra a thomhas go cúramach. Níor mhaith titim amach leis an duine contráilte sa teaghlach agus ní raibh mé cinnte cad iad na focail a bhí á moladh ag daoine áirithe.
Sa deireadh shocraigh mé ar an fhocal "Sréadaí"... leagan áitiúil den fhocal 'tréadaí'. Sin an rud is dúchasaí don cheantar seo, choinneodh sé na seandaoine sásta agus bhí mé measartha cinnte de go n-aithneofaí an focal mar "sheanGhaeilge mhaith". Nuair a bhí mo bhreithiúnas tugtha agam, thosaigh racán ag lucht an fhocail "Aoire". Duine amháin go speisialta láidir ag maíomh gurb é an focal ceart, salm 23 a lua aici mar thacaíocht. Múinteoir bunscoile atá inti, as Baile Átha Cliath ó dhúchas, agus tuigim cén fáth a mbeadh luí níos fearr aici leis an fhocal 'aoire'.
D'éalaigh mise ar ais go Old Trafford, ach chuala mé an chaint ón chistin. "Sure, bíonn seisean ag cumadh foclaí an chuid is mó den am..."

Saturday, April 3, 2010

Seanfhocal an Lae

"Am agus aimsir, bhéarfaidh siad an seilide go Iarúsailéim!"

Ná bímis ró-chua ar Iúdas!

Tharla mé ag méarú mo bhealaigh fríd na staisiúin teilifíse anocht agus tháinig mé trasna ar an scannán 'Jesus Christ Superstar', ceann de na ceoldrámaí is mó a tharraing mo dhúil fríd na blianta agus é feicithe agam go minic ar an ardán. Ní shílim go dtugann an scannán a cheart don cheoldráma é féin, ach sin ráite bhain mé sult as.
Thaitin an ceol go mór liom riamh, ach fosta thaitin an modh inste scéil go mór liom. Scéal an Chéasta inste trí shúile Iúdais. Caithfidh mé a admháil go raibh bá éigin agam do Iúdas - an duine is mó a shaothraigh míchlú dó féin i stair na Críostaíochta - riamh. Deir daoine áirithe gur ghníomhaí de chuid an Diabhail a bhí ann, ach ag an am chéanna ní fhéadfaí plean Dé a chur i gcrích gan é. Bí ag caint ar dhuine a bhí gaibhte idir dhá thine Bhealtaine!
Is maith liom an carachtar. Is maith liom an phraiticúlacht a bhaineann leis. Is maith liom an réalachas a bhaineann leis. Feicim mé fein ann go minic, duine gur mhaith leis creideamh gan ceistiú a bheith aige, duine nach dtuigeann an pictiúr mór. Tá daonnacht mhaith ag baint leis an charachtar agus ní chóir dúinn é a lochtú barraíocht - má dhéanaimid, is amhlaidh go bhfuil muid dár lochtú féin mar dhaoine.
Ceann de na línte is fearr liom uaidh (sa cheoldráma): "Your followers are blind, too much heaven on their mind..."
Nach maith a d'fhoirfeadh sin don chraic a bhí ar siúl san Eaglais, a chuir na deisceabail eile tús léi, le tamall anuas!

Thursday, April 1, 2010

Na Riabhaigh

Tarlaíonn sé corruair go mbíonn focal ann atá cloiste agam leis na blianta agus nuair a théim chuig an fhoclóir go mbíonn deacracht agam é a aimsiú. Tharla sin inniu i gcás "Na Riabhaigh". Níl fhios agam an bhfuil sé i gceart agam, seans gur "Na Ribigh" a ba cheart a bheith ann. Sin ráite, níl tugtha ag gearrfhoclóir Uí Dhónaill ach na focail 'riabhach' agus 'ribeach' mar aidiachtaí, ní mar ainmfhocail, seans nach ann (go hoifigiúil) don fhocal ar chor ar bith. Níl teacht agam anocht ar mhórfhoclóir Uí Dhónaill, Duinín nó na gnáthfhoinsí eile.
Ar scor ar bith, tá na Riabhaigh ann san am i láthair. Bhí m'uncail ag déanamh tagairt díobh inniu agus ba é a chur i gcuimhne domh iad. Na 'borrowings' a thugtar orthu, sílim, i mBéarla. Laethanta a ghoideann Mí an Mhárta ó Mhí Aibreáin. De réir an tseanchais, is cosúil go mbíonn troid idir an dá mhí mar gheall ar laethanta deireanacha Mhárta agus laethanta tosaigh Aibreáin - na Riabhaigh!
Is gnách go mbíonn drochaimsir ann ag an am seo den bhliain, fhad is a bhíonn an dá mhí i mbun comhraice. Dar ndóigh, bhí cuid den aimsir is measa dá bhfaca muid le tamall againn sa taobh seo tíre le lá nó dhó anuas. Bhí an fharraige ar mire glan agus daoine sa bhaile ag rá nach bhfaca siad aimsir farraige mar í le fada an lá. Sin an comhthéacs inar luadh na Riabhaigh anocht. Bítear ag súil le drochaimsir ag an am seo bliana ach bhí sí níos measa ná mar a bhíonn de ghnách i mbliana.
Bhfuil aon duine amuigh ansin ábalta cuidiú liom an litriú ceart a aimsiú? Tá mo chuid foinsí agus leabhair thagartha ar tír mór.