Friday, February 25, 2011

Bolgam Aintí Mary!

Is minic a chrochfaidh páistí thú!

Bhí muid uilig inár suí ag an tabla ag am dinnéara inniu. Tá nós agam féin cupa tae a ól agus is maith le Suzanne, mo bhean mhaith, caife a ól nuair a bhíonn an dinnéar caite. Is maith le Margaret agus Dan tae a ól, ach dá bhfaighfeadh sé an seans d'ólfadh Dan beag a sháith den chaife. Ar ndóigh, níl cead aige.
Bhí sé ag ceistiú riail seo an chaife tráthnóna.
"Ach ólann Mamaí caife."
"Ólann, ach tá Mamaí mór."
"An ólann girseachaí caife agus ólann gasúraí tae?"
"Mmm... bhuel cuid den am... "

Lean muid orainn ag míniú dó faoina daoine uilig a bhfuil aithne aige orthu a ólann tae.
"Caidé ólann Daidí?"
"Tae!"
"Caidé ólann Nana?"
"Tae!"
"Caidé ólann Uncail John?"
"Tae!" etc etc.
"Caidé ólann Aintí Mary?"
"Fíon!" a d'fhreagair an gasúr beag.

Ní mó ná sásta a bhí Aintí Mary nuair a fuair sí an scéal!

Wednesday, February 23, 2011

Manaplacht!


Shíl mé go mbainfeadh Dualtach spraoi as seo! Tá neart ama idir seo agus an Nollaig lena chur ar an mhargadh, cé go mbeidh leagan Fine-Gaelach / Lucht Oibreach de dhíth faoin am sin... is dócha!

Vóta a chaitheamh!

Sin é! Tá an vóta caite agam. An ndéanfaidh sé difear ar bith? Beag an seans!

An rud is fearr liom faoi lá na vótaí, ná bualadh le daoine eile ag an ionad vótála. Bíonn cineál de spion maith ar dhaoine, fonn cainte orthu, rud beag seanbhladar agus greann. Is maith liom próiséas na vótála, an páipéar a fháil i mo lámh, dul chuig an bhothán, na huimhreacha a scríobh. Tugaim uimhir do gach aon iarrathóir. An páipéar a fhilleadh agus a shá isteach sa bhocsa miotail. Is maith liom na deasghnátha a ghabhann leis mar vótáil.
Ní raibh mórán polaiteoirí taobh amuigh den ionad vótála ar maidin - ró-ghnoitheach ar tír mór, creidim, ach bhí na ceamaraí teilifíse ann. Rug bean TG4 greim orm is mé ar mo bhealach amach. Chuir sí ceisteanna orm i mBéarla agus i nGaeilge. Ní maith liom a bheith ag caint ar an teilifís mar sin, ag smaoineamh ar mo chosa. Tá rud beag cleachtadh agam ar thuairimí a chur in iúl trí mheán na scríbhneoireachta, ach aon uair a scríobhaim 100 - 150 focal, caithim uair nó uair go leith ag smaoineamh faoi, ag déanamh cinnte de go gcuirim mo thuairim in iúl go beacht snasta. Ní bhíonn an deis agat é sin a dhéanamh os comhair ceamara. Tá súil agam nach bhfuil ceap magaidh déanta agam díom féin! Ach arís, má tá, níorbh é sin an chéad uair domh a leithéid a dhéanamh!

Nihil sub sole novum!

Tá mé i mo shuí cois tine i ndiaidh lá measartha gnoitheach. Cé go raibh mé ar mo bhonnaí ó mhaidin, rinne mé pointe de an teilifís a chur ar siúl do dhíospóireacht na gceannairí. Cé nach bhfuil mórán dúile agam sa daonlathas, is breá liom an pholaitíocht a choimhéad mar chaitheamh aimsire. Bím ag amharc uirthi trí shúile an staraí, i gcónaí ag iarraidh í a chur i gcomhthéacs gach a chuaigh roimhe seo agus ag iarraidh anailís a dhéanamh ar mar a sheasann rudaí inniu. De réir mar a théann na blianta ar aghaidh áfach, tuigim gur fíorbheagán athrú a thig ar chúrsaí an tsaoil bhig seo!
Bhí mé ag déanamh go mbeadh an toghchán seo fíor-spéisiúil, go dtiocfadh smaointí agus aghaidheanna úra réabhlóideacha amach as, ach caithfidh mé a rá nár shíl mé mórán den fheachtas. Ní raibh a dhath ann a spreagfadh duine le hamharc ar an tsaol trí shúile úra. Fíorbheagán físe léirithe ag na polaiteoirí! Níor spreag aon duine acu mé le vóta a chaitheamh ar a s(h)on. Ar an drochuair, níor chuidigh clár na hoíche anocht liom m'intinn a shocrú. Tá vóta le caitheamh agam amárach agus fós féin, níl a fhios agam cé a gheobhaidh an uimhir mhór nó an uimhir bheag uaim.
Bhí cúpla ceist náisiúnta agus cúpla ceist loganta ag dó na geirbe orm le tamall agus bhí mé ag fanacht le cuairt nó dhó ó dhuine nó beirt den aos polaitiúil teacht chuig mo dhoras le go gcuirfinn faoina mbráid iad. Níor tháinig aon duine i mo chomhair, cé go dtáinig cúpla bróiséar ildaite frid an bhocsa poist! Ar eagla na míthuigbheála, ní ag cuartú gair, gealltanas ná freagraí a bhím ó na polaiteoirí. Cuirim ceisteanna orthu le tomhais cén sórt daoine iad, cé chomh cliste is atá siad, cé chomh maith is atá siad ábalta a n-argóintí a chur trasna, cén sórt paisean a léiríonn siad. Tharla sé uair nó dhó go dtug mé vóta do dhuine - nach raibh aon mheas agam ar a chuid polasaithe ná ar a pháirtí - bunaithe ar an chomhrá a bhí agam leis ar an tairseach! Sin an rud a bhí in easnamh le mí anuas. Domhsa, bhí na díospóireachtaí leadránach, na ceannairí ró-shnasta ag comhairleoirí poiblíochta etc etc.
Bhí nós agam fad ó shin, vóta a chaitheamh i dtreo an duine nach raibh seans ar bith aige a bheith tofa. Seans go ndéanfaidh mé amhlaidh arís amárach!

Polaitíocht an Mheánoirthir agus na hAfraice faoi láthair - anois sin ábhar a thugann cúis mhachnaimh don staraí ionam. Cuireann sé 1848 i gcuimhne domh!

Tuesday, February 15, 2011

Luchógaí Shráid Downing!

Is cosúil go bhfuil fadhb acu i Sráid Downing le luchógaí móra.



Tá sé ar intinn agam mála beag de chréafóg Thoraí a sheoladh chuig Daithí Ó Camarúin agus a chuideachta. Is iontach an stuif uilig é!
Fuair mise mo mhála thart ar 10 mbliana ó shin ó Phádraig Ó Dúchaoin ar Oileán Thoraí. De réir an tseanchais, leag Colm Cille cúram ar mhuintir Uí Dhúchaoin créafóg a thógáil ón tseanmhainistir ar an oileán agus é a roinnt ar cibé duine a thiocfadh á iarraidh. Bhí duine amháin de mhuintir Uí Dhúchaoin ó shin i leith a raibh sé de chúram aige an obair sin a dhéanamh.
Coinníonn sé luchógaí móra ar shiúl. Leag mise é ar an bhunsráith sa teach atá againn i Leitir Ceanainn nuair a bhí sé á thógáil agus rinne mé amhlaidh bliain nó dhó ó shin in Árainn Mhór nuair a bhí an teach sin á thógáil. Ní raibh fadhb againn riamh leis na luchógaí.
Níl fhios agam cén fháilte a bheadh ag MI5 leis? Seans go mbeidh siad ag caitheamh amhrais ar an chréafóg dhubh a rá gur ó sceimhlitheoirí nó antoiscigh a tháinig sé. Bíodh acu. Mar a dúirt Ó Dúchaoin liom nuair a thóg sé mé chuig an mhainistir leis an chréafóg a thógáil. 'Muna bhfuil creideamh taobh thiar de, ní oibreoidh sé!'
Sin ráite, seans go bhfuil creideamh níos láidre acu fá Shráid Downing na laetha seo ná mar atá ar Oileán na Naomh!

Wednesday, February 2, 2011

Jóc salach!

Bhí Cití i ndiaidh a bheith amuigh ag siúl ó mhaidin. Í costarnocht, rinne sí a bealach ó Ghaoth Dobhair go hAonach an Chlocháin Léith beart stocaí ar a droim léi le díol, í ag spágáil fríd an tsneachta i rith an lae. Bhí sé doiligh beatha a thabhairt i dtír na laethanta sin ach ní raibh a athrach saoil ann do mhná na háite.
Bhí sé ag dul ó sholas nuair a phill sí ar an bhaile agus cé casadh uirthi amuigh ag beathú na gcearc ach Peigí.
"Áiriú, a Chití, tá tú conáilte. Come in an' warm yir feet."
"Maise, 'Pheigí, ní mo phit atá ag cur isteach orm ar chor ar bith ach mo chosa!"

Boom boom!

Tuesday, February 1, 2011

Bratach Bhríde Orainn!

Bhí oíche phléisiúrtha againn anocht. Chruinnigh na comharsana isteach agus rinne muid na crosóga. Tá an oíche seo ar cheann de na hoícheanta is fearr liom sa bhliain. Bhí na páistí ag cur suime i ndéanamh na gcrosóg anocht den chéad uair, iad mór go leor leis na feagacha a lúbadh. Ceann ciotach déanta ag Margaret agus ceann a raibh tarrtháil mhór de dhíth air déanta ag Dan.
Ar ndóigh cuid den oíche i dtigh s'againne is é an comhrá agus airnéal, rud a d'fhág na páistí mall ag dul a luí. Óladh cúpla deoch agus, cé nach ndearna muid brúitín ar bith i mbliana, itheadh ár sáith.
Tá an tEarrach linn a chairde, agus beidh na laethanta ag dul chun síneadh. Bhí mé ag éisteacht le daoine ag caint faoi choiscéimeanna coiligh le cúpla seachtain anuas, beidh siad le feiceáil i gceart feasta!
Tá na crosóga crochta, an bhratach fágtha amuigh agus é in am soip, ach fágfaidh mé sibh le paidir na féile:
"Gabhaigí ar bhur nglúine,
fosclaigí bhur súile
agus ligigí isteach Bríd bheannaithe!"