Friday, May 29, 2009

Anois teacht an tSamhraidh!

Tagtha faoi dheireadh, an lá deireanach scoile. 
Ná smaointigh anois go bhfuil mé chun sibh a bhodhrú faoin saol crua atá ag múinteoirí, níl. Tá saol oibre breá agamsa. Is breá liom mo phost, tá an pháighe go measartha maith - go fóillín, tá mé ag obair i scoil mhaith, réitím go maith le mo chomhmhúinteoirí agus le mo chuid daltaí, is breá liom na dúshláin a bhaineann le múinteoireacht, mothaím go bhfuil difear de chinéal inteacht á dhéanamh agam, agus tá Meitheamh, Iúil agus Lúnasa agam!
Tá mo chuid dea-rúin uilig go léir, a bhí curtha ar an mhéar fhada le tamall, le comhlíonadh sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn: garraíodóireacht, am a chaitheamh leis na páistí, bainistiú a dhéanamh ar obair thógála agus tabhairt faoin scríbhneoireacht, ach anocht... sos, cosa in airde, scíste!
Tá mé ag obair ar thrí leabhar san am i láthair. Tá ceann cóir a bheith críochnaithe agam, tá mé leathbhealaigh fríd úrscéal, agus tá leabhar beag do pháistí díreach tosaithe agam. Bainim an-sult as an scríbhneoireacht. Beireann sé deis domh éalú ar feadh tamaill bhig isteach i saol na samhlaíochta. (Deir Suzanne gur ansin a mhairim an chuid is mó den am - ach sin scéal eile!) 
Cá bhfaighim an t-am? De ghnáth idir 10.30 in agus 1.00 rn. Níl iontas tuirseach a bheith orm de shíor. Is mé a bhí ag fanacht ar Mheitheamh le fada chun go mbeadh an t-am agam barrslacht a chur ar na scéalta atá idir lámha agam.
Níl dearmad déanta agam ar an ghealltanas a rinne mé liom féin, am maith fiúntach a chaitheamh leis na páistí. Is é an rud aisteach faoi, áfach, nó go mbíonn siad ina gcuidiú domh i gcónaí. Bunaím carachtair orthu, bainim úsáid as a gcuid cluichí, cainte agus pearsantactaí. Tá siad mar bhéithe domh. Ní bhím a choíche gan ábhar machnaimh agus iad i mo chuideachta. Tig an scríbhneoireacht chugam i bhfad níos réidhe i ndiaidh domh am a chaitheamh leo.
Tá mé ag súil go mór leis an samhradh seo romhainn...

Thursday, May 28, 2009

An Tarracóir Gorm!

Tá beirt leaid óg ina gcónaí in aice linn anseo i Leitir Ceanainn. Polannaigh atá iontu atá ar thuairim na haoise céanna le Margaret agus Dan. Leis an aimsir mhaith a bhí againn le cúpla seachtain anuas, bíonn siad amuigh ag súgradh os comhair na dtithe sa chlós ina bhfuil muid inár gcónaí.
Le mí anuas, tá muid ag tabhairt cead do Mhargaret agus Dan dul amach ansin fosta. Tá sé measartha sábháilte, níl ach cúpla teach ann, ní bhíonn mórán carranna ag teacht agus ag imeacht, agus bíonn neart páistí thart ag súgradh. Tá fhios ag achan duine atá ina gcónaí anseo go mbíonn siad amuigh agus tiománann siad iontach cúramach.
Níl Béarla ar bith ag na Polannaigh agus dar ndóigh níl Polannais ar bith ag páistí s'againne. Bhí siad amuigh ansin tráthnóna inniu agus iad ag súgradh lena chéile gan fadhb ar bith. Bhí an chuma orthu go raibh siad ag baint an-chraic as a chéile - ar na rothair bheaga, ag léimnigh thart, ag malartú bréagán, ag reathaidh i ndiaidh a chéile.
Is beag feidhm atá ag teangacha, corruair. Uaireanta eile is iad na rudaí is tábhachtaí ar domhan iad. Thig linn daoine a mholadh leo ach fosta thig linn iad a ghortú. Is rud an-pholaitiúil é an teanga a labhraíonn muid agus uaireanta an teanga nach labhraíonn muid - go minic, bíonn i bhfad níos mó i gceist ná cumarsáid. 
Bheadh sé ar an rud ab' fhusa ar domhan domhsa an Béarla a labhairt sa chlann, sheachnóinn an iliomad deacrachtaí, domhsa agus b'fhéidir do mo pháistí, ach ní sin an rogha atá déanta agam. Tá rogha déanta agam do mo pháistí mar ba mhaith liom go mbeadh tuigbheáil agus ceangal ní b'fhearr acu lena ndúchas agus lena n-oidhreacht. Tá ráiteas polaitiúil á dhéanamh agam ar shlí, ráiteas faoina náisiúntacht, ráiteas in éadan an homaiginithe, b'fhéidir. Seans gur ráiteas frith-Shasanach atá ann! An bhfuil sé de cheart agam ráitis den chinéal a dhéanamh ar a son-sa? Níl fhios agam. Tá sé á dhéanamh agam cibé ar bith!
Is trua go gcaithfidh an oiread sin 'bagáiste' a bheith bainteach le teangacha. Is trua nach dtig linn glacadh leo mar bhealach cumarsáide amháin agus an pholaitíocht a bhaineann leo a fhágáil ar leataobh. Smaoiním arís ar an cheathrar acu amuigh ag súgradh tráthnóna, an gáire agus craic a bhí acu beag beann ar aincheisteanna an tsaoil. Ní raibh de pholaitíocht acu ach cé a bhí chun gabh a fháil ar an tarracóir gorm, agus shocraigh siad an fhadhb sin gan teanga ar bith a úsáid! 

Wednesday, May 27, 2009

Dán do Chara

Tá cúpla dán a scríobh mé do na páistí, curtha in airde agam anseo le seachtainí anuas, ach ní raibh aon cheann ann don iníon is óige agam, Cara. Níor mhaith liom í a fhágáil amach. Seo chugat é, a chroí:


Babaí Úr


Níl aon chur síos ort, a rún!

Mar ghealach don deoraí thú

ag lonrú os mo chomhair,

bhéarfá amharc don dall

croí don chloch

a mhuirnín óig an ghnaoi.

 

Buaileann cuisle ceoil ionat

tá aingle ag rince fá do chosa

le hachan anáil uait

tig dóchas mór agus grá,

is tú an deilf ag léimnigh

tráthnóna lán mara.

 

A ríon na gileachta

bheireann do chuideachta

beatha agus brí dúinn

gan tú ach seachtainí d’aois

soilsíonn do chuid suáilcí

mar lóchrann romhainn.

 

Samhlaím anois thú

i lár pháirc mhór an tsaoil

gaoth an Earraigh ag séideadh

trí dhuail do ghruaige míne

ag bailiú bláthanna

le bronnadh ar an domhan.





















Cara Bheag


Tuesday, May 26, 2009

Oíche na nDuaiseanna

Bhí mé ag oíche bhronnta duaiseanna na scoile anocht. Ócáid phleisiúrtha atá ann, seans chun amharc siar ar obair na bliana, comhghairdeas a dhéanamh le daoine a d'oibrigh go crua agus aitheantas a thabhairt do dhaoine a bhfuil sé tuilte go maith acu.
Bíonn taispeántas beag ag an deireadh i gcónaí. Taipeántas powerpoint le ceol bunaithe ar an séú bliain. Faighimid pictiúirí díofa agus iad ina bpáistí beaga, ar an bhunscoil agus iad ag dul fríd an mheánscoil. Bíonn sé an-ghreannmhar de ghnách agus baineann achan duine sult mór as.
Bhí mé ansin anocht ag amharc ar na pictiúirí agus ag smaoineamh ar na tuismitheoirí a bhí i láthair san amharclann. Caithfidh sé go bhfuil sé iontach tochtmhar orthu a bheith ag smaoineamh siar ar na hamanna sin nuair a bhí a gcuid páistí chomh beag, bídeach soineanta sin agus ag amharc orthu anois ina ndaoine fásta réidh le tabhairt faoin Ardteist fá cheann seachtaine agus an saol mór fá cheann cúpla mí eile.
Bímid chomh gnóitheach corruair le hobair, le timireacht, le béilí agus le glanadh nach nglacann muid an cúpla bomaite sin i rith an lae go díreach chun sult a bhaint as ár bpáistí. Tá fhios agam gur sin mar a bhíonn sé i dtigh s'againne.
Tá laethanta saoire an tsamhraidh ag teacht - nach méanar dúinn mar mhúinteoirí - agus tá mé chun margadh a dhéanamh liom féin, dhá uair ar a laghad gach lá i rith an tsamhraidh a chaitheamh ag súgradh leis na páistí, mo chuid oibre féin a fhágáil ar leataobh agus an t-am a chaitheamh ina gcuideachta.
Is gairid go mbeidh mé ag seoladh a gcuid pictiúirí féin chun na scoile le go ndéanfaí taispeántas díobh, níl mé ag iarraidh danaid a bheith orm nuair a thiocfas an lá!

Monday, May 25, 2009

Cabin Fever

Deir daoine go bhfuil muid craiceáilte a bheith ag iarraidh bogadh chun an bhaile. Tá sé ceart go leor a bheith istigh i rith an tsamhraidh agus i rith na laethanta saoire, ach tá geimhreadh iontach fada ann agus ní bheidh mórán le déanamh.
Níor ghlac mé riamh leis an argóint sin. Tá fhios agam go mbeadh srian de chinéal inteacht orainn ach ní fheicim cén dóigh go dtiocfadh leis a bheith níos measa ná an saol atá againn faoi láthair. Ní théann muid amach ach go hannamh, is fada ó bhí muid ag an phictiúrlann nó an amharclann, ní cuimhin liom an deireadh seachtaine deireanach a chaith mé ar na cláraí.
Ach ar an laghad, bíonn an rogha agat na rudaí sin a dhéanamh agus tú i do chónaí ar tír mór. Bíonn is dócha, ach go praiticiúil, ní bhíonn. Tá triúr páiste againn faoi aois a trí! Fiú dá bhfaighimid duine le haire a thabhairt dóibh ar feadh cúpla uair san oíche, tá an mhaidin ann - Ó, an mhaidin sin, tig sé ró-ghasta i dtólamh, agus ní maith an rud é a bheith i do shuí ag a seacht a chlog chun aghaidh a thabhairt ar shaol na gclúidíní agus cloigeann tiubh ort! Ní fiú é!
Tá ár dteach cóir a bheith tógtha againn. Táthar ag plástráil an taobh istigh anois, agus tá súil acu an obair a bheith réidh acu fá dheireadh an tsamhraidh. Nach muidne atá ag súil leis an lá mór. Spás dár gcuid féin in áit a bheith i gcónaí ag fanacht le tuismitheoirí. Tá an teach a thógáil ar shlios cnoic agus tá acraí fairsinge ann do na páistí le bheith ag reathaidh fríd an fhraoch.
Éireoidh tú aisteach, a deir siad liom, cineál de Cabin Fever a thiocfas ort. Beidh tú ag troid le hachan duine roimh i bhfad. Seans go bhfuil an ceart acu, agus má bhím níl neart air.
Tchítear domhsa go mbeidh i bhfad níos mó buntaistí le bheith i mo chónaí sa bhaile, go háirithe ó cuireadh tús le seirbhís farrantóireachta luath ar maidin. Thiocfadh liom leanstan ar aghaidh ag obair i Leitir Ceanainn agus na hoícheanta a chaitheamh sa bhaile. Beidh na páistí i measc a gcuid daoine muinteartha, neart col ceathracha, aintíní, uncailí etc thart agus daoine a labhróidh Gaeilge leo. Níl Arainn Mhór ar an Ghaeltacht is láidre sa tír agus tá ionsaithe á dheanamh ar an Ghaeilge ó thaobh na dtaobhann ann ach labhrann achan duine Gaeilge le páistí. Is rud aisteach é le feiceáil. Daoine fásta a labharfadh Béarla lena chéile ach Gaeilge amháin le páistí a chéile.
Ar scor ar bith, b'fhéidir nach mbeidh an t-Oileánach seo chomh 'tréigthe' sna blianta amach romhainn, a fhad is atá mé ábalta na rudaí oileánacha sin a choinneáil ar shiúl...
... nach iontach mar atá an focal céanna ar 'islander' agus 'insular' sa Ghaeilge. Is cosúil nach bhfuil sé sa chinniúint dúinn saol neamhachrannach a bheith againn!

Friday, May 22, 2009

Dán do Dan

Bhí mé ag smaoineamh go dtearn mé cuid mhór cainte faoi Mhargaret le tamall anuas, níor mhaith liom dearmad a dhéanamh de na páistí eile atá faoi chreataí an tí agam. Seo dán beag do Dan, mar sin. Beidh ceann do Chara ann roimh i bhfad.

Gormánach



Istigh ar na hoitreacha,

Gormánach!

Tchím anois a ghaosán gobach

ag cuartú an deargán in eangach.

Tá fhios a ghnóithe anois ag an ógrón

tá sé réidh le briseadh amach

is dúshlán an iascaire a thabhairt.



Istigh san uisce,

Gasúr!

Scáile an ghormánaigh úd ina shúile

a chraiceann úr mar chosaint dó,

tá sé réidh le briseadh amach

agus a bhealach a aimsiú

fríd eangacha an tsaoil.


Istigh ar an duirling,

Athair!

Feiceann sé anois an gasúr

agus an gormánach ag súgradh

a gcoirp mar aonchorp amháin

i mbriseadh cúir na farraige

iad ag imeacht uaidh, ag imeacht.



Istigh ina chroí,

Cumha!

Thursday, May 21, 2009

Saor sinn ó Pholaiteoirí!

Tá muid cráite le cúpla seachtain anuas ag polaiteoirí ag teacht chuig an  doras. Tig siad i gcónaí idir 6 agus 9 a chlog, an t-am is measa do thuismitheoirí a bhfuil páistí an-óg acu. Tá dinnéar le hullmhú agus le hithe, folcadáin le glacadh, fiacla le scuabadh, buidéil le déanamh, clúidíní le hathrú, pitseamaí le cur orthu, paidreacha le rá, scéalta le léamh agus sa deireadh páistí tuirseacha le cur a luí. 
Tá sé doiligh go leor seo a dhéanamh gan a bheith ag dul chuig an doras trí nó ceithre huaire i rith an tráthnóna chun éisteacht leis an ráiméis chéanna ó pholaiteoir i ndiaidh polaiteora eile. Is duine measartha stóchúil mé agus de ghnáth cuirim suas leis go foighneach  - níos lú ama le caitheamh i bPurgadóir agam, a deirim liom féin - is déanaim iarracht fáil réidh leo chomh gasta is a thig liom.
Briseadh ar mo fhoighne go hiomlán an lá faoi dheireadh, áfach, nuair a tháinig polaiteoir a bhí ag rith mar iarrthóir neamhspléach do Chomhairle Bhaile Leitir Ceanainn chuig an doras. Gheall sé níos mó gardaí ar na sráideanna i Leitir Ceanainn dá bhfaighfeadh sé isteach. B'fhéidir nach bhfuil mise ag tabhairt a cheart dó, agus go bhfuil plean iontach ag an iarrthóir neamhspléach áitiúil seo chun dul i bhfeidhm ar Choimisinéir na nGardaí agus ar an Aire Dlí agus Cirt, acmhainní a thógáil ar shiúl ó Fhionnghlas agus Luimneach in aimsir seo na gciorruithe, agus iad a chur ar shráideanna an bhaile seo - agus má tá mé contráilte ina thaobh, bhéarfaidh mé vóta fá chroí mhór mhaith dó go deireadh mo chuid laethanta - ach ar chúis éigin, níor chreid mé é.
Choinnigh mé mo stuaim fada go leor leis an doras a dhruid go bogchiúin ina dhiaidh, ach b'éigean do
 Suzanne bhocht cluas a thabhairt do mo racht. Caithfidh sé, a dúirt mé léi, go bhfuil dóigh inteacht ann chun iad a choinneáil ar shiúl. 
Ansin, tháinig mé ar phlean. Chroch mé fógra ar an fhuinneog taobh an dorais ag iarraidh ar pholaiteoirí gan Gaeilge fanacht ar shiúl. Bhfuil fhios agat... tá sé ag obair. Bhí tráthnóna ciúin againn. Beidh le feiceáil caidé mar a oibríonn sé sna laethanta amach romhainn.


Wednesday, May 20, 2009

Tá Béarla iontach maith agam.

Cúpla lá ó shin, bhí mé féin agus Margaret amuigh sa ghairdín. Is bean bheag chainteach í Margaret agus bhí sí ag caint mar a bheadh polaiteoir ar eacstais ann. Ní raibh ach leathchluas agam dá comhrá.
Tugaim faoi deara go mbíonn sí ag iarraidh mé a shású go minic. Sású sa dóigh is go dtarraingíonn sí an comhrá i gcónaí ar rudaí dearfacha atá déanta aici, á dhéanamh aici agus a dhéanfaidh sí. Níonn sí beag is fiú, dar ndóigh, de na rudaí a chuirfeadh corraí, fearg nó imní orm - nach furast atá siad ábalta muid a léamh?
Bhí muid ag súgradh linn agus ansin gan coinne dúirt sí, cuma an-dáiríre ar a haghaidh bheag: "Daidí, ní bheidh mise ag caint Béarla!" An cloigeann beag ag sméideadh suas agus anuas, na málaí ardaithe os cionn súile móra. Dá mba dhuine í a bhí ag bualadh ar do dhoras, cheannófá árachas uaithi gan stró nó chaithfeá vóta nó dhó ina treo. Thig léi a bheith iontach údarasach.
Rinne mé gáire bheag léi, ach d'fhan an rud a dúirt sí i mo chloigeann. Cad as a tháinig an ráiteas mór seo uaithi? Níor mhaith liom go sílfeadh sí go raibh a dhath ar bith contráilte le bheith ag caint Béarla. Chuir mé ceist uirthi cé d'iarr uirthi gan a bheith ag caint Béarla. Ní raibh moill uirthi freagra a thabhairt orm. Aintí dá cuid a bhí ann. Chaith sí cúpla lá ar laethanta saoire i Sligeach an tseachtain seo chuaigh thart agus níl mórán Gaeilge ag na col ceathracha thíos ansin. Bheadh sé intuigthe go maith Béarla a bheith in úsáid aici. Mhínigh mé láithreach di go raibh sé ceart go leor a bheith ag caint Béarla, nach raibh a dhath ar bith contráilte leis.
Creidim féin gurb é sin ceann de na fáthanna is mó a thiontaíonn daoine óga in éadan na Gaeilge, mar go mothaíonn siad go bhfuil brú orthu Gaeilge a labhairt agus go bhfuil duine/daoine ag iarraidh iad a scaradh amach ó dhomhan mór an Bhéarla. Saol, bímis ionraic fá dtaobh de, atá tarraingteach dóibh.
Níl sé sláintiúil iad a bheith ag smaointiú gur drochrud é an Béarla nuair atá Béarla thart orthu. Scarfadh sin páistí óga amach ó dhaoine eile. Seans go gcreidfeadh siad go raibh siad ar dhóigh inteacht níos fearr ná na daoine thart orthu, nó go raibh Béarlóirí contráilte ar dhóigh éigin. Cibé deacrachtaí a bheadh le sin sa ghearrthréimhse, tuigeann muid uilig go dtig an t-am go gasta nuair nach mbíonn páistí ag iarraidh a bheith difriúil ar chor ar bith óna daoine óga thart orthu.
Má tá an coincheap sin go dtig le teangacha a bheith níos fearr nó níos measa ná a chéile greamaithe ina n-intinn rachaidh siad le teanga an tromlaigh agus tabharfaidh siad bata agus bóthar don teanga eile. Má thig leo a bheith compordach a bheith ag labhairt Béarla le lucht an Bhéarla agus Gaeilge le lucht na Gaeilge, is lú an seans go dtabharfaidh siad droim láimhe don Ghaeilge lá níos faide anonn ... tá súil agam!
Ar scor ar bith, chuaigh muid ag spaisteoireacht inniu, go díreach thart fán pháirc mhór atá os coinne an tí, agus thosaigh sí ag comhrá ar an ábhar arís gan coinne nó spreagadh uaimse:

"Daidí, tá Béarla iontach maith agam."
"Tá sin iontach, Margaret, sin iontach maith!"

Tuesday, May 12, 2009

An Focal Mór

Tháinig Margaret isteach an lá faoi dheireadh agus bhí an focal mór aici. Rinne muid iarracht neamhiontas a dhéanamh de ach d'amharc mé féin agus Suzanne ar a chéile agus bhí sé deacair gan gáire de chineal inteacht a dhéanamh. Bhí sí á cheol mar a bheadh rann ann. Caidé a thig leat a dhéanamh i gcás mar sin?
Tá fuath agam ar chaint ghraosta a chluinstin ó pháistí agus ó dhaoine óga. Bhí m'athair féin an-dian ar chaint den chinéal sin nuair a bhí muidne óg agus tuigim dó. Tá daoine ann gur chuma leo. Na focail mhóra in úsáid go fras is go fairsing ag na tuismitheoirí os comhair a gcuid páistí, ach ní maith liom é. Sílim go dtugann sé ar shiúl cuid de shoineantacht agus galántacht an óige. Beidh siad mór roimh i bhfad agus beidh orthu aghaidh a thabhairt ar shaol atá míofar go maith in amanna. Sílim gur chóir iad a chosaint ón ghránnacht sin chomh fada is a thig linn.
Tá sé deacair sin a dhéanamh. Tá sé acu ar an teilifís, tá sé acu amuigh ar an tsráid, óna gcairde agus óna daoine fásta thart orthu. Tá aintín ag Margaret a bhíonn de shíor ag iarraidh na mionnaí móra a theagasc di, díreach chun cur isteach ormsa - don chraic, mar dhea! Caidé a thig liom a dhéanamh? An ag snámh in aghaidh easa atá mé?
De ghnáth, déanaim neamhiontas den chaint ghraosta nuair a chluinim ó na páistí í. Cuireann sé isteach orm ach ní bhím ag iarraidh aird a tharraingt uirthi. Bím ag súil leis go ndéanfaidh siad dearmad di agus nach mbainfidh siad úsáid asti arís go háirithe nuair a bhíonn Graindea ar cuairt nó nuair a bhímid ag an aifreann.
B'fhéidir gur chóir domh a bheith ag teagasc na mionnaí móra gaelacha di: "Scread mhaidne ort", "Marbh Aindí ort", "Crochadh ard lá gaoithe ort", "Tórramh portáin go raibh i do dhiaidh" agus na cinn eile - tá siad níos fileata ar dhóigh agus níl siad leath chomh gairsiúil. Ar a laghad ní bheinnse náirithe os comhair phobal gallda Leitir Ceanainn dá ligfeadh sí sráith mallachtaí Gaeilge uaithi i rith an aifrinn...

Tuilleadh Rann

Chuir mé cúpla rann in airde anseo tamall ó shin. Seo cuid eile a thiocfadh le tuismitheoir a úsáid le páiste. Cuid díofa is aistriúcháin iad, cé nach bhfuil fhios agam beo nó marbh cé d'aistrigh iad, cuid eile, déarfainn go bhfuil siad níos dúchasaí.

Cá raibh tú ó mhaidin,
a mhadadh bheag dhonn?
Thíos ar an fharraige
ar bharr na dtonn.
Raibh bád ar an fharraige
a mhadadh bheag dhonn?
Bhí bad ar an fharraige
agus seol ar a chrann!

(Tá fhios agam go bhfuil fadhbanna leis an ghairmeach ansin, ach sin mar a d'fhoghlaim mise é!)

Thart is thart an gairdín
cosúil le Teddy Bear
Aon chéim
Dhá chéim
agus cigilt istigh anseo!

Bualadh bos, bualadh bos
Daidí teacht 'na bhaile
milseáin ina phóca
fá choinne bábaí beag féin.

Dónal na Gealaí, cá raibh tú anocht?
Thug mé cuairt ar an tseanbhean bhocht.
Dónal na Gealaí, cá raibh tú aréir?
I mo chodladh go suanach thuas sa spéir!

Wednesday, May 6, 2009

Go raibh tú sona anocht, a Jessica!

Bhí mé ag aifreann cuimhniúcháin tráthnóna. Iarscoláire de mo chuid, Jessica, a fuair bás an mhí seo chuaigh thart. Níor chaith an ghirseach bhocht ach dhá bhliain is fiche ar an tsaol seo. Meiningíteas a thug a bás. Ba ócáid tragóideach agus truamhéileach í. 
Phreab mo pháistí féin isteach i m'intinn go minic i rith an aifrinn. Caidé mar a thiocfadh liom deileáil leis dá dtarlódh a dhath dóibh? Rinne mé tréaniarracht an smaoineamh scáfar sin a chur amach as m'intinn ach bhí sé deacair. Tá mo shaol athraithe ó bhun le trí bliana anuas acu. Níl aon dabht ann ach go bhfuil obair chrua i gceist le páistí a thógáil is go mbím tuirseach de shíor, ach ar ór na cruinne ní rachainn siar. Níl a fhios agam cén dóigh a rachainn ar aghaidh gan iad.
Labhair mé le máthair Jessica i ndiaidh an aifrinn. Labhair sí liom faoina hiníon. Thosaigh sí ag tochailt cuimhní. D'inis sí domh faoi dhialann de chuid Jessica a fuair sí, go raibh mé luaite ann, go ndeachaigh mé i bhfeidhm ar an chailín óg ar dhóigh dhearfach inteacht. Chonacthas domh go raibh sí ag iarraidh labhairt faoina hiníon ach go raibh sé doiligh uirthi. Bhí sí ag iarraidh a bheith láidir ach ba léir nach raibh sí i bhfad ar shiúl ón chaoineadh fhras. Bean mhisniúil chróga bhriste atá inti.
Cén fáth nach bhfuil focal againn do thuismitheoir a bhfuil páiste caillte acu? Tá an focal 'dílleachta' againn don pháiste a chaill tuismitheoir, tá 'baintreach' againn don duine a chaileann céile, ach níl aon fhocal (go bhfios domhsa) ann fá choinne tuismitheoir a bhfuil mac nó iníon caillte acu - i mBéarla nó i nGaeilge. Seans go bhféadfadh saineolaí inteacht mé a cheartú anseo, ach ní heol domh aon fhocal a bheith ann. 
Cén fáth? An tabú é? An rud é nach mbímid ag iarraidh labhairt faoi, rud gur mhaith linn a sheachaint. Tá cumhacht ag focail. Tugann siad brí agus míniú do rudaí. Cuireann muid smacht ar rudaí tríd iad a ainmniú agus a rangú. Is féidir iad a phlé agus iarracht a dhéanamh iad a thuigbheáil nuair atá téarma againn dóibh. Seans nach mbímid ag iarraidh a bheith ag smaoineamh ar bhásanna anabaí agus gur sin an fáth nár cumadh focal riamh don choincheap úd, níl a fhios agam!

Thug mé barróg a bhí rud beag níos dlúithe agus póg a bhí rud beag níos míne do na páistí sula ndeachaigh siad a luí anocht. 

Tuesday, May 5, 2009

Paidir roimh dhul a luí

Chuir mé na páistí a luí tamall beag ó shin. Deirimid na paidreacha leo agus iad sa leaba. Tá an 'Ár nAthair' agus an 'Sé do bheatha Mhuire' rud beag ró-dheacair dóibh go fóill, ach tá paidir beag againn a fuair mé ó aintín mo mháthar agus is maith leis na páistí go mór é. Tá sé simplí go leor fosta go bhfuil siad ábalta cuimhne a choinneáil air. Thig le Margaret é a rá gan stró agus tá cuid mhaith de na focail ag Dan. Cuirim anseo é mar áis do thuismitheoirí eile.

Tá ceithre choirnéal ar mo leabaidh
Tá ceithre aingeal de mo gharda
Dia go raibh istigh
Dia go raibh amuigh
Má thig a dhath orm is mé i mo chodladh
Ag Dia go raibh mo mhúscladh.

Monday, May 4, 2009

An bhfuil sé in am dúinn deireadh a chur le deontais Ghaeilge?

Tá mórán caint ann na laethanta seo faoi chiorruithe. Tá siad i bhfeidhm in achan áit, agus ní haon eisceacht í an Ghaeltacht. Táthar ag gearradh siar ar dheontais tithíochta, tá deontais pobail i mbaol, beidh na coláistí Gaeilge thíos agus tá siad fiú ag caint ar deireadh a chur leis na 'puntaí' - mar a ba ghnách linne a thabhairt air - do na páistí scoile. Buile tubaisteach eile don Ghaeilge, dar le tromlach na dtráchtairí ar éist mé leo le cúpla lá anuas.
Níl mise cinnte an buile tubaiste a bheadh ann don Ghaeilge dá n-imeodh na deontais. Meabhraím corruair ar an fhiúntas a bhí agus atá leo mar dheontais. Ar éirigh leo stad a chur le meath na Gaeilge sna Gaeltachtaí? Ar éirigh leo oiread is Béarlóir amháin a mhealladh i dtreo na Gaeilge? Más rud ar bith é, de réir mo chuid taithí féin, chothaigh siad éad. 
Tógaim Árainn Mhór (an ceantar is mó a bhfuil cur amach agam air) mar shampla. Tá Gaeilge ag thart fá dhá thrian den phobal, Béarla amháin nó Béarla is mó atá ag an chuid eile. Cuireann sé isteach go mór ar lucht an Bhéarla ar an oileán go bhfuil (go raibh?) a gcomharsana i dteideal deontas €15,000 le teach úr a thógáil, áit nach bhfaighfeadh siadsan pighin rua. De réir mar a chonaic mise fríd na blianta chuir an t-éad seo glan in éadan na Gaeilge iad. Thuigfeá dóibh ar bhealach. Mhothaigh siad go raibh leithcheal á dhéanamh orthu.
Fuair mise na puntaí nuair a bhí mé óg, fuair mo bhean chéile na puntaí, ach ní sin an fáth go labhraíonn muid Gaeilge. I ndáiríre, an bhfuil duine ar bith ann a labhraíonn an Ghaeilge ar son airgid? B'fhéidir go bhfuil dul amú ormsa, ach ní fheicim gurb é an €200 sa bhliain ó na puntaí nó an seans ar dheontas fuinneog am inteacht sa todhchaí a ba chionsiocair le tuismitheoirí a bheith ag cur na Gaeilge ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. 
Is dócha, mar sin, go bhfuil sé in am na seanchórais a athrú - níor oibrigh siad ar scor ar bith. Ní hé go bhfuil mé ag iarraidh go gcuirfí deireadh le tacaíocht rialtais don Ghaeilge agus dóibh siúd atá ar a ndícheall ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun tosaigh, ach tá géar-ghá le hathruithe sa chur chuige agus sna modhanna ina gcuirtear an tacaíocht sin ar fáil. 
Tá mise i mo chónaí faoi láthair i Leitir Ceanainn ach níl aon tacaíocht don tuismitheoir atá ag iarraidh a pháistí a thógáil le Gaeilge - tacaíocht ar bith, dada! Amharcaim ar chol-ceathracha Margaret, Dan agus Cara atá sa bhaile. Tá club óige Gaeilge ann, tá naíonra Gaeilge ann, eagraítear campaí samhraidh trí Ghaeilge do na páistí sa tsamhradh agus tá an iliomad rudaí eile ann - gan a bheith ag tracht ar na puntaí! Anseo, níl tacaíocht ar bith ann, rud ar bith go dtí go mbeidh siad aosta go leor chun freastal ar an ghaelscoil! Tá an t-ádh orainn go bhfuil gaelscoil an-mhaith againn sa bhaile seo, ach taobh amuigh den chóras oideachais, níl rud ar bith ann chun cuidiú leis na páistí an teanga a thabhairt leo.
Tá clann eile as Árainn Mhór ina gcónaí anseo i Leitir Ceanainn. Ár ndálta féin, ganntanas oibre sa bhaile a thug orthu an baile mór a bhaint amach. An t-athair agus an mháthair beirt as an oileán, thóg siad an triúr páiste atá acu le Gaeilge, tá an duine is óige acu ar an aois chéanna le Margaret s'againne. Tá Gaeilge ghalánta ag na páistí, ach arís ní raibh tacaíocht dá laghad ann dóibh. 
Má thógann tú an triúr páiste sin agus an triúr atá againn, sin seisear páiste de bhunadh Áranna a bhfuil fíor-chaint na Gaeltachta acu, ach nach n-áirítear fá choinne cuidiú ar bith mar gheall ar chuinsí tíreolaíochta. Tá rud inteacht cearr le córas a ligeann do neamart mar sin tarlú.
Anois, níor mhaith liom go dtógfaí contráilte mé. Is cuma cá mbeinn sa tír, nó fiú thar lear, bheinn ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge ag mo chuid páistí, is cuma tacaíocht stáit a bheith ann nó as dó. Creidim gur sin mar atá mórchuid phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Níl ann ach gur chóir dáileadh níos fearr a dhéanamh ar cibé acmhainní atá ar fáil, agus imeacht ar shiúl ón smaoineamh amaideach go dtig an Ghaeilge a shábháil le deontais fuinneog!

Friday, May 1, 2009

Cúpla Rann

Cuid tábhachtach de shaol aon pháiste ná na rannta. Cuidíonn siad go mór leis na páistí an teanga a shealbhú, fuaimeanna a chleachtadh agus giota spraoi a bheith acu. Tá fhios agam go bhfuil cuid mhaith leabhar ar an mhargadh san am i láthair atá lán de rannta beaga deasa. Tá cuid eile nach bhfuil ar fáil sna leabhair.
Shíl mé go mbeadh sé deas cuid de na cinn atá in úsáid againne a chur suas anseo, b'fhéidir go dtiocfadh le tuismitheoirí eile iad a úsáid fosta. Má tá aon sárú cóipchirt déanta agam, gabh mo leithscéal. Is ónár muintir a chuaigh romhainne a fuair muidne iad agus ní ó leabhair - cá bhfios cá bhfuair ár muintir iad. (Tá gníomhaíochtaí ag dul le cuid acu.)

"Buail ar an doras,  (Buail ar do chloigeann)
Amharc isteach (Lámha mar ghloiní ar na súile)
Tóg an latch (Méar faoin ghaosán)
agus siúl isteach (2 mhéar ag siúl isteach sa bhéal)
Suigh ar an stól (dorn faoin smigead)
agus bí ag ól (mar a bheifeá ag ól)
is caidé mar atá tú ar maidin!" (croitheadh lámh)

Humptaí Dumptaí
ina shuí ar an bhalla.
Shéid an ghaoth
agus thit sé go talamh.
Briseadh a bhlaosc
agus scoilteadh a chroí
is cé go raibh sé bán
anois tá sé buí!

A hAon, a Dó, Muc is Bó
A Trí is a Ceathair, Bróga leathair
A Cúig is a Sé, Cupa tae
A Seacht is a hOcht, Seanbhean bhocht
A Naoi is a Deich, Pighin go leith!

Ceol arsa an asail
is é amuigh sa pháirc,
éist le mo ghlórsa
is é ag seinnm port.
Ee-haw, Ee-haw
Ee-haw, Ee-haw, Ee-haw!

Cuirfidh mé tuilleadh anseo ar ball.