Wednesday, October 28, 2009

Meafair

Bhí Margaret bhocht istigh ar an oileán ag stopadh lena col ceathar ag an deireadh seachtaine a fhad is a bhí muidne ar shiúl in Inis Ceithleann ag bainis.
Tá Aine, a col ceathar rud beag níos sine ná í agus bhí sí ag iarraidh a thaispeáint dithe cén dóigh le taiplís a imirt. Bhí an bheirt acu ina luí ar an urlár ag imirt agus ag pointe áirithe deir Aine:
"Margaret, caithfidh tú léimt thar Aine" (píosa Aine a bhí i gceist aici dar ndóigh)
D'éirigh Margaret ina seasamh agus léim sí thar Aine a bhí fós ina luí ar an urlár. Níor thuig mo ghirseach bhocht cén fáth gur bhris achan duine amach ag gáire, agus d'éirigh sí an-chiúin ar feadh tamaill.
Chuir an eachtra mé ag smaoineamh ar an dóigh a labhraíonn muid le páistí. Ní thuigeann Margaret nó Dan abairtí meafaracha go fóill. Bhí eachtra mí-adhúil againn ar na mallaibh le Dan a bhí ag súgradh le ball áirithe dá chorp nár chóir do ghasúraí a bheith ag baint dó i gcuideachta sibhialta, agus bhagair Suzanne air: "fág sin, nó gearrfaidh mé díot é." Cad a rinne an gasúr óg ach imeacht leis go dtí an drár sa chistin chun scian a fhail agus thosaigh sé ag iarraidh gearradh. Buíochas le Dia, ní choinníonn muid sceana géara sa drár áirithe sin!
Cén uair a thosaíonn páistí ag foghlaim an difear idir abairt atá ag tabhairt eolais chinnte agus abairt mheafarach? Bhí Margaret ag amharc fríd na pictiúirí sa leabhar úr agam atá le seoladh Dé hAoine an lá faoi dheireadh agus bhí mé ag míniú an scéal dithe. Thaitin cuid de na pictiúirí léi, ach níor thaitin cuid eile léi ar chor ar bith.
"Ní maith liomsa Na Mic ó gCorra", "Tá na Mic Ó gCorra scary-áilte", a deir sí. Cé go bhfuil sé mínithe againn dithe míle uair, níl sí ábalta an difear a dhéanamh idir 'scéal' agus 'an fíorshaol'. Tá na rudaí a bhíonn ar siúl ag Dora, Barney et al. chomh réalaíoch dithe is atá mise nó Mámaí.
Ansin, b'fhéidir gur muidne atá amú, seans nár chóir dúinn a bheith ag caint faoi 'fhíorshaol' agus 'saol breagach'. B'fhéidir nár chóir dúinn ach a bheith ag caint faoin 'saol'.
Idir an dá linn coinneoidh mé smacht mhaith ar na meafair a ritheann fríd an chaint agam!

Tuesday, October 27, 2009

Cúpla Rann

Bhí mé ag smaoineamh an lá faoi dheireadh gur fada ó chuir mé rann ar bith in airde anseo. Bhí sé i gceist agam na rannta uilig atá in úsáid againn a chur le chéile, áit inteacht ar an idirlíon chun go mbeadh fáil níos fusa ag daoine orthu. Ní bhfuair mé an t-am chuige go fóill.
Tá na páistí ag baint sult mór as aistriúchán de 'Frere Jacques' a d'aimsigh muid ar na mallaibh.

Daidí falsa, Daidí falsa,
ina luí, ina luí,
tá sé in am don bhricfeast', tá sé in am don bhricfeast'
bí 'do shuí, bí do shuí.

Dar ndóigh cuireann siad a gcuid ainmneacha féin agus ainmneacha gach duine eile sa chlann isteach sa rann chun véarsaí nua a chumadh.
Ceann eile a bhfuil dúil mhór acu ann, an cúrfa an amhráin "Mo mhadadh beag":

Ach, ach mo mhadadh beag
ach, ach mo mhadadh beag
tá piacháin i mo sceadamán
ag scairtigh ar mo mhadadh bheag.

Dar ndóigh, mar is dual dóibh, athraíonn siad na focail go minic agus cuirtear gach ball den chorp isteach in áit 'sceadamán'. (Rud beag cinsireacht de dhíth ansin, mar a fuair muid amach agus Dan istigh in Tescos ag insint do gach duine go raibh piachán ina bhoidín!!)

Ceann beag simplí eile a tháinig muid trasna air ná:

Damhán Alla, Damhán Alla
Ar an bhalla, ar an bhalla
Tháinig éan, tháínig éan
Ó mo léan, ó mo léan!

Friday, October 23, 2009

Leabhar Úr

Tháinig cúpla cóip den leabhar is déanaí atá scríofa agam sa phost inniu. Bhí mé ag cóiriú Margaret ag an am. Bhí cóisir Shamhna sa naíonra ar maidin agus bhí rogha le déanamh aici idir culaith aingil agus culaith cait.Tá sé ráite go bhfuil sé deacair mná a shásamh nuair a thig sé chuig éadaí. Thig liom a dheimhniú go mbím go hiomlán aineolach nuair a thig sé chuig éadaí ban. Ní thuigim an crá croí a bhaineann leis an chulaith cheart a aimsiú don ócáid cheart agus an dóigh a chuireann sé isteach ar mhná. Is fiú a lua ag an phointe seo, go bhfuil mise ar dhuine de na daoine is
aineolaí i dtaobh chúrsaí faisin atá ann. Nuair a pósadh muid, chaith Suzanne cúpla seachtain ag seoladh mo chuid éadaí chuig Cumann Naomh Uinseann de Pól agus ag ceannach éadaí úra domh. Shílfeá go mbeadh ciall níos fearr aici, mar sin, ach tháinig sí chugam tráthnóna agus culaith úr a chaitheamh aici ag fiafraí mo thuairime. ÁÁÁ! B'fhearr liom codladh i leaba ghráinneog! Dúirt mé go raibh sí galánta, mar a deirim i gcónaí, ag súil leis go sásódh sin í. Níor chreid sí mé. D'imigh sí léi suas an staighre ag cuartú culaith eile.



Tá sí amuigh lena cairde anocht, agus bíodh geall nach dtabharfaí faoi deara a bheag nó a mhór cén chulaith atá uirthi. Is cosúil gur lean Margaret a máthair, mar ba mhór an obair dúinn ar
maidin rogha a dhéanamh idir an cat agus an aingeal. Sa deireadh shocraigh muid ar chulaith an chait a chaitheamh. D'fhág an cur agus cúiteamh mé ag rith mall don obair agus ní raibh am agam scúdú mar is ceart a dhéanamh ar an leabhar.


Bhí sé ar m'intinn i rith an lae. Ar go leor bealaí, tá leabhar úr cosúil le leanbh úr. Caitheann tú an oiread sin ama ag ullmhú agus ag réiteach, ag cóiriú agus ag deisiú, ag muirniú agus ag iarraidh an fhoirfeacht a bhaint amach dó. Ansin, nuair a thig an lá go bhfuil sé le scaoileadh, tig imní ort. Scrúdaíonn tú é ó bhun go barr, eagla ort go bhfuil smál de chinéal inteacht nach raibh feicithe agat ann.
Cinnte le Dia, fuair mé typo nó dhó, cúpla 'síneadh fada' ar iarraidh, rud nó dhó a chuaigh ar strae sa phróiséas eagarthóireachta. Deir Suzanne liom ciall a bheith agam, nach dtabharfaidh aon duine eile na smáil bheaga seo faoi deara. B'fhéidir go bhfuil an ceart aici. Fós féin, ba mhaith leat do pháistí a bheith gan smál ar bith!
Ar scor ar bith, má bhíonn aon duine agaibh thart fá Óstán an Mount Errigal anseo i Leitir Ceanainn ar an Aoine beag seo, beidh fáilte romhat buaileadh isteach chun cuidiú liom an muirnín beag seo a sheoladh amach sa tsaol mhór ghránna.


An Leabhar Úr

Margaret an Múinteoir

Achan rud ag tarlú go han-ghasta i dteach beag s'againne. Thosaigh Cara bheag ag ól báinne bó i rith na seachtaine. Tá sí anois ábalta ar a laghad trí fhocal a rá go soiléir agus sheas sí léi féin don chéad uair tráthnóna.
Tá na laethanta saoire ag toiseacht amárach agus caithfidh mé a rá go bhfuil mé ag súil go mór leis an bhriseadh. D'imigh an 2 mhí dheireanach mar shop in aghaidh na gaoithe. Is iontach mar a sleamhnaíonn an t-am thart nuair atá tú gnóitheach. Tá breis agus 300 cóipleabhar agus scrúdú ceartaithe agam le trí sheachtain anuas, bhí ceolchoirm na scoile ann aréir agus bhí dráma le réiteach agam di, rinne mé eagarthóireacht ar dhá leabhar atá le foilsiú i gceann seachtaine, bhí suíomh idirlín na scoile le dearadh agus réiteach agam agus tá an teach damánta atá á thógáil againn ag glacadh suas cuid mhór de mo chuid ama. Ar mhullach seo uilig, ó thosaigh Margaret ar an naíonra, tá mé ar an bhóthar 4 huaire i rith an lae ag bailiú páistí agus á dtógáil ó áit amháin go háit eile. Tabharfaidh an léitheoir géarshúileach faoi deara gur mall san oíche a bhím ag postáil anseo. Is deacair aon am a fháil fána choinne go dtí go mbíonn na páistí ar shiúl a luí.
Níl mé ag gearán. Is maith liom a bheith gnóitheach. Mothaím go n-oibrím níos fearr nuair atá mé faoi bhrú. Sin ráite, is mise atá ag súil leis an scíste bheag. Bainis (gan na páistí... bhfuil cead agam 'yipee' a rá) againn an deireadh seachtaine seo agus ansin Oireachtas na Gaeilge ag teacht go Leitir Ceanainn an tseachtain seo chugainn. Chaill mé an tOireachtas i gCorcaigh an bhliain seo caite don chéad uair le cúig bliana déag, mar go raibh Cara ar an bhealach. Ar chúis éigin, ní thabharfadh Suzanne cead dom taisteal ó dheas! Tá mé ag súil go mór leis i mbliana.

Ar scor ar bith, chun teacht chuig ábhar mo phostála, bhí mé ag glanadh suas sa chistin tráthnóna i ndiaidh an dinnéir agus tharla gur chuala mé Margaret agus Dan sa tseomra béal dorais. Bhí Margaret ag iarraidh a chuid uimhreacha a theagasc do Dan as Spáinnis:
"Dan, abair unos, dos, tres..." (mo leithscéal faoi aon mhílitriú - níl an teanga ar mo thoil. Ó Dora a fuair Margaret a cúpla focal).
Bhí sé aisteach éisteacht léi ag iarraidh an Spáinnis a theagasc dó trí mheán na Gaeilge. Is maith liom smaoineamh go bhfuil sí de mo leanstan. I ndiaidh an tsaoil nach é sin an jab atá agamsa, ábhair a theagasc trí mheán na Gaeilge, ach níos mó ná sin is é an rud atá ag rith liom anocht ná an uaillmhian dochreidte neamheaglach a bhaineann leis an óige. Dar le Margaret, 'tá mise trí bliana d'aois, an bhfuil aon chúis nár chóir domh a bheith ag múineadh Spáinnise do mo dheartháir beag?' Caithfidh mé a rá nach bhfeicim aon chúis ina héadan.
Tá cúpla cleas múinteoireacht le foghlaim aici go fóill, áfach. Éiríonn sí ró-theasaí nuair nach ndeireann Dan na focail i gceart nó nuair a bhriseann sé amach ag gáire. Leath an ama, bíonn an leaid óg ag magadh fuithi. Ní thuigeann sí, an créatúr, agus go minic tig na deora agus an cáineadh 'Tá Dan iontach dalba'. De ghnáth, ní bhíonn de dhíth ach barróg bheag agus bíonn sí ar shiúl léi arís ag iarraidh oideachas saoil a chur ar an fhear beag.
Bainim an-sult as!

Monday, October 19, 2009

Íocshláinte

Teach lán tinnis againn anseo san am i láthair. Chaith Mámaí an lá sa leaba, Margaret in ísle brí, Cara ag casachtaigh léi. Is cosúil gur mise agus Dan an t-aon bheirt nach bhfuil buailte ag an bhreoiteacht.
Sin ráite, níl an gasúr beag thar a bheith ag ligint air, nuair atá buntaiste ann dó. Tháinig sé isteach sa chistin tráthnóna, cuma ghruama air, lámh ar a bholg: "Daidí, tá mise tinn. 'dtig liom 7-Up fháil?"
Fuair sé an 7-Up. Athrú míorúilteach a tháinig air. Caithfidh sé gur íocshláinte iontach é an deoch úd. É sin nó tá feith na haisteoireachta go smior ann!

Sunday, October 18, 2009

Ag Rannt-áil liom!

Thug mé faoi deara le tamall anuas go bhfuil Margaret ag tosach ag úsáid an iarmhír "-áil" go minic ina cuid cainte. Cé go bhfuil focal áirithe aici i nGaeilge, tá sí ag tosach ag baint úsáid as an fhocal Béarla ach é a ghaelú.
Cuirim i gcás an focal 'roinnt', focal a bhí in úsáid aici go minic le bliain nó dhó anuas. Deireadh sí i gcónaí "Níl Dan ag rannt (roinnt) liom". Le tamall anuas, is é "Níl Dan ag share-áil liom" atá le clos uaithi.
Glacaim leis gur chuid de phróiséis an dátheangachais é seo, go mbíonn focail ar aonchiall á malartú aici ina hintinn. Níl mé ró-bhuartha faoi. Ar ndóighe, bímid féin tugtha go maith don 'áil' agus don 'áilte' sa ghnáthchaint eadrainn. Ní Gaeilge mhaith í, is dócha gur Gaeilge fhalsa í, ach ar dhóigh aisteach, tá blas nadúrtha ag baint léi.
Bhfuil cur amach ag aon duine eile ar na próiséis seo? Ba bhreá liom tuilleadh eolais a fháil futhu.

Monday, October 12, 2009

I m'Éan Corr

Rinne mé freastal ar chruinniú múinteoirí Gaeilge ar na mallaibh. Cé gurb é an Stair an t-ábhar is mó a mbím ag gabháil dó, tá cúpla rang Gaeilge sa tseachtain agam fosta, agus is maith an rud é fanacht céim ar chéim le hathruithe siollabais, modhanna múinte úra etc etc.
Baineadh siar asam ag am sosa, áfach, agus muid ag ól bolgam tae go raibh an chuid is mó den chomhrá thart ar an tabla i mBéarla. Bhí dornán beag múinteoirí ón Ghaeltacht i láthair agus ba i nGaeilge a bhí a gcomhrá-san ach Béarla a bhí a labhairt ag an chuid ba mhó de na múinteoirí eile a bhí ann.
Mhothaigh mé cineál míchompordach, mar ba mhaith liom féin i gcónaí mo chuid comhrá a dhéanamh i nGaeilge, ach ní raibh mé ag iarraidh a bheith i m'éan corr ach an oiread. Nuair a labhair mé Gaeilge le cuid acu, mhothaigh mé go raibh mé á gcur faoi bhrú, agus go mb'fhearr i bhfad leo a bheith ag caint i mBéarla. Go deimhin, bhí an Ghaeilge a labhair cuid acu liom bacach go maith in amanna.
B'fhéidir go bhfuil mise scartha rud beag den fhíor-shaol amuigh ansin. Tá mé ag teagasc i scoil lánGhaeilge, tá Gaeilge sa bhaile againn. Cé go bhfuil mé i mo chónaí sa Ghalltacht faoi láthair, tá tamhnach beag Gaeilge cruthaithe agam thart orm agus is mó i bhfad den Ghaeilge a úsáidim achan lá ná den Bhéarla.
Bhí cineál de bhrón orm ar fhágáil an chruinnithe domh. Más seo dearcadh na múinteoirí Gaeilge, cén seans faoi Dhia atá ag na daltaí bochta??

Thursday, October 8, 2009

Ag seasamh ag an ché.

Bhí bás tragóideach againn ar an oileán an deireadh seachtaine seo chuaigh thart, a bhain croitheadh maith asainn uilig.
Tá nós beag ann sa bhaile, nuair a thig corp duine mairbh isteach ón tír mór, go gcruinníonn an pobal ag an ché. Seasann achan duine ansin go ciúin ag amharc ar an bhád ag teacht i dtír. Is cuma cé atá ann, beidh céad nó níos mó duine thíos ansin ag fanacht ar an chónra.
Is iomaí deasghnáth a bhaineann leis an bhás, ach is maith liomsa an ceann seo. Níl aon bhaint aige le reiligiún, le pisreogaí, le riachtanais tórraimh - níl ann ach pobal briste ag seasamh le chéile chun fáilte a chur roimh dhuine dá gcuid féin ag teacht abhaile don uair dheireanach.
Is beag duine a théann ón ché go teach na faire. Fágtar sin go dtí níos moille. Tugtar am don chlann agus dá comharsana achan rud a shocrú sa teach. Tugtar cuairt ar an fhaire an oíche sin nó an lá ina dhiaidh.
Is maith liom a shamhlú go bhfuil dhá chuspóir leis an chruinniú ag an ché: tacaíocht a thabhairt don chlann / meas a léiriú ar an mharbh ach fosta seans a thabhairt don phobal tacú lena chéile. Is cuma cén argóintí agus easaontais atá eadrainn, is in Ard Mhuire (an reilig) a gheobhaidh muid uilig ár leabaidh sa deireadh thiar thall. Tá an saol crua agus gairid agus is maith seasamh le chéile nuair atá faill againn.
Is fada go gcneasóidh ár gcroíthe an iarraidh seo. Go ndeana Dia a mhaith ort, a Phaul. Fuair tú seasamh nach bhfaigheann mórán ag an ché!

Friday, October 2, 2009

Pionós an Bháis de dhíth arís!

Mothaím agus mé ag dul in aois go bhfuil mé ag bogadh níos mó agus ní mó i dtreo na heite deise. Bhí an t-am ann nuair nach bhféadfainn ar dhóigh ar bith mé féin a shamhlú ag aontú le pionós an bháis.
Agus mé ag amharc ar na focail sin atá díreach scríofa agam, tá na céadta glór ag screadaíl orm i mo chloigeann. Na hargóintí ina éadan a d'úsáid mé fríd na blianta, an tógáil a fuair mé, an creideamh atá agam, na fealsúnachtaí a léigh agus a phléigh mé agus mé ag teacht in aibíochta - iad uilig ag impí orm mo smaointe a choinneáil agam féin.
Chreid mé riamh, agus féadaim a rá go gcreidim go fóill, go bhfuil beatha an duine sácráilte ón ghiniúint go dtí an bás. Bheinn chomh diongbháilte sa chreideamh seo, go leathnóinn cearta na beatha amach d'achan chinéal ainmhí eile fosta. Tá fhios ag Margaret agus Dan nach gcuireann siad isteach ar aon neach beo a choíche - cúpla íde béil faighte acu cheana féin i ndiaidh dóibh seasamh ar shlugaí nó ciarógaí.
An bhfuil amanna ann, áfach, nuair a fhorghéileann daoine ceart na beatha? An bhfuil daoine ann nár chóir a bheith beo, nach bhfuil cosaint na sochaí, an dlí nó na moráltachta tuillte acu. Léimeann Vanessa George chun cuimhne inniu. An fiú i ndáiríre £100,000 sa bhliain a chaitheamh á coinneáil i bpriosún. Níl a téarma priosúntachta socraithe go fóill ach thug an breitheamh le fios go mbeadh sé fada. Fiú muna mbeidh ann ach téarma 10 mbliana, caithfear isteach is amach ar £1,000,000 chun í a choinneáil.
Chuala mé gobharnóir Mhountjoy - éalaíonn a ainm uaim anois - ag caint tráth faoin saol a chaitear sa phriosún agus faoin dóigh 'daonna' a chaitear leis an priosúnaigh. An easpa saoirse: is é sin an pionós, dar leis. A fhad is atá na priosúnaithe i ngéibhinn, déantar iarracht oideachas a chur orthu, tugtar seansanna dóibh forbairt mar dhaoine agus bítear ag súil baill fhreagracha den phobal a dhéanamh díobh. D'aontaigh mé leis ag an am, aontaím go fóill. Is í an cheist atá agam, nó an fiú an iarracht sin a dhéanamh i gcás George agus péidifiligh neamh-leithscéalacha eile mar í.
Fós féin, tá drogall orm géilleadh ar an bhun-phrionsabal sin atá agam, nach bhfuil ceart ag aon duine, stát nó dlí deireadh a chur le saol duine... ach... ní bheadh aon fhadhb agam iad a chur i seomra glasáilte gan bia nó deoch ar feadh seachtain nó dhó, gunna le hurchar a fhágáil rompu ar thabla agus ligint dóibh gar mór a dhéanamh dúinn uilig!