Thursday, July 30, 2009

Óró, 'Sé do bheatha Mhuire!

Is duine mé atá an-tugtha don cheol agus do rannta, mar is eol do léitheoirí rialta. Déanaim iarracht an dúil sin a chur ar aghaidh chuig na páistí. Is minic muid ag ceol agus ag filíocht lena chéile.
Bhuail sé mé an lá faoi dheireadh go bhfuil seans ann go bhfuil mé ag cur barraíocht os a gcomhair. Tháinig Dan isteach sa tseomra agus é ag ceol leis: 

"Óró, 'Sé do bheatha Mhuire
Óró, 'Sé do bheatha Mhuire
Anois ar theacht an Snowman!"

Níl fhios agam cad a bhí ar intinn an fhir bhig - a chuid paidreacha, Gráinne Mhaol nó Frosty!

Tuesday, July 28, 2009

Cúpla Rann

Rann beag simplí a chuala mé an lá faoi dheireadh:

Bó Bó Báinne
Fan le Hannah
Peigín léi
'Dhul do bhlíodh.

(Tobán beag a bhí sa pheigín inar cruinníodh an báinne.

Seo cúpla ceann eile. Aistriúcháin is dócha nó rannta scoile. Cuirim anseo iad mar áis do thuismitheoirí. Mar a dúirt mé roimhe, tá sé an-deacair teacht ar rannta Gaeilge do pháistí ar an idirlíon. 

Dhá éan bheag ina shuí ar bhalla
duine amháin Peadar, duine amháin Pól!
Imigh leat a Pheadair, Imigh leat a Phóil,
Tar ar ais Peadar, Tar ar ais Pól!

Lámh, lámh eile, a haon a dó,
Cos, cos eile, a haon a dó,
Súil, súil eile, a haon a dó,
Cluas, cluas eile, a haon a dó,
Cloigeann, gaosán, béal is smig
is fiacla bána sa bhéal istigh!

Chuaigh an mhuicín seo 'un mhargaidh
D'fhan an mhuicín seo sa bhaile
D'ith an mhuicín seo arán agus im
Níor ith an mhuicín seo dadaidh.
Chuaigh an mhuicín seo wee wee wee 
rith an bhealaigh 'na bhaile!

Rólaí pólaí, rólaí pólaí
suas, suas, suas.
Rólaí póllí, rólaí pólaí
anuas, anuas, anuas.
Rólaí pólaí, rólaí pólaí
amach, amach, amach,
Rólaí pólaí, rólaí pólaí
isteach, isteach, isteach!

Istigh sa zú
tá mámaí cangarú
léim anois
léim anois
léim anois go luath!

Baineann páistí s'againne an-sult astu!

Leonard Cohen

Chuaigh muid chun Leonard Cohen a fheicáil ag an deireadh seachtaine. Wow! 
Níorbh ea mise an duine ba mhó dá lucht leanta fríd na blianta, gan ar eolas agam ach trí nó ceithre cinn dá mhóramhráin, ach bhí dúil ag Suzanne ann riamh. Ó tharla gur breithlá s'aici a bhí ann cúpla seachtain ó shin cheannaigh mé na ticéidí, shocraigh mé feighlí linbh don oíche agus chuaigh muid go Béal Feirste chun é a fheiceáil. Bhí sé iontach ar fad!
Tá sé i gcónaí níos sásúla a bheith ag éisteacht le duine beo nó a bheith ag éisteacht leo ar dhlúthcheirníní. Tchítear domhsa go mbíonn níos mó beochta agus mothúcháin le cluinstin sa cheol. Uaireanta nuair a thaifeadtar ceol sa stuidió, bíonn cúpla iarracht ar an amhrán, tagann lucht teicneolaíochta isteach sa scéal, gearrtar amhráin suas agus cuirtear le chéile iad ar dhóigh a mheastar a bheith foirfe. Go minic, áfach cailleann sé cuid den fhuinneamh ámh a thig le ceol beo. Mothaím seo go háitithe i gcás daoine ar nós Christy Moore. Chonaic mé beo é go minic, ach stad mé ag ceannach a chuid dlúthdhioscaí. Dar liom, d'éirigh siad leadránach agus stálaithe i ndiaidh éisteacht nó dhó.
Ceann de na rudaí is mó a thaitin liom faoin cheolchoirm Oíche Dhomhnaigh ná an fhilíocht a bhí sna hamhráin, ní amháin sna hamhráin ach sa duine féin. Dhá uair i rith na hoíche rinne sé aithris ar dhánta nó liricí a bhí scríofa aige, gan ach tionlacán bog ceoil sa chúlra. Bhí sé an-speisialta ar fad. 
Thosaigh an cheolchoirm ag a hocht, níor fhág sé an t-ardán go dtí 11.15. Luach ár gcuid airgid faighte againn gan dabht ar bith. Bhí mé ar iTunes an mhaidin ina dhiaidh ag íoslódáil a chuid ceoil. Níl an ceol stuidió chomh maith is a bhí an fear beo, ach is cuma. Tá mise ar an duine is déanaí dá chuid lucht leanta, agus ní bheidh mé ag fanacht ar leithscéal ar nós breithlá chun na ticéidí a cheannach má thig sé chugainn arís.

Scéal deas romhainn nuair a d'fhill muid ar an oileán inné. Fiacal in uachtar faighte ag Cara Bheag. Tá dhá cheann in íochtar aici le ceithre mhí anuas, agus shíl muid nach dtiocfadh na cinn eile a choíche, ach tá siad ar an bhealach. Tá mé ag imeacht chun an tsiopa anois chun an Calpol agus Bonjella a cheannach. Beidh siad de dhíth go géar sna laethanta romhainn amach. Chuala mé bean ag rá an lá faoi dheireadh gur ghnách léi gin a thabhairt do na páistí nuair a bhí ficala á ngearradh acu. Moladh/comhairle ar bith ag aon duine???

Wednesday, July 22, 2009

Peadar Ó Dónaill ar Inis Caorach

Agus mé i mo shuí anseo tá radharc agam ar Inis Caorach. Tá sé ina luí míle ar shiúl ó chósta thoir-theas Árainn Mhór. Ba ón oileán beag sin a tháinig máthair m'athara móir. Níl aon duine ina gcónaí ann anois. Tréigeadh é an deireadh na gcaogaidí.
Tá foirgneamh mór amháin le feiceáil ina sheasamh ar an taobh thiar den oileán, teach na scoile. Tá na tithe inar mhair na daoine ar an taobh thoir, cuid acu scuabtha ar shiúl ag an fharraige - ar an drochuair. B'éigean na tithe a thógáil gar don chósta, óir ba bheag talamh curaíochta a bhí ar an oileán.
Chaith Peadar Ó Dónaill roinnt blianta ag teagasc sa scoil sin, sular bhris lucht na Breataine é aimsir Chogadh na Saoirse. Bhí sé féin agus m'athair mór iontach mór lena chéile tráth dá raibh. Nach iontach chomh hídéalach is a bhí an dream sin. Fuair Peadar é féin ina mháistir scoile in áit lom diolpa, buailte ag an fharraige agus ag an anró. Shíl sé saol na ndaoine ann a dhéanamh níos fearr. Dar ndóigh tá an leabhar 'Islanders/Muintir an Oileáin' a scríobh sé, suite ar Inis Caorach - cé nach luaitear an t-ainm sin sa leabhar.
Is annamh a fhaigheann tú daoine mar sin anois. Daoine atá sásta cuid mhaith de shaol agus fuinneamh s'acu a thabhairt suas ar mhaithe le daoine eile. Daoine atá sásta seasamh in éadan impireachtaí agus lucht na gceartchreideamh, daoine atá sásta dul sa bhearna bhaoil agus a saol a chur i gcontúirt ar mhaithe leis an tseanbhean bhocht nó an díleachta nó an fear ar an dól.
Táthar ann a thógfas raic ag cruinnuithe de chuid an G8 nó an G20, ach mothaím i gcónaí go bhfuil rud inteacht bréagach faoi na léirsithe sin. Go bhfuil barraíocht den rómansachas ag baint leis - daoine óga agus antoiscigh ina réabhlóidithe ar mhaithe le bheith ina réabhlóidithe! Is annamh a fheiceann tú an duine a oibríonn ag leibhéal áitiúil, sásta a bheatha a chaitheamh ar son a chuid comharsana féin agus, leabhra, a macasamhail ar fud na tíre.
Tá muid chun na scoláirí Gaeilge a thabhairt amach go hInis Caorach ag an deireadh seachtaine. Beidh scéal nó dhó le hinsint agam dóibh faoin duine ba mhó clú a chaith seal san áit. 

Scampáil

Bhí mé amuigh ag déanamh seic ar thithe na scoláirí anocht. Is í an chuid is fearr liom de obair an mhúinteora ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht. Níl againn le déanamh ach dul thart fá na tithe, cuntas a dhéanamh ar na scoláirí, seiceáil go bhfuil achan rud i gceart leo. Ansin, de ghnáth caithim seal comhrá le bean an tí. Is breá liom é.
Corruair, bíonn fadhb nó dhó le réiteach ar dtús. Ceann de na fadhbanna sin nó an scampáil! Sin an focal atá againn air sa cheantar seo cibé ar bith. Gasúraí óga de bhunadh na háite ag dul thart ag bualadh ar fhuinneoga na ngirseachaí. 
Is nós seanbhunaithe ar an oileán é. Tá aithne agam ar sheandaoine a bhí ag gabháil dó nuair a bhí siad ina stócaigh. Creidim go raibh mé féin ag gabháil dó, lá den tsaol. Ní bhíonn mórán trioblóide leis na gasúraí. Níl de dhíobhail orthu ach an chase, mar a déarfá. Chomh luath is a fheiceann siad carr an mhúinteora ag teacht, baineann siad na bonnaí as!
Is í an cheist atá agam anocht nó, an bhfuil an focal sin - scampáil - in úsáid i gceantracha eile. Muna bhfuil cad é an focal atá ann dó sna Gaeltachtaí eile?

Monday, July 20, 2009

Bhí seanbhean ann ina cónaí sa choill

Ag an bhricfeasta ar maidin, thosaigh Suzanne ag ceol leis na páistí. Amhrán nach raibh cloiste agam leis na cianta cairbreacha. 'There was an old woman who lived in the woods..." a bhí á cheol aici. Rith sé liom ansin go raibh leagan Gaeilge den amhrán sin cloiste agam na blianta ó shin.
Nach millteanach an t-amhrán é, bean ag marú a páiste? Bhí sé i m'intinn i rith an lae inniu. Cúpla ceist agam le caitheamh amach: Cad as a tháinig an t-amhrán? Cad is brí le 'weile weile waile'. Cá bhfuil 'River Saile' nó 'Abhainn na Sáile' mar atá sa leagan thíos? 
Ar scor ar bith, bhain mé triail as é a cheol le Margaret agus Dan nuair a bhí siad ag dul a luí anocht. Thit Margaret ina codladh taobh istigh de trí bhomaite. Ghlac sé tamall níos faide ar Dan titim thart. Nuair a bhí mé críochnaithe leis an amhrán a cheol, d'iarr sé orm é a cheol arís. Caithfidh sé go raibh dúil aige ann!

Bhí seanbhean ann ina cónaí sa choill
Weile weile waile,
Bhí seanbhean ann ina cónaí sa choill
thíos ag abhainn na Sáile.

Bhí leanbh aici trí mhí d'aois
Weile weile waile,
Bhí leanbh aici trí mhí d'aois
thíos ag abhainn na Sáile.

Bhí scian aici, fada agus géar
weile weile waile
bhí scian aici, fada agus géar
thíos ag abhainn na Sáile.

Sháigh sí an scian i gcroí an linbh
etc.

Tháinig trí chnag ag bualadh ar an doras
etc.

Bhí sairsint ann le trí phóilin
etc

An tusa an bhean a mharaigh a leanbh?
etc.

Is mise an bhean a mharaigh a leanbh.
etc.

Tógadh í is crochadh í
etc.

Sin an scéal faoin bhean is a leanbh
etc.

Sunday, July 19, 2009

Ag Claí na Muice Duibhe

Bhí an compántas drámaíochta 'Splódar' istigh inniu. Chuir siad an dráma 'Ag Claí na Muice Duibhe' ar an ardán i halla an phobail mar chuid de Fhéile Ealaíne an Eargail. Níl an leagan Béarla den dráma feicithe agam ach chonaic mé léiriú eile den leagan Gaeilge dhá bhliain ó shin. Bhí an léiriú a chonaic mé inniu níos fearr, an-phroifisiúnta agus an snasta.
Tá mé idir dhá chomhairle faoin dráma féin. Tá ábhar trom ag gabháil leis ach tá sé briste suas le go leor grinn, damhsa agus ceol. Bhí gnéithe de a thaitin go mór liom, ach bhí amanna eile ann nuair a shíl mé go raibh sé deacair an scéal a leanstan. Creidim in amanna gur tháinig an siombalachas trom atá sa dráma sa bhealach ar an scéal. Sin ráite, bhain mé sult as. Bhí caighdéan ard aisteoireachta ann, luaim Aodh Mac Gairbhí a ghlac ról 'Tom an tAmadán' agus Proinnsíos Ó Duigneáin a ghlac ról an Chaptaen go háirithe. Sílim go mbeidh sé ar siúl i nGleann Cholm Cille amárach, má bhíonn sibh sa cheantar sin, b'fhiú dul chuige. 
Ní shílim go raibh traidisiún cleamaireachta sa cheantar seo, má bhí ní mhaireann sé inniu. Níl a fhios agam cé chomh leitheadach is atá an traidisiún in Éirinn inniu? Rud eile, an bhfuil fhios ag aon duine, an rud dúchasach don tír seo í an chleamaireacht nó an rud í a thóg muid isteach?

Friday, July 17, 2009

An Traonach

I mo shuí anseo, tá mé ábalta an traonach a chluinstin. Sílim go bhfuil sé sa pháirc trasna an bhealaigh uainn. Tá sé i gcónaí doiligh a dhéanamh amach cá háit go díreach ina bhfuil sé. Uaireanta síleann tú go bhfuil sé taobh thiar duit, uaireanta eile os do chomhair. Cosúil le mórán rudaí a bhfuil luach thar an choiteann orthu, is deacair greim chinnte a fháil orthu.
Tháinig an rann seo chun cuimhne agus mé ag smaointiú air:

An lon dubh, an dreoilín,
an chuach, an spideog,
an chéirseach, an seabhac,
an traonach, an fhuiseog,
tagaigí im' ghaobhar
agus éistigí lem' ghlór
is toghfaidh mé rí beag
a shuífidh i gcoróín.

An té a déarfaidh an rann seo
gan crith ina ghlór
beidh maoin agus ríocht aige
aoibhneas is spórt. 

Wednesday, July 15, 2009

An Aimsir agus an Eolaíocht?

Cuid comharthaí aimsire eile a bhí ag bunadh an oileáin. Chuir mé an-suim sa méid a bhí le rá ag Denis. Tá sé an-suimiúil go deo go dtiocfadh le bunús ceart eolaíochta a bheith ag baint le sean-phisreogaí. Eagna na nglúnta, is dócha, agus an eolaíocht go díreach ag breith air anois...

Nuair atá na géithe le feiceáil thíos ón ghrian, beidh athrú ar an aimsir.
Nuair a bhíonn rónta istigh ar an trá, beidh gála ann.
Nuair a bhíonn easóg ag piocadh féir, beidh fearthainn ann.
Má tá grian láidir ar maidin, tá an lá a ghabháil a bheith olc.
Nuair atá dath gorm ar an tine, beidh fearthainn ann.
Nuair atá na cnoic le feiceáil i ngar dúinn, beidh fearthainn ann.
Nuair atá an cat ag ní a aghaidh le taobh na tine, beidh drochaimsir ann.

Níl a fhios agam an bhfuil bunús eolaíochta leis an méid atá thuas. Caithfidh mé cuid de na sean-leigheasanna a fhiosrú fosta. Bheadh sé an-suimiúil go deo a fháil amach an bhfuil rud ar bith le rá ag an eolaíocht fá dtaobh díofa.

Tuesday, July 14, 2009

Na Comharthaí Aimsire

B'fhéidir gur labhair mé ró-ghasta inné. Bhí an ghrian ag scoilteadh cloch arís ar maidin. Aimsir chomh deas sin gur éirigh liom dul ag snámh tráthnóna. An chéad uair san fharraige domh i mbliana!
Bhain an t-athrú aimsire cuid mhór comhrá as bunadh an tí inné agus ar maidin. Tharraing mé an comhrá ar na comharthaí aimsire a bhíodh ag daoine fadó. Thosaigh Madgie Phatrick (máthair Suzanne) ar an seanchas láithreach. 
Bhí cuid de na rudaí a bhí aici cloiste agam roimhe seo, ní raibh cuid eile. Dar léi dá mbeadh bearad ar an Eargail (caipín ceo, a bhí i gceist) go mbeadh aimsir mhaith ann. Ar an dóigh chéanna dá mbeadh ceo aneas ann, bheadh aimsir mhaith i ndán. Dá mbeadh súgradh na bpáistí le cloisteáil i ngar duit agus iad i bhfad ar shiúl, ba chomhartha é go raibh biseach le teacht ar an aimsir, dar léi. 
Ceann de na rudaí is mó a chur mé suim ann nó ceann a bhí ag Dan Sailor, athair Suzanne. Ba ghnách leis a rá (tá an duine bocht marbh anois) go nglanfadh toirneachaí tinneas nó easláinte amach as áit. Ní raibh a leithéid cloiste agam roimhe.
Tá tuilleadh de na comharthaí seo ann. Cuirfidh mé in airde anseo iad má tá suim ag aon duine iontu. Go dtí sin, tá mé ag guí go leanfaidh an aimsir mhaith ar aghaidh go dtí amárach ar an laghad. Lá Naomh Swithin. Má tá sé maith amárach, beidh sé maith go deireadh an tsamhraidh!

Monday, July 13, 2009

Deireadh an tSamhraidh

Tá an aimsir briste faoi dheireadh. Mí iomlán gan ach fíorbheagán fearthainne! Ní thiocfadh léi mairstin mórán ní b'fhaide. Tá an fhearthainn ag teacht ina balcannaí. Bhí aimsir ghalánta againn go dtí 3.20 inniu agus ansin go tobann tháinig deireadh leis an tsamhradh.
Bhí mise chomh dóchasach sin ag am lóin go raibh lucht na réamhaisnéise ar seachrán, gur fhág mé gach fuinneog foscailte ar mo charr. Mo thrí thrua naoi n-uaire mo chiall! Tá sé ar maos. Níorbh é sin an rud ba mheasa. Tá Margaret i ndiaidh teacht isteach ag caoineadh ón gharraí. Bhí linn snámha beag ag na páistí taobh amuigh le seachtain nó dhó. Bhain siad an-sult as a bheith ag lapadáil thart, ag caitheamh uisce ar a chéile agus ag taispeáint a dtóineacha do chomharsana a bhí ag dul thar bráid ar an bhealach mhór.
Ar scor ar bith, tháinig Margaret isteach agus na deora ina rith léi: "Mámaí, tá an linn snámha uilig fliuch!" Níor chuidigh an gáire a rinne mámaí leis an ghirseach bheag. Nuair a ba léir di nach raibh mámaí ag tabhairt aird mar is ceart ar an ghéarchéim, chuir sí dlús leis an éagaoin. Tá sí i ndiaidh teacht chuici féin le cúpla bomaite anuas, ach ba mhór an tráma é.
Cuireann an aimsir mhaith cuma níos fearr ar achan rud. Tháinig 260 scoláire Gaeilge chun an oileáin inné. Bhí mé ag amharc ar an bhád agus iad ag teacht isteach. Bhí cuma chomh maith sin ar an áit agus ar an fharraige is iad ag teacht i dtír. Tháinig mo rangsa isteach ar maidin, bristí gairide á gcaitheamh acu, t-léinte agus spéaclaí gréine ar chuig acu. B'éigean dúinn iad a chur abhaile tráthnóna idir ceathanna - beidh cuid acu chomh fliuch leis na suíocháin i mo charrsa. Ar an drochuair, níl sé faiseanta nó cool na laethanta seo do dhaoine óga a bheith ag tabhairt cótaí báistí leo chun na scoile. Is ar na mná tí a bheas ualach na hoibre anocht.
Ar scor ar bith, tá súil agam go bhfuil an ghrian ag soilsiú i gcibé áit sa domhan ina bhfuil tú agus seo á léamh agat. Bímis dóchasach, seans go dtiocfaidh an samhradh arís is go bhfásfaidh an féar...

Friday, July 10, 2009

Bronntanas Breithlá

Breithlá eile! Sé bliana is tríocha caite agam ar an tsaol bheag seo. Aisteach chomh ciúin is atá an teach. Chuaigh Suzanne agus na páistí isteach chun an bhaile inné, bhí ormsa fanacht amuigh chun an carr a thabhairt chuig an gharáiste ar maidin agus níl aon duine sa teach ach mé féin.
Is deas cúpla uair shuaimhneach a bheith ag duine. Tá sé de nós agamsa mo mhachnamh a dhéanamh ar an bhliain atá imithe thart ar lá mar seo. Ní haon rud trom a bhíonn ar siúl agam, go díreach cúpla bomaite a chaitheamh ag cuimhniú ar dhaoine agus ar imeachtaí, ag meabhrú ar bhotúin atá déanta, ar na buaicphointí, ar na daoine atá imithe. Tá sé tábhachtach súil a chaitheamh siar, níos tábhachtaí fós a bheith ag amharc chun tosaigh. Tugann lá mar seo an seans é sin a dhéanamh.
Tá cuimhne agam 6 bliana ó shin ar lá mar seo, bhí mé ag machnamh domh féin agus bhuail sé mé go tobann fríd an bhéal go raibh mé níos sine ná mar a bhí mo mháthair féin nuair a fuair sí bás. Is aisteach go deo an rud é a bheith níos sine ná do mháthair!
Fuair Mámaí bás ag aois 30. Bhí trí pháiste aici agus ceann eile ar an bhealach. Bhí an méid sin déanta aici in achar an-ghairid. Is cuimhin liom a bheith ag amharc ar mo shaol féin ag an am. Cad a bhí déanta agam? Cad fiúntach a bhí déanta agam? Bhí sé mar chic sa tóin domh chun dóigh agus slacht a chur ar mo shaol féin. Chuir sé fuinneamh úr ionam. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhí mé pósta. Ceithre bliana níos faide anonn tá triúr páiste agam féin.
Is minic ár saolta gan stiúr, gan treo. Muid ag maireachtáil ó lá go lá gan súil againn ar na rudaí atá fíorthábhachtach sa tsaol. Is fiú an t-am a ghlacadh chun breathnú siar. Muna bhfuil eolas agus tuigbheáil againn ar an áit as ar tháinig muid, cén dóigh go mbeidh a fhios againn cá bhfuil muid ag dul?
Beidh mé ag dul isteach 'na bhaile tráthnóna agus caithfidh mé an chuid eile den tsamhradh istigh ann. Labhair mé le Margaret ar an ghuthán aréir: "Beidh tusa i dteach Nana amárach, Daidí, agus beidh muid 'dhul go dtí an céilí!" a dúirt sí liom. Níl ann ach inniu agus amárach do Mhargaret bheag agus sin mar ba chóir dó a bheith. Rachaidh muid chuig an chéilí mhór anocht agus beidh damhsa beag againn. Sin an bronntanas breithlá is fearr a gheobhaidh mé inniu!

Thursday, July 9, 2009

Ag scaoileadh le dánta

Tá suim agam san fhilíocht. Léim í go halpach agus bainim triail as í a scríobh. Daoibhse, a thagann ag airnéal chugam corr-oíche, tá cuid de mo dhánta feicithe agaibh. Bhí cuid agaibh maith go leor le bhur gcuid tuairimí a roinnt liom.
Foilsíodh cnuasach filíochta de mo chuid 5 nó 6 bliana ó shin. Dúirt an foilsitheoir liom ag an am nárbh liomsa na dánta níos mó, go raibh orm scaoileadh leo. Chuir sin eagla orm ag an am. Cuireann sé eagla orm go fóill. Amharcaim siar ar dhánta a scríobh mé 10 mbliana ó shin agus deirim liom féin: Ó, caidé a bhí ar siúl agam? Ba mhaith liom iad a tharraint ar ais, éadaí níos fearr a chur orthu. Ba dhuine eile mé ag an am, níos saonta, níos anabaí. Cuireann cuid de na véarsaí sin náire orm anois. Is dócha gur rud é a bhaineann le haois agus taithí, le bogadh ar aghaidh i do shaol.
Rith sé liom go bhfuil scríobh dánta cosúil le tógáil páistí. Muirníonn tú iad, cosnaíonn tú iad i do chroí ar feadh tamaill fhada, múnlaíonn tú iad, treoraíonn tú iad i dtreo na foirfeachta (cé nach mbíonn fhios agat leath an ama cad is foirfeacht ann), clúdaíonn tú iad le héadaí deasa teolaí, bheireann tú ceol dóibh, cuireann tú rithim agus rialtacht ina saol, déanann tú iarracht cuid éigin de d'eagna, de d'fhealsúnacht, de do shaol agus taithí féin a bhronnadh orthu, tugann tú teanga dóibh... agus ansin caithfidh tú iad a fhágáil. 
Caithfidh tú ligint dóibh dul amach sa tsaol mhór, áit a mbeidh siad foscailte don cháineadh, áit a mbeidh siad ar shiúl ó do chosaint. Bíonn súil agat go bhfaighidh siad rud beag den mholadh, go mbeidh siad ábalta seasamh ar a gcosa féin, go sílfeadh an corrdhuine thall is abhus go bhfuil fiúntas agus luach éigin ag baint leo. Is cuid díot féin i gcónaí iad, tuigeann tú chomh tábhachtach is atá siad duit féin agus ba mhaith leat go n-aithneodh an saol sin. 
Cuireann tú fáilte roimh an chritic (ní an léirmheastóir - ní chreidim gur féidir le haon duine beo LÉIR-mheas a thabhairt ar dhuine nó ar dhán) a thaispéanann go cineálta a gcuid buanna ach fós a thugann leid faoin dóigh go dtiocfadh leo a bheith níos fearr fós. Tig siad ar ais chugat corruair, i ndiaidh dóibh a bheith scaoilte saor sa domhan. Uaireanta thig leat cuidiú leo, éadaí agus cruth níos fearr a chur orthu, uaireanta eile, ní thig.
Is páistí iad mo chuid dánta, agus is iad na dánta is fearr dar chum mé riamh iad Margaret, Dan agus Cara.

Wednesday, July 8, 2009

Dán beag

Caint ar Dhúchas

Aoife bheag, 
labhair sí go saor ar ábhair an gharraí. 
Ba déanamh an iontais di fód na móna,
péist an talaimh is sleabhac na trá.
Ar an fhístéip phléigh sí na nithe seo
á muirniú lena teanga linbh - 
í ag suirí leis na focail
súgradh ina súile.

Cúig bliana níos faide anonn:
Aoife is a muintir sa bhaile,
blianta caite i Londain acu, 
iad ag tochailt cuimhní,
Nuair a thig cruth na girsí aníos ar scaileán
í ag bladaráil léi,
beag an tsuim sa cheamara aici
ná an téip ag taifead a dúchais.

De phreab, ghealaigh óige a súile arís - 
iontas úr roimpi.
Bhí corraí ina teanga bhalbh:
"Mummy, wot am I sayin' there, mum?"


Luaigh mé Aoife roimhe seo. Ní raibh aici ach Gaeilge nuair a bhí sí óg, níl focal aici anois. Scríobh mé an dán seo roinnt blianta ó shin. Tháinig mé ar ais chuige le gairid, ag iarraidh snas níos fearr a chur air. Ní bhím a choíche sásta. :(

Monday, July 6, 2009

Ar Ais sa Bhaile

Ar ais sa bhaile faoi dheireadh. Bhain muid Leitir Ceanainn amach ag leath i ndiaidh a trí ar maidin, i ndiaidh dúinn Warrington, Sasana a fhágáil ag a cúig inné. Mar a deir muid i gcónaí, tá sé deas fáil ar shiúl ar feadh tamaill, ach tá sé iontach deas teacht ar ais chuig do leaba féin nuair a bhíonn deireadh thart!
Ó d'fhág muid Londain seachtain ó shin, thug muid cuairt ar Winchester, Bath, Bristol, Birmingham, Nottingham, Manchester agus Warrington. Bhí picnic againn faoi chlocha Stonehenge, d'ól muid fíoruisce na Rómhánach i mBath agus shiúil muid fríd Choill Sherwood, atá faoi bhláth go fóill, in aineoinn a raibh cloiste agam roimhe seo. Bhí am ar dóigh againn féin agus ag na páistí.
Ba mhinic roimhe seo an bheirt againn ar laethanta saoire ach ba é seo an chéad uair don chúigear againn a bheith ar shiúl le chéile. Bhí roinnt cairde againn den bharúil go raibh muid craiceáilte a bheith ag iarraidh tiomáint thart fán Bhreatain ar feadh coicíse le páistí óga ar chúl an chairr againn. Caithfidh mé a rá gur chuir siad go mór leis an turas a bhí againn, agus leis an fháilte a cuireadh romhainn i mbialanna, in óstáin agus sna hionaid eile a thug muid cuairt orthu. Ní rachainn ar saoire arís gan iad.
Mar a dúirt Suzanne liom agus muid taobh amuigh den teach pobail inar pósadh Robin Hood agus Maid Marian, Margaret agus Dan ag rith i ndiaidh feileacán:
"An dtig leat do shaol a shamhlú gan iad?"
Ní thig!

Saturday, July 4, 2009

Luimneach

Chuir an díospóireacht bheag a bhí ar siúl anseo inniu maidir le hainmfhocail a chríochnaíonn ar 'ín' a bheith firinscneach nó baininscneach mé ag smaoineamh ar rann beag, luimneach beag/bheag (an ionann inscne don rann agus don chathair?) a scríobh mé cúpla bliain ó shin:

Bhí múinteoir an-tugtha don ghinideach
Dúirt na scoláirí go raibh sé sin amaideach
Nach cuma sa tsioc
Barr cnoic nó barr cnoc
Tá an teanga seo marbh ag an ghramadach!

Friday, July 3, 2009

Na Muicíní

Ag taisteal dúinn fríd Shasana le coicís anuas, bhí seinteoir DVD ar siúl againn sa charr do na páistí. Áis thar a bheith tábhachtach d’aon duine a bhfuil páistí óga acu ar chúl an chairr fá choinne tamaill fhada. Tá a scaileán beag féin ag Margaret agus Dan agus thig leo a bheith ag breathnú ar Dora, Fireman Sam, Postman Pat, Peppa Pig, Barney etc etc.

Tá Gaeilge ag cuid de na carachtair seo, níl ag an mhórchuid. Bíodh is go bhfuil sé doiligh ar Mhargaret canúint Dora a thuigbheáil, baineann sí an-sult as ‘Sciobaí’. I rith an turais seo, áfach, is ar Peppa Pig is mó atá cion Mhargaret dírithe.

Caithfidh sé go bhfuil an DVD áirithe sin feicithe aici 20 uair le seachtain nó dhó anuas. Tá mé féin agus mámaí ag iarraidh iontach tuirseach de. Peppa, George et al – tá a nglórthaí ag toiseacht ag greadadh ar ár gcluasa. Sin ráite, tá sé níos fearr ná síor-chlamhsán agus caoineadh ón chúl.

Chuir an mhuc bheag sin, Peppa, mé ag smaoineamh ar rann eile a bhaineann muid úsáid as leis na páistí. Aistriúchán ón Bhéarla, is dócha, ach baineann na páistí sult as.

Chuaigh an mhuicín seo ‘un mhargaidh

D’fhán an mhuicín seo sa bhaile

D’ith an mhuicín seo arán agus im

Níor ith an mhuicín seo dada

Chuaigh an mhuicín seo, wee, wee, wee, rith an bhealaigh ‘na bhaile.

Ceist do na saineolaithe gramadaí – tá mise anseo gan acmhainn foclóra nó leabhar gramadaí: AN MUICÍN nó AN MHUICÍN? Shílfeá go bhfuil an focal ‘muicín’ firinscneach, ach luíonn ‘mhuicín’ níos fusa ar mo chluas.

Ar an bhealach go Nottingham inniu. Cloisim go bhfuil coill Sherwood leagtha le fada ach ag súil le rian éigin de laoch m’óige, Robin Hood, le bheith le feiceáil ann.