Chuir sé iontas an domhain orm an méid cuidiú agus comhrá cairdiúil a fuair muid ó strainséirí a fhad is a bhí muid anseo.
Thóg muid na páistí isteach go Westminster ar an Tube inné. Ceann de na laethanta ba theo den bhliain a bhí ann. Chaith muid lá an-phleisiúrtha ann. Rud dúshlánach go leor, trí pháiste óg a thabhairt leat ar an Tube. Chuidigh daoine linn ar na staighre, labhair siad leis na páistí, thug siad suíocháin dúinn, chuir siad comhrá orainn, ofráladh uisce dúinn do na páistí, rug duine nó beirt ar Dan nuair a bhí sé ag dul ró-chóngarach do na doirse, chuidigh siad le Margaret nuair a tháinig longadán uirthi agus an traein ag tosacht. Ní thiocfadh le daoine a bheith ní ba chairdiúla linn.
Níl fhios agam an mbaineann sé le páistí a bheith leat. Creidim go mbaineann. Ba mhinic roimhe seo a thaisteal mé ar an Tube agus níor labhair aon duine liom ariamh. Caithfidh sé go bhfuil rud inteacht faoi pháistí a osclaíonn croíthe daoine. Ní bagairt dóibh iad.
Ar scor ar bith, go raibh maith agaibh, a phobail Londain, agus go háirithe don bheirt bhan a bhí ina suí linn ar an bhealach ar ais abhaile agus a thug le fios go raibh Cara agus mé féin chomh cosúil lena chéile go n-aithneodh duine ar bith gur iníon liom í. Chuir sibh barr feabhais ar mo lá!