Monday, May 24, 2010

An Traonach!

Tá an traonach linn arís agus é ag scairtigh seanard a chinn sa pháirc thíos uainn. Is iontach liom crex crex a chluinstin. An samhradh seo caite, bhí ar a laghad 4 phéire cloiste agam in áiteanna éagsúla ar an oileán. Comhartha cinnte go bhfuil an samhradh linn.
Comhartha dóchais fosta, sílim. Bhí an t-éan bocht seo i mbaol a éaga cúpla bliain ó shin. Bhí blianta ann nach raibh sé le cloisteáil ar chor ar bith, anois is cosúil go bhfuil aiséirí déanta aige!

Crex Crex

Friday, May 21, 2010

Encore!

Tá mé chomh tuirseach sin den cleasaíocht a bhaineann leis an 'encore' a bhíonn ar siúl ag deireadh ceolchoirme.
Chuaigh mé féin agus mo bhean mhaith go Béal Feirste aréir chun Mark Knopfler a fheiceáil. Bhí dúil mhór agam san 'Dire Straits' nuair a bhí mé i mo ghasúr agus bhí mé ag súil le hoíche mhaith phleisiúrtha. Bhí an cheolchoirm an-mhaith, cúpla rud nua-aimseartha agus na sean-chlasaicigh caite isteach fíofa... Romeo & Juliet, Sultans of Swing, Telegraph Road, Sailing to Philadelphia etc etc.
Tháinig 'deireadh' leis an cheolchoirm, mar dhea, d'fhág na ceoltóirí an t-ardán - am don lucht éisteachta éirí ina seasamh, bualadh bos mór a thabhairt chun na ceoltóirí a mhealladh ar ais. Tháinig!
Ceol sé cúpla amhrán eile, Brothers in Arms ina measc. Anois bhí sé in am don dara encore. Bhí fhios ag gach aon duine go mbeadh an dara encore ann mar ní raibh 'Walk of Life' nó 'Money for Nothing' ceolta aige fós, agus níor ardaíodh na soilsí. Sheas muid ansin ar feadh cúpla bomaite ag dul fríd na deasghnátha - muid ag búirfigh linn, ach bhí moill ar na ceoltóirí teacht ar ais. Idir an dá linn, bhí a lán daoine sna pasáistí agus ag cruinniú fá na doirsí. Bhí na soilsí fós múchta. Is léir go raibh na techies ag fanacht ar an bhanna teacht ar ais, ach idir rud amháin agus rud eile is cosúil gur measadh go raibh sé ró-chontúirteach slua mór daoine a fhágáil ag siúl thart sa dorchadas agus lasadh na soilsí agus tháinig críoch gan coinne leis an cheolchoirm.
Críoch an-mhíshásúil le ceolchoirm a bhí maith. Chuaigh muid uilig abhaile gan an dá amhrán is mó a luaitear le Knopfler - na mór-chnaganna, mar a deirtear - a chloisteáil.
Tá sé in am deireadh a chur leis an amaidí seo, go mbítear ag súil leis an lucht éisteachta bannaí ceoil a 'mhealladh' ar ais chun amhrán nó dhó a cheol. Dhíol mise mo chuid airgid, agus go leor airgid fosta, chun na hamhráin sin a cloisteáil, cén fáth go gcaithfidh mé a bheith i mo sheasamh mar amadán ag scairtigh air teacht ar ais chun iad a cheol domh. D'fhág sé drochbhlas i mo bhéal!

Tuesday, May 18, 2010

Ádhamh agus Éabha

Cleas beag aimsithe agam chun deileáil le cuid de na ceisteanna a eascraíonn ón dátheangachas, agus ba iad leabhair Arch, a bhí faoi chaibidil anseo cheana féin a thug an inspioráid dó.

Scéal Ádhaimh agus Éabha a bhí á léamh againn aréir, cruthú an Domhain. Tá páirt sa scéal ina gcuireann Ádhamh ainmneacha ar na hainmhíthe agus ar na plandaí uilig. D'athraigh muid an scéal giota beag aréir.
"Chonaic Ádhamh an t-ainmhí sin. Thug sé an t-ainm "coinín" air. Níor mhaith le Éabha an t-ainm sin, ach dúirt sise go raibh sí chun "rabbit" a scairteadh air... etc etc."

Bhí Margaret breá sásta leis an mhíniú seo ar cén fáth a mbíonn dhá ainm ar rudaí!

Monday, May 17, 2010

Scéalta Sí

Mar a tharlaíonn go minic, cuireann Áine smaoineamh i mo chloigeann, a luíonn ansin mar thochas ag tabhairt mo dhúshláin. An iarraidh seo is ag smaoineamh ar na scéalta a léimid / insímid dár bpáistí agus iad ag dul a luí san oíche, a chur sí mé.
Caithfidh mé a rá gur chuir sé iontas orm féin nuair a tháinig mo chuid páistí féin ar an tsaol agus nuair a chuaigh mé amach chun leabhair a cheannach dóibh. Na sean-scéalta sí a raibh cuimhne agamsa orthu ó m'óíge, bhí siad uilig athraithe nach mór. Bhí an foréigean agus an bás glanta ar shiúl amach astu.
  • Ní itheann an Mac Tíre Gránna máthair mhór Chochaillín Dearg (Red Riding Hood) níos mó, agus ag deireadh an scéil, ní mharaítear an mac tíre - ritheann sé ar shiúl.
  • Ní itheann an sionnach an "Gingerbread Man" níos mó.
  • Léirítear an "Troll" inniu mar dhuine atá saghas simplí, nach ndéanfadh dochar d'éinne.
  • Ní itheann an Mac Tíre Gránna na muca a thóg na tithe tuí agus adhmaid.
Thiocfadh liom dul ar aghaidh. Tá gach rian den chontúírt agus den eagla bainte amach as na scéalta sí nua-aimseartha. É sin, agus an cheartaiseacht pholaitiúil, go smior iontu. "Snow White" a thugtar ar an scéal anois - "Snow White and the Seven Dwarfs" a bhí ann nuair a bhí mise óg. Is cosúil nach focal deas é "dwarf" le húsáid níos mó.

Ní maith liom é. B'fhearr liom na seanleaganacha. Tá ró-chosaint ar siúl againn i dtaobh páistí inniu. Uaireanta is maith eagla a bheith orthu, go dtuigfidh siad go bhfuil contúirtí agus olc sa domhan. Tá cúpla scéal do pháistí scríofa agamsa agus tá arrachtaí míofara gránna iontu ar mhaith leo páistí a ithe. De réir mo thaithí féin, taitníonn scéalta mar seo le páistí. Is maith leo scéalta a chuireann rud beag eagla orthu. Cinnte tá sé tábhachtach an chríoch shona a bheith ann, go bhfaigheann fórsaí na maitheasa an bua ar na harrachtaí sa deireadh, ach níl lá dochair ann na harrachtaí a bheith olc, contúirteach agus scafár.

Tháinig mé trasna ar na scéalta seo. Seans go mbainfidh sibh sult as iad a léamh. Little Red Riding Hood, Rumpelstiltskin, Jack and the Beanstalk agus The Three Little Pigs nó más fearr leat duine a bheith ag insint scéil duit, d'fhéadfá breathnú ar seo:

Sunday, May 16, 2010

Grá na Madaí

Tá rudaí ag éirí olc a chairde. Is duine measartha liobrálach mé (Nick Clegg abú!) ach caithfidh sé go bhfuil áit inteacht ann ar chóír líne a tharraingt sa ghaineamh is a rá os ard: NÍL SEO CEART.
Scéal ar Sky News inniu a thuairiscíonn gur pósadh dhá mhadadh sa Bhrasaíl. Níos measa ná sin caitheadh isteach is amach ar €8000 ar an bhainis.
Seans nach bhfuil ann ach píosa craic, agus táim sásta glacadh le rudaí aisteacha ar an bhonn sin go minic, ach mar dhuine pósta, sílim uaireanta go bhfuil díluacháil mhór á dhéanamh ar an phósadh mar institiúid sóisialta nó reiligiúnda. Cad is brí le pósadh? An sainmhíniú a bhí agam air nuair a bhí mé óg, is cosúil nach bhfóireann sé don lá inniu!!

Friday, May 14, 2010

Boxers Íosa!

sraith leabhar Arch ag na páistí. Scéalta ón Bhíobla atá iontu atá foilsithe ag Lorlum Publishing. Tá dúil mhór ag na páistí iontu. Leabhair dea-mhaisithe ghalánta atá iontu. Tá na scéalta inste i bhfoirm véarsaíochta agus tá Gaeilge bhlasta Chonamara go tréan iontu.
Tá cuid de na scéalta rud beag trom ó thaobh na diagachta de (do naíonáin s'agam féin ar scor ar bith) agus tá cúrsaí canúna ina bhac beag dóibh. Déarfainn go bhfuil na leabhair dírithe ar aoisghrúpa 7-9. Cé go bhfuil mo pháistí san aoisghrúpa 1-3, baineann siad sult as na leabhair, ach ní léimid iad, go díreach amharcaimid ar na pictiúirí agus insím scéal dóibh bunaithe ar na pictiúírí.
Tharla aréir go raibh muid ag amharc ar scéal an chéasta agus iad sa leaba. Seo mar a chuaigh an scéal (mise á inse bunaithe ar na pictiúirí os mo chomhair) ...

"... tháinig na saighdiúirí. Bhí siad iontach dolba. Chroch siad Íosa ar an chros. Chuir siad tairní fríd a lámha agus a chosa agus bhí sé iontach nimhneach. Bhí sé ag caoineadh. Ansin, bhain siad a chuid éadaí dó. Ní raibh snáth ar bith air agus bhí sé iontach fuar..."
"Ach Daidí," arsa mo bhean bheag, "Tá boxers air!"

Thursday, May 13, 2010

An Briathar is Úire sa Ghaeilge!

Tig achan rud lena iomrá, [ach amháin an madadh rua]!
Sin mé ag cur racht díom inné faoi fhocail agus nathanna cainte, ag éagaoin na mbearnaí idir litriú agus foghraíocht. Cinnte le Dia, siúd chugam Margaret tráthnóna agus í ag cumadh focal léi. Tá clann Pholannach ina cónaí in aice linn anseo i Leitir Ceanainn agus tá na páistí ar chomhaois (a bheag nó a mhór) le páistí s'againne. Bhí duine de na gasúraí beaga amuigh inniu agus bréagán gunna leis. Tháinig Margaret ina rith isteach a hanáil i mbarr a goib aici.
"Daidí. Tá gunna ag an ghasúr sin. Bhí sé ag GUNNÚ mé."

Ar ndóigh, "Scaoileadh" a bhí i gceist. (Fágfaidh mé an struchtúr lochtach a bhí aici ar an abairt do lá inteacht eile.) Chuir mé suim san fhocal nua a bhí cumtha aici. Ní drochiarracht é. Cé go n-úsáidtear 'scaoileadh' fá choinne 'shooting', is iomaí brí atá ag an fhocal úd. Tá 'gunnú' beacht agus cruinn mar choincheap (dá mba ann dó mar fhocal, ar ndóigh). Caidé mar a chuirfeá "He was gunned down" i nGaeilge, mar shampla. "Scaoileadh é!","Lámhach é!", "Thit sé le hurchar"?
Uilig go breá chun "He was shot" a chur in iúl, ach ag an am céanna, tá na leaganacha traidisiúnta thuas débhríoch ar bhealach. "Scaoileadh é" = "He was shot" nó "It was released"; "Lámhach é" = "He was shot" nó "It was handled".

Níl fhios agam cén dóigh le briathar nua a fháil isteach sa teanga? An gá domh é a chur os comhair coiste éigin? An rachaidh sé os comhair saineolaithe teanga chun imprimatur oifigiúil stáit a fháil? Nó an dtig linn féin ár gcuid focail féin a chumadh? Dá mbainfinn úsáid as an bhriathar "gunnaigh" gach lá go ceann bliana ar an bhlag seo, abair, dá mbeadh sé mínithe agam don lucht léite agus dá n-uchtódh cúpla duine eile é, an nglacfaí leis mar bhriathar?

Bígí ag faire amach, am inteacht sa todhchaí nuair a bheas foclóir nua a chur le chéile, seans go bhfeicfimid:

Gunnaigh v.t. To shoot (with a gun), to gun down.

"Gunnaíodh aréir é!".... cloisim daoine cheana féin ag rá gur béarlachas atá ann. Ach creidim go raibh go leor daoine ann a shíl gur béarlachas a bhí san fhocal "gunnadóir" nuair a cumadh ar dtús é. B'fhéidir nár lig daoine fad ó shin do shéimeantaicí fáil sa bhealach ar an chumarsáid, mar a dhéanaimidne!

Bróga

Tuigfidh an léitheoir rialta go bhfuil dúil agam san fhilíocht agus go mbím ag gabháil don phrós corruair fosta. Cuireadh ceist orm uair amháin, cé acu is fearr liom an fhilíocht nó an prós. Tá dúil agam sa dhá cheann acu ach ar chúiseanna atá an-difriúil.
Tá dúil mo chroí agam sa scéalaíocht, bhí ariamh. Beirt scéalaí iontach a bhí sa dá athair mór agam. Ba ghnách leo scéalta a inse domh go minic agus mé ag éirí aníos. Amharcaim ar an phrós mar bhealach chun mo chuid scéalta féin a inse, ní fúm féin, ní sin ról an phróis i mo shaolsa, ach chun scéalta, ficsean a scríobh.
Is san fhilíocht (domhsa ar scor ar bith) a dhéantar scrúdú ar an réaltacht agus ar fhíor-chúraim an tsaoil. De ghnáth tógann sé i bhfad níos mó ama orm 15-20 líne filíochta a scríobh ná scéal na mílte focal. Luíonn rud i d'intinn ar feadh tamaill fhada, ag codladh ann, corruair ag múscailt - de do chorraí agus de do chroitheadh. Ní thig leat fáil réidh leis go dtí go dtig íomhá, frása, meafar nó ceol a thugann faill dó éalú. Cinéal teiripe atá inti, mar fhilíocht.
Bhí bás tragóideach againn an bhliain seo chuaigh thart. Ghlac sé nach mór sé mhí orm mo chuid smaointe i dtaobh na tragóide a chur ar phár. Is deas liom go dtaitníonn an dán seo le roinnt daoine agus gur bronnadh duais bheag air. Ní miste liom é a roinnt libh anseo. Is cuid den teiripe é, é a ligint chun bealaigh!

Bróga

Siúd ag an ché
a chruinnigh cuid bróg an oileáin.

Seanbhutaisí anuas ó Phlochóg
Trainers ón Screig anoir,
Crocks a shiúil ón Uillinn
is bróga úrsnásta na dTuarthaí.
Bhog siad ar a gcompord
i gcuideachta a chéile
ag cur comhrá
agus béadán thart,
ag roinnt scéalta faoin aimsir,
faoin scaineagán,
faoi bhachtaí an Chaoráin Scallta.

Bhí tuigbheáil acu ar an dusta
agus clábar an bhealaigh mhóir,
ba mhinic iad in abar
a gcraiceann leathair cloch-scríobhta.
Ní raibh a dhath idir iad
agus garbhadas an bhealaigh
is gan faitíos orthu
an bealach féin a lochtú.

Níorbh amhlaidh do na cloigne
nach raibh ar a n-aird
ach bád ar na toinn
ag téaltú isteach Béal Áranna.
Ní raibh as a mbéal
ach osnaí ciúine
agus cónair an fhir óig
ag teacht i dtír.

Wednesday, May 12, 2010

Tonn Thaoscach

Chuir Áine mé ag smaoineamh ar fhocail agus ar an dóigh a athraíonn siad sa chaint agus sa chanúint. Bhí frása beag againn, cloiste agam le blianta agus gan mórán aird agam air.
"Tá tú ag cur tonn iascach orm."
Déarfá é dá mbeifeá lán i ndiaidh do dhinnéara agus duine ann ag iarraidh tuilleadh bia a bhrú ort. Ghlac sé tamall fada orm a thuigbheáil gur "tonn thaoscach" a bhí i gceist. Shíl mise riamh go raibh baint aige le hiascaireacht.
Sin mar atá, bhí mé blianta ag "gealamaisíocht" sular thuig mé gur chóir domh a bheith ag "cearmansaíocht", ag "snagarnaigh" nuair a ba chóir domh a bheith ag "snagaireacht". Bhíodh "druifleogaí" againn ón teineadh (tine) i dtólamh, go dtí go bhfuair mé amach nach raibh iontu ach "drithlí", go fóill níl mé cinnte cad a bhí a ithe acu siúd a raibh dúil acu sa "Cáil Leidí" (seans gur Cáil Cladaigh a bhí i gceist againn). Carageen a thug muid air i mBéarla.

Níl iontas deacrachtaí cumarsáide eadrainn agus tuigim go maith anois cén fáth nach raibh mé maith ag an litriú nuair a bhí mé ar scoil. Cuireann sé tonn thaoscach orm ag smaoineamh air!

Thursday, May 6, 2010

An Mhaighdean Mhuire agus na Ceamaraí!

Hmmm. Tá sé faighte isteach ina cloigeann ag Margaret bheag s'againne go bhfuil an Mhaighdean Mhuire istigh i gceamaraí faireachais!
Ormsa atá an locht. Bhí sé de nós ag mo mháthair mhór an Mhaighdean Mhuire a úsáid mar bhealach chun muid a choinneáil ar an bhóthar cheart.
"Ná bí ag insint bréag! Cuireann bréaga an Mhaighdean Mhuire ag caoineadh!" a ba ghnách léi a bhagairt orainn.
Shíl mise an rud céanna a dhéanamh, ní mar bhagairt ach mar bhealach chun na páistí a chur ag smaoineamh agus rudaí dalba a dhéanamh acu.
"Ná buail do dheirfiúr. Beidh bábaí Íosa ag caoineadh" "Ná bí ag caitheamh bia ar an úrlar. Ní bheidh an Mhaighdean Mhuire sásta" etc etc.

Ag teacht abhaile ón naíonra dúinn inniu, dúirt Margaret liom: "Daidí, tá an Mhaighdean Mhuire istigh sna ceamaraí".
Ghlac sé tamall orm a thuigbheáil cad a bhí i gceist aici. Creideann an ghirseach bhocht go mbíonn an Mhaighdean Mhuire i gcónaí ag faire uirthi agus go mbaineann sí úsáid as na ceamaraí faireachais chun é sin a dhéanamh!

Níl fhios agam cé acu is measa: na haincheisteanna diagachta nó na himpleachtaí do chúrsaí teicneolaíochta! Seans go mbeidh orm athmhachnamh a dhéanamh ar mo chuid straitéisí disciplíne.