Monday, December 28, 2009

Cúig Oíche

Cúig oíche caite againn sa teach úr agus muid ag dréim le hoíche chiúin gan cuairteoir ar bith. Bhí an saol is a mháthair istigh sa teach againn le cúpla lá anuas agus a dtuairim féin ag achan duine acu ar an teach. Is deas cuairteoirí a fheiceáil, go háirithe ag an Nollaig, ach is deas oíche chiúin a bheith agat fosta.
Bhí Nollaig gan teilifís againn. Cé go bhfuil SAMSUNG breá úr ina shuí sa choirnéal, ní raibh lucht SKY ábalta teacht isteach roimh an Nollaig agus ní bheidh muid ábalta tiúnáil isteach go dtí an Chéadaoin. Gealltar dúinn go mbeidh sé ar an bhád isteach maidin Dé Céadaoine agus go mbeidh an mias saitilíte sa veain aige.
Bhí sé deas gan an teilifís a bheith againn. Rinne muid i bhfad níos mó cainte agus chruinnigh an chlann thart timpeall an tabla sa chistin in áit os comhair na teilifíse. Bhí an oiread sin obair le déanamh againn cé bith, gur dhóiche nach mbeadh mórán faill againn í a choimhéad mar theilifís. Bhí sean teilifís bheag agam agus bhí na páistí ábalta na DVDanna Dora agus Peppa Pig a bhronn Santaí orthu a choimhéad. Choinnigh sin sásta iad!
An t-aon rud amháin faoi, bhí mé go hiomlán aineolach ar an nuacht le cúpla lá. Ní cheannaím nuachtáin agus bhí CDanna de chuid Susan Boyle, Christy Moore etc etc á sheinm de shíor ag mo bhean mhaith ar an raidió/steireo. D'fhág sin mé aineolach! Chuaigh muid síos chuig an phub Oíche Fhéile Stiofáin agus thosaigh daoine ag caint liom faoin ionsaí a rinneadh ar an Phápa, faoin na heaspaig a d'éirigh as, faoin tine mhór i Longfort agus cúpla scéal eile. Bhí mé caillte. Cén dochar? De réir mar atá mé ag dul in aois, tá mé ag teacht chuig an tuigbheáil nach rud olc é an t-aineolas, uaireanta is fearr i bhfad é ná an t-eolas!
Ar scor ar bith, ó m'fhuinneog, tá radharc agam ar shoilsí Thír Chonaill ó Thoraí go Port Nua. Tá Iarthar na Condae uilig ag spréacharnaíl os mo chomhair amach, agus tá mise sásta. Ag deireadh an lae, níl a dhath eile níos tábhachtaí ná sin. Oíche mhaith agus Nollaig mhaith daoibh uilig!

Tuesday, December 22, 2009

An Ghaoth Aniar-Aduaidh

Bhí mé istigh sa bhaile ag an deireadh seachtaine. Veain liom lán trioc, bia agus earraí Nollag. Chaith mé mo chuid ama ag glanadh agus ag vearnaiseáil. Tá an t-am tagtha faoi dheireadh go bhfuil muid cóir a bheith réidh le bogadh isteach sa teach úr. Beidh an turca againn ar Na Cromáin!
Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtí gur tháinig an ghaoth aniar aduaidh inné. Is í an t-aon ghaoth a chuirfidh cuid bádaí an oileáin ar thrá thirim. Shéid sí tonnaí 20 troigh síos Béal Áranna agus ar an drochuair domh féin, coinníodh an bád farrantóireachta ag an ché. B'éigean domh fanacht oíche sa bhreis, rud nach miste liom ach nach dtaitníonn go ró-mhór le húdarais na scoile.
D'éirigh liom bád a fháil ag ceathrú i ndiaidh a hocht ar maidin. Bhí an fharraige garbh i dtólamh ach sháraigh an bád na tonnaí agus tháinig muid i dtír slán sábháilte. Ansin, bhí sléibhte sneachtúil seaca Thír Chonaill le trasnú agam. Uair go leith ina dhiaidh sin, tharraing mé isteach go Leitir Ceanainn díreach in am chun scéal a fháil go raibh mo chuid ranganna curtha ar ceal agus na scoláirí scaoilte chun bealaigh de thairbhe na drochaimsire.
Sin mar atá an saol. Thig leat do bheatha a chur i lámha na ndéithe ar an fharraige mhór agus ar na sléibhte chun an rud ceart a dhéanamh ach go minic is obair in aisce í. Bím fealsúnach faoi rudaí mar sin. Dar liom féin, bhí sé sa chinniúint domh a bheith anseo inniu. Mar a thit rudaí amach, tháinig mo chol ceathrar as Londain ar cuairt gan coinne agus thug sé seans domh an siopadóireacht deireanach a dhéanamh roimh an Nollaig.
Seo grianstad an gheimhridh. Bím an-tógtha le laethanta mar seo. B'fhéidir go bhfuil rud beag den phágánach ionam ach cuireann leathanta mar seo mé ag smaoineamh ar an ghaol ghairid atá idir muid féin agus an domhan ina mairimid. Grian agus bliain úr romhainn agus seo muid ag tosacht ar shaol úr dúinn féin inár dteach úr. Am maith le bheith ag bogadh isteach, is dócha, nuair a bheas an domhan á athchruthú féin. Cá bhfios cén fás a thiocfaidh orainn idir seo agus Oíche Fhéile Eoin. Is iomaí tonn mhór is sliabh gealbhán gur féidir a shárú nuair a thuigimid nach séideann an ghaoth aniar aduaidh ach ar feadh seala ghairid!

Monday, December 7, 2009

Bah Humbug!

Scrooge atá baistithe orm ar scoil le gairid.
Tharla sé Dé Máirt seo chuaigh thart, nuair a tháinig mé amach as seomra na múinteoirí agus nuair a shiúil mé isteach i gcrann Nollag a bhí á chóiriú ag an mhúinteoir ceoil. Thóg mé raic! Ní mar gheall ar an timpiste beag a bhí agam ach as siocair go raibh sé de dhanaíocht ag duine inteacht an Nollaig a thabhairt isteach i mo shaol roimh an ochtú lá den mhí.
Bhí riail daingean agam le blianta gan aitheantas ar bith a thabhairt do fhéile lár an Gheimhridh go dtí go raibh an t-ochtú lá ann. Ní cheannóinn bronntanas, ní chuirfinn cárda, ní chuirfinn crann in airde, ní cheolfainn carúl, dhéanfainn mo sheacht ndícheall í a sheachaint mar Nollaig go dtí go mbeadh an dáta sin caite.
Ní haon drochmheas atá agam ar an fhéile. Is breá liom í, ach m'anam ó Dhia, níl ciall ar bith le tús a chur i Mí na Samhna le féile nach gcríochnóidh go dtí tús Mhí Eanáir. "Tá rud beag sparkle de dhíth orainn aimsir seo an recession", a dúirt an múinteoir ceoil liom. Ní bhfuair sí uaimse ach 'Bah Humbug".
Táthar ag magadh liom ó shin i seomra na múinteoirí. Faighim giota beaga tinsel i mbac an cholúir (focal.ie ag teip orm arís!), bíonn crónán bog 'Oíche chiúin' le cluinstin ó mhúinteoir nó dhó agus mé ag dul thar bráid, ach glacaim leis. Ná bíodh sé le rá ag aon duine gur ghéill mé ar mo chuid prionsabal riamh.
Fan go dtiocfaidh Dé Máirt. Tchífidh siad ansin, go dtiocfaidh athrú ar Ebenezer. Beidh sé ansin ina fhear a bheas lán de ghliondar agus beocht an tséasúir... ach ní oiread is bomaite amháin roimhe sin!

Friday, December 4, 2009

Chuir mé an feabhsaitheoir sa mhiasniteoir trí thimpiste!

Tháinig na staighre dár dteach úr inniu. Tá na doirsí crochta, na hurláir thíos, an chistin agus na seomraí folctha istigh agus beidh an trioc ag teacht an tseachtain seo chugainn. Nach mise atá ag súil leis an Nollaig! Bhí mí thar a bheith gnóitheach agam agus níl de dhíth orm anois ach sos agus scíste.
Bhí na páistí sa tobán tráthnóna. Is breá leo é, an triúr acu ag titim thar a chéile san uisce, ag splaiseáil agus ag scairdeadh uisce ormsa ná ar Mhamaí. Ní bhíonn aon deacracht iad a chur isteach ann, ach is gnách go mbíonn roinnt deor ann ar theacht amach dóibh.
Tá gruaig Mhargaret i ndiaidh éirí beagainín fada le tamall anuas agus bíonn deacrachtaí aici le clibíní ina gruaig. Leis an fhírinne a inse, ní bhíonn deacracht ar bith aici-sean leo, ach bíonn deacrachtaí agamsa leo, agus suím gach oíche chun iad a scuabadh amach. Thosaigh muid le gairid ag cur 'conditioner' ina gruaig agus tá sé ag oibriú amach go breá. Laghdú mór ar líon na gclibíní agus is fusa i bhfad ormsa é a cuid gruaig a scuabadh.
Tá fadhb ag mo ghirseach bhocht leis an fhocal, áfach. Ar dhóigh inteacht tá sé doiligh uirthi an fhuaim a fháil i gceart. "Con-dick-in-er" a bhí aici cúpla lá ó shin, "Con-dishwasher" a bhí aici anocht. Ní ag magadh atá mé!

Chuir sé mé ag smaoineamh ar na focail sin a bhíonn in úsáid againn. "Conditioner" agus "Dishwasher". Cé gur trí Ghaeilge atá na páistí á dtógáil againn, tá neart focal Béarla den chinéal thuas in úsáid againn. B'éigean domh 'focal.ie' a chuartú chun 'feabhsaitheoir' a fháil ar chonditioner agus bhí tuairim agam cheana féin gur 'miasniteoir' a thugtar ar dishwasher. Domhsa tá na focail sin go hiomlán mí-nadúrtha agus ní úsáidfinn riamh iad i ngnáthchaint. Seans gur falsacht teanga atá ann, ach tá fhios agam dá ndéarfainn leithéidí: "Chuir mé an feabhsaitheoir sa mhiasniteoir trí thimpiste" sa bhaile, go mbeadh daoine ag amharc orm amháil is go raibh dhá chloigeann orm.
An bhfuil gá i ndáiríre focal nua a chumadh chun freagra a thabhairt ar achan fhocal Béarla atá ann? Sílim uaireanta go mbeadh muid ní b'fhearr as glacadh le hiasachtaí ón Bhéarla, mar a bhí á dhéanamh againn le 500 bliain anuas, in áit focail a chumadh nach mbíonn comhthéacs acu i stair labhartha ná liteartha na teanga!
An teanga bheo í i ndáiríre má chaithfidh muid fanacht ar an Choiste Téarmaíochta nó ar fhoireann Fiontar chun focal a sholathár dúinn?