Thursday, August 13, 2009

Ag glinceáil liom!

Dhá fhocail atá ag déanamh bhuartha domh le tamall anuas.

Glinceáil - Bhí an asail a' glinceáil.
Nuair a chaitheann asal a cosa deiridh amach.

Lingeach -
An poll sa bhalla ar bhóitheach. Chaithfí an t-aoileach amach fríd.

Dar ndóigh níl mé cinnte faoi litriú na bhfocal sin. Mar is gnáth, níl mé ábalta teacht orthu san fhoclóir.
Chuala mé fear sa teach tábhairne aréir ag rá: "Nach breá an lingeach a bhí uirthi sin?" Ag trácht ar bhean a bhí sé, ar dhóigh dhrochmheasúil (is dócha). [Fágfaidh mé fúibh féin an meafar sin a oibriú amach daoibh féin!]

Rith sé liom go bhfuil seans ann go bhfuil ceangal idir an dá fhocal agus gurb é an focal 'ling' atá mar bhunús ag glinceáil agus ag lingeach.

Aon tuairimí?

4 comments:

  1. Meas tú ar tháinig "glinceáil" ó "clink"? An féidir go raibh an nath "clicking / clinking his heels together" taobh thiar de?

    ReplyDelete
  2. Níl anseo ach buille faoi thuairim, a Phroinsias. Ní gá go mbeadh bunús ar bith leis.
    Glinceáil < ag lingeáil (?) < ag lingeadh.
    Lingeach < liongach (?) < liongar.

    ReplyDelete
  3. Níl mé cinnte faoin 'clink'. Creidim féin gur 'ag lingeáil' [leagan canúnach] atá i gceist le 'glinceáil', cé nach dtig liom a bheith cinnte. D'fhéadfadh meascán den dá fhocal a bheith ann. Tá réamhshampla ann:
    Tugtar "Teac' Hapel" ar an séipéal in Árainn Mhór. Meascán den fhocal 'chapel' agus 'teach an phobail' atá i gceist is dócha.
    Suimiúl an ceangal a dhéanann tú le 'liongar', luífeadh sin le ciall agus bóitheach i gceist.

    ReplyDelete
  4. 'Princeam' agus 'pramsáil' an dá fhocal a rith le mo chainteoir dúchais i gConamara...

    ReplyDelete