Tuesday, August 18, 2009

Na Focail Deireanacha

Leathuair a chloig ó shin a tháinig deireadh leis an aistear. Bhí mé ag obair le cúpla mí anuas ar úrscéal do pháistí agus scríobh mé na focail deireanacha cúpla bomaite ó shin.
Is aisteach an mothúchán é. Faoiseamh, go bhfuil sé críochnaithe, ach brón beag fosta, go bhfuil orm carachtair agus scéalta a fhágáil ar leataobh. Bhí amanna ann le 4 mhí anuas go raibh mé ag tarraingt na gruaige amach as mo chloigeann, bhí amanna eile ann go raibh mé ag gáire os ard faoi a raibh ar siúl ag na páistí dalba sa scéal.
Dar ndóigh tá go leor oibre le déanamh go fóill. Eagarthóireacht, léaráidí, clúdach etc a ghlacfaidh tamall maith eile, agus is iontach an chloch mhíle seo a bheith bainte amach agus an scéal ar phár. Codlóidh mé anocht. Ach b'fhéidir, b'fhéidir go mbeidh dram beag bídeach agam sula dtarraingím na blaincéidí tharam. Ní domh féin, an dtuigeann sibh, ach chun slán agus sláinte mhaith a ghuí ar na carachtair a bhí ag roinnt m'aigne liom le breis is ráithe!

4 comments:

  1. Go maire tú na focail chéanna, agus na focail uilig a tháinig rompu! :-)

    ReplyDelete
  2. Aiméain. Súil agam go bfuil cúpla cóip den gcomhad agat freisin, mar a bhí ar intinn agat!

    Bail ó dhia ar an gcuid eile den obair. Cen aois ghrúpa atá i gceist? Beidh súil in airde agam don leabhar.

    ReplyDelete
  3. Tá sé sábháilte i gcúpla áit agam! Go raibh maith agat.
    Maidir le haoisghrúpa. Déarfainn féin, 10-13 bliana d'aois, ach ní thig leat a bheith cinnte nuair a thagann sé chuig ábhar atá scríofa i nGaeilge. Seans gur 12-15 an aoisghrúpa Gaeilge a bheadh ann.
    Níl a fhios agam bhfuil mórán taighde déanta ar aoiseanna léitheoireachta na Gaeilge nó an bhfuil muid ag brath ar mhúnlaí agus nósanna an Bhéarla?
    Ar scor ar bith, na luath-déaga, creidim!

    ReplyDelete
  4. Comhghairdeas, a chara! Sos beag anois sula mbeidh ort díriú ar na déagóirí eile...:-)

    ReplyDelete