Tuesday, August 4, 2009

Páistí ar iarraidh

Oíche fhada arís aréir. Chuaigh gasúr óg ar iarraidh ar an oileán aréir. Sin an dara huair le seachtain ar tharla a leithéid. 
Chruinnigh pobal an oileáin uilig le chéile chun cuidiú leis an chuardach. Aghaidh gach duine chomh buartha imníoch is dá mba é a bpáiste féin a bhí ar iarraidh. Bhí na gardaí istigh, an bád tarrthála, an heileacaptar agus bádaí an oieáin ag cuartú na gcladach. Buíochas mór le Dia go bhfuarthas é slán sábháilte go gairid i ndiaidh meánoíche.
Gasúr as baile isteach a bhí ann an tseachtain seo chuaigh thart, gasúr de bhunadh na háite a bhí ann aréir. Cuireadh an cuardach céanna ar fáil don bheirt. Ba mhór an faoiseamh don phobal an bheirt acu a bheith faighte arís go sábháilte.
Bhí mise ar an chuardach an tseachtain seo chuaigh thart. Is cuimhin liom cé chomh buartha is a d'éirigh mé de réir mar a chuaigh an t-am ar aghaidh. Tá gach bomaite chomh tábhachtach sin, agus de réir mar a shleamhnaíonn an t-am thart, méadaítear ar do chuid imní. Mhothaigh mé mar an gcéanna aréir, ach bhí sé níos measa mar bhí sé go hiomlán dorcha, gan le feiceáil ach na soilsí ar na bádaí, óna tóirsí agus ón heileacaptar. Bhí sé fuar fosta. 
Thosaigh daoine ar an phaidrín a rá in aice na trá. Thuig mé cén fáth, ach bhí sé doiligh orm éisteacht leis. Tá an paidrín ceangáilte ró-mhór i m'intinn leis an bhás. Bhí an Mhaighdéan Mhuire ag éisteacht aréir, áfach, agus ligeadh osna faoisimh ollmhóir asainn uilig nuair a tháinig an scéal fríd go bhfuarthas an gasúr.
Ní thig leat gan a bheith ag smaoineamh ar do mhuintir féin ag am mar sin. Chuaigh mé féin agus cara de mo chuid a bhfuil trí pháiste aige féin suas fá choinne deoch beag ina dhiaidh, gan de chomhrá eadrainn ach mar a mhothóimis dá mba duine dár gcuid féin a bhí ann.
Tá lá geal ann anseo inniu mar atá croíthe na ndaoine!

4 comments:

  1. Tá Dia mór agus máthair maith aige!

    Bhíos ag smaoineamh ort nuair a chuala scéal na seachtaine seo chaite. Tá beirt sna déaga agam féin, agus tuigim go rí mhaith an t-imní. Deacair an bealach slán idir ró chúram agus neamh freagra a aimsiú.

    Beirt s'agamsa thall in Albain leis na gasóga. Go dtuga Dia slán abhaile iad.

    ReplyDelete
  2. recté: "neamh fhreagracht" a aimsiú.

    ReplyDelete
  3. Ní mhaolann an imní, fiú agus iad fásta! Deacair scaoileadh leo, is cuma cén aois iad.

    Buíochas le cibé Cé go bhfuil na páistí sin slán sábháilte, a Phroinsias, agus súil agam go dtiocfaidh do bheirt féin slán abhaile freisin, a Aonghuis.

    ReplyDelete
  4. Is fíor sin; ní mhaolann an imní - ach ní chóir na páistí a shríanú go hiomlán. Uaireanta caitheann tuismitheoirí a gcloigne a shá isteach i nirbheána, an áit nach maireann an imní.

    Buíochas le Dia go bhfuarthas na páistí agus iad slán sabháilte.

    ReplyDelete