Tuesday, August 18, 2009

Soilsí ar Chnoic i gCéin

Léigh mé leabhar úr Chathail Uí Shearcaigh - Light on Distant Hills - an tseachtain seo chuaigh thart.
Ní duine mé atá an-tugtha do dhírbheathaisnéisí. B'fhearr liom an ficsean i gcónaí. Níl a fhios agam an dtugann sin aon rud le fios faoi mo phearsantacht agus síce féin, ach cibé faoi sin, nílim ró-gheanúil ar na dírbheathaisnéisí. Bím i gcónaí ag smaoineamh, cad nach bhfuil inste aige/aici? Cén cruth atá sé ag cur ar an scéal chun solas níos fearr a chaitheamh air féin? Bím ró-amhrasach mar dhuine le gach a mbíonn i ndírbheathaisnéis a chreidbheáil.
Ní thuigim cén fáth go mbeadh duine ag iarraidh gach faoina shaol a chur os comhair an phobail, ar scor ar bith. Tá fhios agamsa nach ndéanfainn é ar ór na cruinne. Maolaíodh ar chuid de m'imní i dtaobh leabhair an tSearcaigh nuair a thug mé faoi deara gur 'A Memoir' a bhí mar fho-theideal ar an leabhar (Cé go bhfuil an leabhar é féin rangaithe sa ghenre 'Autobiography' ar chúl an chlúdaigh).
An bhfuil difear idir 'memoir' (cuimhní cinn ag Ó Dónaill) agus dírbheathaisnéis? Deirim seo, mar go minic i rith an leabhair déanann Cathal cur síos beacht ar dhathanna, fuaimeanna, athruithe beaga ar an aimsir, mothúcháin a bhí le chluinstin i nglór duine, bolaithe, etc etc ón am nuair nach raibh sé ach 4 nó 5 bliana d'aois - corradh caoga bliain ó shin anois, creidim. Bhí sé deacair orm a chreidbheáil go dtiocfadh le cuimhní chomh cruinn sin a bheith ag duine. Ansin, smaoinigh mé gur seans gurb é sin an difear idir an dírbheathaisnéis agus an 'memoir', go dtig leat "éadaí" a chur ar chuimhní cinn, iad a mhaisiú le mionsonraí chun cur le hinsint an scéil. Níl fhios agam. B'fhéidir go bhfuil cuimhne thar an choiteann ag Cathal i ndáiríre.
Ba é an dara rud a chuir imní orm faoin leabhar seo ná an teanga. Scríofa i mBéarla atá sé, cé go bhfuil blas láidir Conallach ar an Bhéarla ann. Tá achan rud dar scríobh an Searcach riamh léite agam. Bhí dúil mhilteannach agam riamh ina chuid filíochta agus bhain mé an-sult go deo as 'Seal i Neipeal'. Samhlaím an saibhreas cainte, an ghalántacht inste, an teanga chaolchúiseach fhínéalta leis. Bhí eagla orm go mbeadh sin in easnamh sa leabhar seo. Bhí sé an-deacair orm Cathal a shamhlú agus Béarla ina phluc aige. Níor ghá domh aon imní a bheith orm.
Seoid de leabhar atá ann. Tá an teanga ann chomh healaíonta, milis is a mbeifeá ag dreim leis uaidh i nGaeilge. Tá an insint tarraingteach agus réalaíoch. Tá sé greannmhar agus ceanúil, lán mothúchán agus fiosrachta. Tarraingíonn sé isteach ina dhomhan beag féin thú agus is pleisiúr é cúpla uair a chaitheamh ina chuideachta ag airneáil. Is iontach fosta radharc a fháil ar na forsaí agus béithe óna óige a sheol i dteo na filíochta é - cé go ndéarfá, i ndiaidh duit an leabhar a chríochnú, nach raibh mórán rogha ag Cathal ach a bheith ina fhile. Bhí sé i ndáil is i ndúchas dó.
Leabhar galánta atá ann gur chóir d'achan duine a léamh, agus sin moladh ó dhuine a bhfuil fuath na namhad aige do na diabhal dírbheathaisnéisí sin!

3 comments:

  1. Tuigim céard atá i gceist agat agus tú amhrasach faoi dhírbheathaisnéisí, ach is iomaí ceann a chuidíonn le daoine, mar shampla cinn a phléann ábhar an tsaoil a choinnítí faoi cheilt go minic, agus osclaíonn an dírbheathaisnéis doirse a bheadh dúnta go brách, b'fhéidir, murach na focail a roinntear.

    An fhadhb atá leo, áfach, ní chloistear ach taobh amháin den scéal, b'fhéidir.

    ReplyDelete
  2. Seans go bhfuil an ceart agat. Braitheann sé ar an duine, is dócha. Tá fhios agam go mbíonn siad ar liostaí na mór-díolachán i gcónaí agus is cosúil, mar sin, go bhfuil mé sa mhionlach.
    Mise, níor thaitin an genre liom riamh!

    ReplyDelete
  3. Is leatsa atáim, a Ph. Ní raibh mé riamh in ann beathaisnéis ná dírbheathaisnéis a chríochnú.

    Maidir le filíocht Uí Shearcaigh, téigh go:

    http://www.curach-bhan.com/bbzk1.php?PHPSESSID=e60b69bea243fe200ded88046b0ffa91

    agus ansin síos go "ERICH POPPE --
    Der erotische Blick auf Cú Chulainns Körper"

    Tá an coimriú i mBéarla.

    ReplyDelete