Tuesday, August 18, 2009

Tá Dan ag dul Doolally!

Ó thosaigh na páistí ag dul chuig na céilithe i rith an tsamhraidh, thosaigh Margaret ag cur suim sa damhsa. Achan lá déanann sí ardán beag di féin i lár an tseomra suí chun taispeántas a chur ar siúl.
Tá sé de nós, ag na céilithe anseo, na céimeanna a scairteadh amach agus an damhsa á dhéanamh. Tá Margaret ar mire amach ag foghlaim damhsaí beaga simplí a chum sí féin.
"Isteach dó, trí, Amach dó, trí,
Isteach dó, trí, Amach dó, trí.
Luascadh."
Tá sé deas a bheith á coimhéad agus baineann sí an-sult as an lucht féachána. Bhí sí ag iarraidh an damhsa a theagasc do Dan le cúpla lá anuas. Anois, cibé rud a dhéanfaidh Dan sa tsaol seo amach romhainn, ní shílim go bhfuil an bailé i ndán dó. Dálta a athair, tá dhá chos chlé aige.
Ní chuireann sin stad leis, áfach, agus baineann sé triail as le Margaret. Ní bhíonn ann i ndáiríre ach léimnigh suas agus síos ansin titim ar a thóin ag gáire. Margaret ar an lámh eile, déanann sise iarracht na céimeanna a fháil i gceart.
Bhí Dan ag léimnigh thart ar mire tráthnóna: "Daidí, Amharc orm damhsa!" agus ag baint an-sult as, ach go hiomlán neamhaireach ar threoracha Mhargaret. Bhris ar fhoighne Mhargaret faoi dheireadh. "Daidí! Tá Dan a' dhul Doolally!"
Bhris a raibh sa tseomra amach ag gáire.
Ní dhéarfainn gur focal milteannach coitianta thart fán cheantar seo é 'Doolally' ach caithfidh sé gur chuala sí é ó dhuine éigin nó ón teilifís. Na Scotties, a tháinig chun cuimhne, bhí siad thart le cúpla seachtain agus iad isteach is amach ón teach.
Chuaigh mé ar líne chun an focal a fhiosrú. De réir Foclóir Oxford tháinig an focal ó bhéarlagair Arm na hIndia. Is dócha mar sin gur fríd Arm na Breataine a tháinig an focal chugainne.
An cheist atá agam nó: an bhfuil an focal sin in úsáid go coitianta fríd an tír seo? Níl fhios agam an trí thionchar na hAlban ar an taobh seo tíre a shleamnaigh sé isteach i gcaint Mhargaret, nó an bhfuil sé leitheadach?

2 comments:

  1. Tá an scéal iomlán faoi 'doolally' le léamh ag http://www.worldwidewords.org/qa/qa-doo1.htm don té le suim acu ina leithéid…na 'philologists' mar a thugann Aonghus orainn…-)

    Chuala mé an focal 'doolally' go minic agus mé ag fás aníos, agus bhainfinn féin úsáid as fós, creidim, dá mbeadh gá leis.

    Ach an oiread le gach uile fhocail atá ‘dúchasach’ sa chaint agam anois, bíonn sé ann i ngan fhios dom go minic, go dtí go luaitear é, mar a rinne tusa anseo, a Phroinsias.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat as an suíomh sin a chur ar m'eolas, a Aine - an suimiúil.

    ReplyDelete