Wednesday, August 5, 2009

Tóraíocht Focal

Is minic mé ag toraíocht focal. Cloisim focal sa bhaile, de ghnáth, agus ní bhím sásta go dtí go n-aimsím údarás inteacht don fhocal i bhfoclóir, ó shaineolaí nó ó fhoinse iontaofa eile. Tá stór focal agam a chuala mé anseo in Arainn, ach ní raibh mé ábalta aon údarás a fháil dóibh in aon áit.
Cuirfidh mé cúpla ceann anseo, b'fhéidir go bhfuil saineolaí nó dhó a bheadh in ann cuidiú liom.

Drochint - in úsáid mar ainmfhocal agus mar aidiacht.
Tá an drochint ann... duine a mbeadh diabhlaíocht nó drochghníomh ina chroí aige.
Sin madadh drochint... sin madadh crosta.
Shíl mé féin, b'fhéidir go raibh ceangal idir é agus 'drochintinn' / 'drochintinneach'.

Toineog / Tóineog - ainmfhocal.
An clár adhmaid a chuirfeá ar bharr tobair chun an t-uisce ann a choinneáil glan.

Follán Sáithe - Follán Sáith, a deirtear. Ainmfhocal.
An gáire a thig ar bhéal páiste óg nach fíorgháire é ach cruth an gháire a thig de bharr gaoithe.

Má tá aon duine amuigh ansin atá ábalta cuidiú liom, bheinn an-bhuíoch.

14 comments:

  1. Tá an focal "tonóg" ann, mar atá a fhios agat: "bean bheag íseal ramhar a mbéadh cuid mhaith daoithe i n-aice an talaimh". Ach is deacair an cruth sin a shamhailt le clár tobair!

    ReplyDelete
  2. Nach leor d'údarás iad i bheith i mbéal daoine Gaeltachta?

    An bhfuil leithéidí "An Béal Beo" ann do Uladh?

    Tá a lán le déanamh fós sula mbeidh foclóir chuimsitheach ann.

    ReplyDelete
  3. Bhí an focal sin 'tonóg' feicithe agam cheana ceart go leor, aontaím leat, is mór an léim ón bhean bheag íseal go clár tobair. Tá an focal 'caol' i mbéal na ndaoine fosta.
    Maidir le húdarás chaint na Gaeltachta. Tá sin ceart go leor go pointe, ach tá éagsúlachtaí móra i leaganacha focal, fiú taobh istigh de cheantar amháin. Mar shampla, ar an taobh thoir den oileán anseo deirtear 'Máthair'. 'Mátháin' a deirtear ar an taobh thiar. Is iomaí focal eile "happenáil", "playáil", "finisháilte" atá an-choitianta go deo i measc mhuintir na Gaeltachta, ach níl mé cinnte an mbeadh glacadh leis na focail sin?
    Is breá liom caint nadúrtha na Gaeltachta a úsáid nuair a bhím ag scríobh, ach sílim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh údarás éigin ag an fhocal.

    ReplyDelete
  4. Tagaim leat go pointe.

    Braitheann sé ar an réimse cainte.

    Is "caint" ar bhealach atá ar bun againn anseo, agus ní bheadh drogall agam glacadh le leagan ar bith atá sa chaint beo, fiú an méid atá críolú déanta air. (Cé go seachnóinn féin iad - in aon teanga)

    Rud eile scríobh foirmiúil.

    Tá bearna san Ghaeilge - níl aon fhoinse cuimsitheach, údarásach ann. Tá Foclóir an Dálaigh go maith, ach bheadh a thrí oiread ar a laghad i bhFolcóir chuimsitheach!

    ReplyDelete
  5. A Phroinias,

    Is mór an trua nach bhfuil mórán scríofa go hacadúil ó thaobh Árainn Mhór de.

    Bhí mé ag caint le cailín de bhunadh an oileáin bliain ó shin ag impí uirthi chun taighde a dhéanamh ar an chanúint.

    An dtiocfadh leat na focail siúd a thaifeadadh dom, agus focal ar bith eile ab mhaith leat mé a fhiosrú agus iad a chur chugam mar mp3. Déanfaidh mé iad a fhiosrú chomh fada agus is féidir liom.

    Tá foclóir canúna scríofa agam cheanna agus tá mé ag rá leat, cha rabh focal 'patios' ann. Tá tuiscint le fáil orthu.

    Scríobh chugam - gaelgannaire - ag - hotmail.co.uk

    ReplyDelete
  6. Dála an scéil, an bhfuil an liosta seo feicthe agat?
    http://homepage.eircom.net/~gfg/index.htm

    Ar an ndrochuair, ní bhfuair mé d'fhocla annn.

    ReplyDelete
  7. GRMA as _An Béal Beo_ a lua, a Aonghuis. Caithfidh mé cóip de a fháil.

    Lean ort ag cnuasach, a Phroinsiais!

    ReplyDelete
  8. Bhí an leathanach sin feicithe agam a Aonghuis, agus cuardaithe go minic agam agus mé ar thóir focail.
    Maidir le staidéar acadúil a dhéanamh ar chanúint an oileáin, is minic a smaoinigh mé gur mhaith liom tabhairt faoi obair den chinéal. Ar an drochuair domh féin, ní saineolaí teangeolaíochta mé agus níl fhios agam cén cinéal jab a dhéanfainn de.
    Déanfaidh mé iarracht an tseachtain seo chugainn roinnt focal a chur ar téip agus iad a chur chugat a Ghaelgannaire!

    ReplyDelete
  9. Chuir mé ceist ar chainteoir dúchais maidir leis an bhfocal sin ‘drochint’, agus shíl sí gur ‘drochfhuint’ a dúirt mé, focal a thuigfeadh sí dá mbeadh duine á úsáid maidir le ‘arán a fhuineadh’, seachas le daoine ná le madraí, mar shampla. Cé nár chuala sí an focal ‘drochfhuint’ in úsáid riamh, luaim anseo é mar fhéidearthacht sa chás seo.

    Tá ‘fear fuinte’ in FGB, leathanach 592, ‘well-knit man’, agus an fear nach bhfuil ‘fuineadh ná fáscadh air’, deirtear ann ‘he can hardly hold himself together’. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé gur ‘drochintinneach’ atá i gceist freisin.

    Maidir le ‘toineog’, ‘clár’ a chuala sí riamh do chlár tobair. Ar leathanach 1254 do FGB, tá ‘ar tonn talún’ ann do ‘on the face of the earth’, agus tá ‘ag tonnadh aníos as an talamh’ ann do ‘welling up out of the ground’. An bhféadfadh sé go bhfuil bunús an fhocail ‘toineog’ áit éigin ansin?

    Níor chuala sí leagan ar bith do ‘follán sáithe’ sa chaint anseo i gConamara, ach ní hé sin le rá nach bhfuil leagan ann, áit éigin.

    ReplyDelete
  10. Tá droch-chainnte ag Dinneen - 'cross' is ciall leis, bhain an sampla le tarbh.

    Bheinn 100% gurb é sin an bunús le 'drochint'

    i.e. Droch-chainnte > Drochainnt'

    ReplyDelete
  11. Tá sin an suimiúil, agus déarfainn go bhfuil an ceart agat. Tá nós ag muintir Áranna guta deireanach focail a fhágáil ar lár - 'uisc' a rá in áit 'uisce', 'bat' a rá in áit 'bata'. Luífeadh sé le ciall mar sin go bhfágfadh siad an "e" deireanach i 'droch-chainnte' ar lár, agus "droch-chainnt"/"drochinnt" a bheith le cloisteáil sa chaint.
    Go raibh míle maith agat!

    ReplyDelete
  12. Sin an chineál eolas nach bhfuil ar fáil dúinn a Phroinsias.

    Tá an nós ceanna sin in Ros Goill ach tá eolas ar fáil ar an chanúint sin mar gheall ar Leslie Lúcás, nach maireann.

    Seans gurbh fhéidir linn 'liosta focail as Árainn Mhór' a chur le chéile (de réir a chéile!)?

    ReplyDelete
  13. Táim anseo chun fianaise a thabhairt faoin méid a rinne an Dr James dom. Tá mé ag fulaingt ó ghalar (GENITAL HERPES VIRUS) le 4 bliana anuas agus bhí pian agus itching leanúnach agam, go háirithe i mo chuid phríobháideach. Le linn na chéad bhliana, bhí creideamh agam i nDia go leigheasfaí mé lá éigin. Thosaigh an galar seo ag scaipeadh timpeall mo choirp agus bhain mé úsáid as ola Oregano, ola cnó cócó, Acyclovir, Valacyclovir, Famciclovir, agus roinnt táirgí eile agus chabhraigh sé go mór le linn mo ráigeanna ach leigheas mé go hiomlán! ó mo HSV le leigheas luibhe láidir agus gníomhach a ordaíodh ó mheascán luibhe an Dr James agus throid sé an víreas go hiomlán ó mo néarchóras agus rinneadh tástáil dhiúltach orm tar éis 15 lá as leigheas luibhe an Dr James a úsáid. Táim anseo chun a chur in iúl duit go bhfuil leigheas iomlán ar an víreas herpes, fuair mé réidh le mianach le cabhair ó leigheas luibhe an Dr James. Tháinig mé ar fhianaise de Kasha, ar an idirlíon ag déanamh fianaise faoin Dr James, ar an gcaoi ar leigheas sé é ó 7 mbliana HSV 2. Agus thug sé seoladh ríomhphoist an fhir seo freisin ... [drjamesherbalmix@gmail.com] ... , ag tabhairt comhairle d’aon duine teagmháil a dhéanamh leis chun cabhair a fháil maidir le galair de chineál ar bith a mbeadh sé ina chabhair dóibh, agus mar sin chuir mé ríomhphost chuige ag insint dó faoi mo chuid (HSV 2) a dúirt sé liom gan a bheith buartha go mbeidh mé ag leigheas! Bhuel, ní raibh amhras orm riamh air. Tá creideamh agam gur féidir leis mise a leigheas freisin, d’ullmhaigh agus chuir an Dr James a chógas luibhe chugam as fréamhacha agus luibheanna a ghlac mé. Sa chéad seachtain amháin, thosaigh mé ag fulaingt athruithe ar fud orm, tar éis 15 lá d’ól mé a leigheas luibhe, leigheasadh mé go hiomlán. gan itching níos mó, pian orm níos mó mar a dhearbhaigh an Dr James dom. Tar éis roinnt ama chuaigh mé chuig mo dhochtúir chun tástáil eile a dhéanamh. tháinig an toradh diúltach. Mar sin, a chairde, is é mo chomhairle má tá an galar sin ort nó má tá aithne agat ar aon duine atá ag fulaingt uaidh nó aon ghalar eile cosúil leis na Scealla, HPV, HBV, VEID / SEIF, ALS, HBP, CANCER, VEID / SEIF NEPHROTIC SYNDROME, ailse herpes, Ailse Ovarian, Ailsí pancreatacha, ailse lamhnán, ailse lamhnán, ailse próstatach, Glaucoma., Cataracts, Díghiniúint macúlach, Galar cardashoithíoch, Uathachas, Galar scamhóg. Próstatach méadaithe, Oistéapóróis. Galar Alzheimer, psoriasis, Galair Tach, Lupus, Backache, néaltrú ailse ailse scamhóg, ailse craicinn, ailse craicinn agus ailse craicinn.testicular Cancer ,, LEUKEMIA, VIRUSES, HEPATITIS, INFERTILITY WOMEN. , srl. is féidir leat teagmháil a dhéanamh go díreach leis an Dr James ar a .... [drjamesherbalmix@gamil.com] ... Is fear maith é, agus cuideoidh sé leat.

    ReplyDelete