Tá na páistí ag baint sult mór as aistriúchán de 'Frere Jacques' a d'aimsigh muid ar na mallaibh.
Daidí falsa, Daidí falsa,
ina luí, ina luí,
tá sé in am don bhricfeast', tá sé in am don bhricfeast'
bí 'do shuí, bí do shuí.
Dar ndóigh cuireann siad a gcuid ainmneacha féin agus ainmneacha gach duine eile sa chlann isteach sa rann chun véarsaí nua a chumadh.
Ceann eile a bhfuil dúil mhór acu ann, an cúrfa an amhráin "Mo mhadadh beag":
Ach, ach mo mhadadh beag
ach, ach mo mhadadh beag
tá piacháin i mo sceadamán
ag scairtigh ar mo mhadadh bheag.
Dar ndóigh, mar is dual dóibh, athraíonn siad na focail go minic agus cuirtear gach ball den chorp isteach in áit 'sceadamán'. (Rud beag cinsireacht de dhíth ansin, mar a fuair muid amach agus Dan istigh in Tescos ag insint do gach duine go raibh piachán ina bhoidín!!)
Ceann beag simplí eile a tháinig muid trasna air ná:
Damhán Alla, Damhán Alla
Ar an bhalla, ar an bhalla
Tháinig éan, tháínig éan
Ó mo léan, ó mo léan!
Go deas. Ní raibh na leaganacha sin agam cheana.
ReplyDeleteMeas tú ar thuig mórán daoine in Tescos céard a bhí á rá ag Dan, a Phroinsias!
ReplyDeleteRainn dheasa, go raibh maith agat.
Feicfidh mé tú Dé hAoine.
Chuirfeadh sé iontas ort an méid daoine le Gaeilge a dhéanann a gcuid siopadóireachta i dTescos!
ReplyDelete