Friday, October 23, 2009

Leabhar Úr

Tháinig cúpla cóip den leabhar is déanaí atá scríofa agam sa phost inniu. Bhí mé ag cóiriú Margaret ag an am. Bhí cóisir Shamhna sa naíonra ar maidin agus bhí rogha le déanamh aici idir culaith aingil agus culaith cait.Tá sé ráite go bhfuil sé deacair mná a shásamh nuair a thig sé chuig éadaí. Thig liom a dheimhniú go mbím go hiomlán aineolach nuair a thig sé chuig éadaí ban. Ní thuigim an crá croí a bhaineann leis an chulaith cheart a aimsiú don ócáid cheart agus an dóigh a chuireann sé isteach ar mhná. Is fiú a lua ag an phointe seo, go bhfuil mise ar dhuine de na daoine is
aineolaí i dtaobh chúrsaí faisin atá ann. Nuair a pósadh muid, chaith Suzanne cúpla seachtain ag seoladh mo chuid éadaí chuig Cumann Naomh Uinseann de Pól agus ag ceannach éadaí úra domh. Shílfeá go mbeadh ciall níos fearr aici, mar sin, ach tháinig sí chugam tráthnóna agus culaith úr a chaitheamh aici ag fiafraí mo thuairime. ÁÁÁ! B'fhearr liom codladh i leaba ghráinneog! Dúirt mé go raibh sí galánta, mar a deirim i gcónaí, ag súil leis go sásódh sin í. Níor chreid sí mé. D'imigh sí léi suas an staighre ag cuartú culaith eile.



Tá sí amuigh lena cairde anocht, agus bíodh geall nach dtabharfaí faoi deara a bheag nó a mhór cén chulaith atá uirthi. Is cosúil gur lean Margaret a máthair, mar ba mhór an obair dúinn ar
maidin rogha a dhéanamh idir an cat agus an aingeal. Sa deireadh shocraigh muid ar chulaith an chait a chaitheamh. D'fhág an cur agus cúiteamh mé ag rith mall don obair agus ní raibh am agam scúdú mar is ceart a dhéanamh ar an leabhar.


Bhí sé ar m'intinn i rith an lae. Ar go leor bealaí, tá leabhar úr cosúil le leanbh úr. Caitheann tú an oiread sin ama ag ullmhú agus ag réiteach, ag cóiriú agus ag deisiú, ag muirniú agus ag iarraidh an fhoirfeacht a bhaint amach dó. Ansin, nuair a thig an lá go bhfuil sé le scaoileadh, tig imní ort. Scrúdaíonn tú é ó bhun go barr, eagla ort go bhfuil smál de chinéal inteacht nach raibh feicithe agat ann.
Cinnte le Dia, fuair mé typo nó dhó, cúpla 'síneadh fada' ar iarraidh, rud nó dhó a chuaigh ar strae sa phróiséas eagarthóireachta. Deir Suzanne liom ciall a bheith agam, nach dtabharfaidh aon duine eile na smáil bheaga seo faoi deara. B'fhéidir go bhfuil an ceart aici. Fós féin, ba mhaith leat do pháistí a bheith gan smál ar bith!
Ar scor ar bith, má bhíonn aon duine agaibh thart fá Óstán an Mount Errigal anseo i Leitir Ceanainn ar an Aoine beag seo, beidh fáilte romhat buaileadh isteach chun cuidiú liom an muirnín beag seo a sheoladh amach sa tsaol mhór ghránna.


An Leabhar Úr

5 comments:

  1. Ní thuigim na focail ar lorg "Mallacht" sa teideal. An mbeifeá sásta míniú gairid a thabhairt dúinn? Go maire tú do "pháiste" nua!

    ReplyDelete
  2. Comhghairdeachas, a Phroinsias. Bí cinnte go bhfuil sé i lár an aonaigh an tseachtain seo i Leitir Ceanainn. Cuma bhreá air.

    ReplyDelete
  3. A Phroinsias, ní féidir liom bheith ann ach tá súil agam go mbeidh seoladh maith agaibh.Éacht mór é do leabhair féin a sheoladh.

    ReplyDelete
  4. 'agus bíodh geall nach dtabharfaí faoi deara a bheag nó a mhór cén chulaith atá uirthi'

    agus

    'Deir Suzanne liom ciall a bheith agam, nach dtabharfaidh aon duine eile na smáil bheaga seo faoi deara'

    - bí cinnte de seo, a Phroinsias, tabharfaidh siad, muise!

    Le cuidiú Cé, casfar ar a chéile sinn, faoi dheireadh, ag an seoladh. Sin mo mhian, cibé scéal é! Ádh mór leis an bpáiste is déanaí uait...:-)

    ReplyDelete
  5. Na Mic Ó gCorra, atá i gceist a Denis. Tadhg, Brian agus Úna Ó gCorra, ba phagánaigh iad a bhí (de réir an bhéaloidis) ina gcónaí ar Oileán Thoraí. Tháinig Naomh Cholm Cille chun an Chríostaíocht a theagasc daofa, agus chun scéal fada a dhéanamh gairid, chuir Colm Cille iad faoi gheasa agus rinne sé clocha díofa, atá go fóill ina seasamh san fharraige leathbhealaigh idir Thoraí agus Árainn Mhór.
    Bhain mé úsáid as na carachtair ach d'athraigh mé an scéal béaloidis go mór.

    Seans go bhfuil an ceart agat, a Áine. Beidh sé deas bualadh leat ar an Aoine, má bhíonn tú thart!

    ReplyDelete