Friday, October 2, 2009

Pionós an Bháis de dhíth arís!

Mothaím agus mé ag dul in aois go bhfuil mé ag bogadh níos mó agus ní mó i dtreo na heite deise. Bhí an t-am ann nuair nach bhféadfainn ar dhóigh ar bith mé féin a shamhlú ag aontú le pionós an bháis.
Agus mé ag amharc ar na focail sin atá díreach scríofa agam, tá na céadta glór ag screadaíl orm i mo chloigeann. Na hargóintí ina éadan a d'úsáid mé fríd na blianta, an tógáil a fuair mé, an creideamh atá agam, na fealsúnachtaí a léigh agus a phléigh mé agus mé ag teacht in aibíochta - iad uilig ag impí orm mo smaointe a choinneáil agam féin.
Chreid mé riamh, agus féadaim a rá go gcreidim go fóill, go bhfuil beatha an duine sácráilte ón ghiniúint go dtí an bás. Bheinn chomh diongbháilte sa chreideamh seo, go leathnóinn cearta na beatha amach d'achan chinéal ainmhí eile fosta. Tá fhios ag Margaret agus Dan nach gcuireann siad isteach ar aon neach beo a choíche - cúpla íde béil faighte acu cheana féin i ndiaidh dóibh seasamh ar shlugaí nó ciarógaí.
An bhfuil amanna ann, áfach, nuair a fhorghéileann daoine ceart na beatha? An bhfuil daoine ann nár chóir a bheith beo, nach bhfuil cosaint na sochaí, an dlí nó na moráltachta tuillte acu. Léimeann Vanessa George chun cuimhne inniu. An fiú i ndáiríre £100,000 sa bhliain a chaitheamh á coinneáil i bpriosún. Níl a téarma priosúntachta socraithe go fóill ach thug an breitheamh le fios go mbeadh sé fada. Fiú muna mbeidh ann ach téarma 10 mbliana, caithfear isteach is amach ar £1,000,000 chun í a choinneáil.
Chuala mé gobharnóir Mhountjoy - éalaíonn a ainm uaim anois - ag caint tráth faoin saol a chaitear sa phriosún agus faoin dóigh 'daonna' a chaitear leis an priosúnaigh. An easpa saoirse: is é sin an pionós, dar leis. A fhad is atá na priosúnaithe i ngéibhinn, déantar iarracht oideachas a chur orthu, tugtar seansanna dóibh forbairt mar dhaoine agus bítear ag súil baill fhreagracha den phobal a dhéanamh díobh. D'aontaigh mé leis ag an am, aontaím go fóill. Is í an cheist atá agam, nó an fiú an iarracht sin a dhéanamh i gcás George agus péidifiligh neamh-leithscéalacha eile mar í.
Fós féin, tá drogall orm géilleadh ar an bhun-phrionsabal sin atá agam, nach bhfuil ceart ag aon duine, stát nó dlí deireadh a chur le saol duine... ach... ní bheadh aon fhadhb agam iad a chur i seomra glasáilte gan bia nó deoch ar feadh seachtain nó dhó, gunna le hurchar a fhágáil rompu ar thabla agus ligint dóibh gar mór a dhéanamh dúinn uilig!

4 comments:

  1. Tá pionós an bháis againn abhus anseo i mo stát féin agus i bhformhór na stát. Creidim féin go bhfuil daoine ann a chuirtear chun báis agus tá an saol mór níos fearr gan iad ann. They need killing. Ach tá cásanna ann, is léir anois, de dhaoine neamhchiontacha a cuireadh chun báis freisin. Is féidir go mbeadh sé níos fearr gan an pionós sin a chur i bhfeidhm ar chor ar bith, ar eagla na heagla.

    ReplyDelete
  2. Tuigim d'fhearg. Ach:
    Tá deireadh le haon deis forbartha nuair a chuireann tú duine chun báis.

    Tá trí sprioc ag pionóis dlí:
    1) Cosaint an phobail
    2) Daoine eile a stopadh ón gcoir chéanna a dhéanamh
    3) Leasú ar an duine ciontach.

    Comhlíonann pionós an bháis (1), ach ní dóigh liom go bhfuil éifeacht ar bith aige ar (2) agus ní chuidíonn sé le (3).

    Agus tá an baol ann i gcónaí go mbeadh iomrall ceart ann.

    ReplyDelete
  3. Tá frustrachas igcónaí leis an chóras priosúnachta toisc comh mhí-éifeachtaí atá se chun cimí a athshlanú mar aon leis an ollchostas. Ach pionós an bháis, ní doigh liom é.

    ReplyDelete
  4. Aontaím le bhur gcuid argóintí. Rinne mé iad fada go leor, mé féin.
    Sin ráite, ní thuigim, cén fáth go gcaithfidh mise, fríd mo chuid cánach íoc ar son daoine mar sin a choinneáil.

    ReplyDelete